Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Cnuic agus Sléibhte

Title
Conamara. Cnuic agus Sléibhte
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Cnuic agus Sléibhte.



“Is mór an tír shliabh í seo,” ar tusa.
D'fheudfá do rádh. Atáid annseo ar mhullach
a chéile, sléibhte indiaidh sléibhte. Acht fan
ort go mbuailimid siar Dúighche Sheoigheach
thart leis an Líonán: go mbainimid na Beanna
Beola amach! Chífear sléibhte agus gleannta
agus easa ar an turas sin do chuirfeadh
aoibhneas ar do chroidhe. Tig leat do bheith ag
strapadóireacht go ceann coighcíse orra má's
mian leat. Acht ní mór dhuit do bheith aireach nó
bfhéidir dhuit tuitim de phlimp agus mion-
sprúdáin do gheunamh as do chnámhaibh fá bhun
na n-ailltreacha. Ní dheuna sé cúis duit miabhán
do bheith i do cheann ar a mullaighibh. Cuireann sin
i gcuimhne dúinn gur ab iongantach agus gur
ab aisteach an ní an domhan seo againn-ne.
Atá uisge go fairsing ann. Atá taltaí ann —
más ceart dom taltaí do thabhairt orra, agus
ní'l le fághail orra acht an leac-oidhre róighte.
Atá taltaí ann abhfad níos teocha agus níos
fuaire ná a chéile. Atá taltaí ann agus
baintear trí bháirr ar a laghad 'sa mbliain dhíobh.
Atá aghaidh gaoithe agus cúl le grian ag áiteachaibh
seachas a chéile. Bíonn forbhais agus coillte
agus rosa i rannaibh — ní bhíonn acht gaineamh
shéidhte i gcodannaibh eile. Do gheobhfair sléibhte
agus cnuic na mílte troigh ar aoirde i gceann-
trachaibh — ní bhfuighfir acht mágha agus machairí
i limistéaraibh eile. Bíonn ailltreacha móra
doimhne ós cionn fairrge annseo. Sgeitheann an
mhuir thar bhruach annsúd. Bíonn toir agus crith-
talmhanna ar thíorthaibh thar a chéile. Bíonn díle i
reugúnaibh eile — agus ríoghachta eile gan bhraon
ar éigin; i gcruthamhnas dhuit go mbíonn an
saoghal i gcomhnuidhe 'gomhnuidhe ag obair, ag
casadh is ag síor-chasadh ag meilt is ag sír-
mheilt; go mbíonn sé ag cur thar maol is ag
súghadh is ag slugadh go mbíonn sé ag borradh
is ag lobhadh; go mbíonn ríoghachta úra ag meudu.
is seanríoghta ag meathadh is ag dul i léig.
Nach iongantach agus nach aisteach é? Nach ann
dó bhí an brúchtaighil tráth chaith an domhan na
cnuic úd ós comhair amach as a bhruinn?
Nach ann do bhí an dóghadh? Nach ann do bhí an
torann is an gleo? Nach ann do bhí an reubadh
agus an sgoilteadh? Acht mo chuimhne cá fhaid
de ó shoin ó do bhí an ropadh is an ragarnaighil
sin ann? Cé innseóchas seanchus na breithe
sin dúinn? Cé arbh iad na cinidheacha do tháinig
ar an saoghal ó shoin? Céard do chuireadar
d'á lámhaibh. Sin chugat obair, a Cháimín, má'
atá obair ag tasdáil uait. Ná h-abruigheadh
duine ar bith go bhfuil ceal oibre air agus an
méid sin le saothrú go fóill?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services