Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gnó do Mhnáibh. Gárnóireacht
Title
Gnó do Mhnáibh. Gárnóireacht
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gnó do Mhnáibh. Gárnóireacht. Tá na fiadhaile óga dá dtaisbeáint féin anois sa gharraighe. Caithfear iad do phiocadh agus a chur i mball éigint as an tslighe. Oireann an corruidhe soin go háluinn don talamh mar dá leogtaí taos do theacht ar an gcré níorbh fhearrde na bláthanna é. An cith beag fearthainne a thuiteann idir dá linn is mór an áis í chun na bláthanna óga do scoilt. N'íl aon nidh is túisce a chuirfidh cosc le fás ná an talamh do bheith róthirim. Agus cuireann soin i gcuimhne dom leis gur annamh riamh a réidhtigheann an ghrian agus an fhearthainn le n-a chéile. Dá thoisc sin, ní ceart i n-aon chor aon uiscidheacht do leogaint le bláthannaibh an fhaid a bhíonn an teas rómhór ó'n ngrian. I ndéadhnaighe an tráthnóna an uair is oireamh- naighe chun an uisce do scaipeadh ortha agus do b'ionngnadh le duine a fheabhas a bhíd siad maidin lá ar n-a mháireach. Tá eagla orm ná déanfar aon saothrú ró mhór ar bhláthannaibh i mbliadhna. Is mór an nidh dhúinn caitheamh agus fagháil do bheith againn anois, agus an aimsir atá istigh againn, gan bacaint leis an súbhalcas a gheibhtear i mbun na mbláthanna. Déanfaidh na bláthanna fiadhaine an folmhas a líonadh dhúinn i mbliadhna agus tá roinnt mhaith dhíobh soin cheana againn. Chím an caisearbhán agus an slánlus agus an neóinín go flúirseach ins gach aon áit. Is iongnadh liom a luighead aithne a chuirimíd ortha soin agus an talamh dá dtabhairt aníos uaidh gan chabhair gan chomairce uainn. Beidh an bainne bó bleacht go maith leis, is dóigh liom, acht ná fuil puinn fé fós. Dá shuaraigh a bhfuil curtha agam de bhláthannaibh níl ainm Gaedhilge agam ar aon cheann riamh aca. Tá an virginia stoc ag teacht chun cinn go breagh. Ní haon díoghbháil é thannuchaint anois gan mhoill: na préamhacha 's mó agus i láidre do leogain ag fás agus an fhaid ba chuibhe do bheith eatortha. Beidh na lupines go maith acht amháin dornlach beag díobh do shluig na seangáin, pé paor do bhí aca chuca, agus gan fógra na séal do chur chugam roimh ré. I n-aon oidhche amháin do dheineadh an creachadh soin ortha Na sweet peas a thógtar i mboscaibh adhmuid táid siad mór a dhóthain anois le hiad d'athchur. B'fhiú do dhuine iad soin do thógaint d'fhonn na cuileóga do chosc ó theacht fé dhíon tighe mar do réir dheallraimh ní ar fónghnamh a thaitneann balaithe na mbláth soin leo. Is beag áit fén dtuaith ná feictear an táith- fhéithealan ag fás go háirithe fé bhal n-a mbíonn seana fhallaí nó seanfhothracha. Tá sé go maith oireamhnach le haghaidh na bhfallaí sin agus is breagh an nidh é chlúdach mór sin do chur ortha. Cuireann sé i n-iúil do dhuine áilneacht an nádúir a bhaineann le gach aon nidh go mbíonn lámh Dé dá riaradh. Is minic a deirtear an rud do bheith chomh righin leis an dtáithfhéithealan, mar is beag má ta aon dul ar chosc a chur le n-a leathanú an túisce gheibheann na préamhacha greim sa talamh. Tá sé beagán luath fós do'n bhláth do theacht air. Comhartha maith ar an maitheas thar fóir a ghabhann leis, fanann an ghluaiseacht ar a duileabhar ó cheann ceann na bliadhna. Tá a lán doine agus ní maith leo in aon chor an balaithe géarthaitneamhach a thagann ó na bláthannaibh úd. Sin é an fáth ná leogtar dó'n táithfhéithealan fás a dhéanamh ró-chomhgarach do thighthibh comhnuidhthe. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services