Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gnó do Mhnáibh. Gárnóireacht

Title
Gnó do Mhnáibh. Gárnóireacht
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gnó do Mhnáibh.



Gárnóireacht.



Tá na fiadhaile óga dá dtaisbeáint féin anois
sa gharraighe. Caithfear iad do phiocadh agus a
chur i mball éigint as an tslighe. Oireann an
corruidhe soin go háluinn don talamh mar dá
leogtaí taos do theacht ar an gcré níorbh
fhearrde na bláthanna é.



An cith beag fearthainne a thuiteann idir dá
linn is mór an áis í chun na bláthanna óga do
scoilt. N'íl aon nidh is túisce a chuirfidh cosc
le fás ná an talamh do bheith róthirim. Agus
cuireann soin i gcuimhne dom leis gur annamh
riamh a réidhtigheann an ghrian agus an fhearthainn
le n-a chéile. Dá thoisc sin, ní ceart i n-aon
chor aon uiscidheacht do leogaint le bláthannaibh
an fhaid a bhíonn an teas rómhór ó'n ngrian.
I ndéadhnaighe an tráthnóna an uair is oireamh-
naighe chun an uisce do scaipeadh ortha agus do
b'ionngnadh le duine a fheabhas a bhíd siad maidin
lá ar n-a mháireach.



Tá eagla orm ná déanfar aon saothrú ró
mhór ar bhláthannaibh i mbliadhna. Is mór an nidh
dhúinn caitheamh agus fagháil do bheith againn
anois, agus an aimsir atá istigh againn, gan
bacaint leis an súbhalcas a gheibhtear i mbun
na mbláthanna. Déanfaidh na bláthanna
fiadhaine an folmhas a líonadh dhúinn i mbliadhna
agus tá roinnt mhaith dhíobh soin cheana againn.
Chím an caisearbhán agus an slánlus agus an
neóinín go flúirseach ins gach aon áit. Is iongnadh
liom a luighead aithne a chuirimíd ortha soin agus
an talamh dá dtabhairt aníos uaidh gan chabhair
gan chomairce uainn. Beidh an bainne bó bleacht
go maith leis, is dóigh liom, acht ná fuil puinn fé
fós.



Dá shuaraigh a bhfuil curtha agam de bhláthannaibh
níl ainm Gaedhilge agam ar aon cheann riamh
aca. Tá an virginia stoc ag teacht chun cinn
go breagh. Ní haon díoghbháil é thannuchaint
anois gan mhoill: na préamhacha 's mó agus i
láidre do leogain ag fás agus an fhaid ba
chuibhe do bheith eatortha. Beidh na lupines go
maith acht amháin dornlach beag díobh do shluig
na seangáin, pé paor do bhí aca chuca, agus gan
fógra na séal do chur chugam roimh ré. I n-aon
oidhche amháin do dheineadh an creachadh soin ortha
Na sweet peas a thógtar i mboscaibh adhmuid
táid siad mór a dhóthain anois le hiad d'athchur.
B'fhiú do dhuine iad soin do thógaint d'fhonn na
cuileóga do chosc ó theacht fé dhíon tighe mar
do réir dheallraimh ní ar fónghnamh a thaitneann
balaithe na mbláth soin leo.



Is beag áit fén dtuaith ná feictear an táith-
fhéithealan ag fás go háirithe fé bhal n-a mbíonn
seana fhallaí nó seanfhothracha. Tá sé go maith
oireamhnach le haghaidh na bhfallaí sin agus is
breagh an nidh é chlúdach mór sin do chur ortha.
Cuireann sé i n-iúil do dhuine áilneacht an
nádúir a bhaineann le gach aon nidh go mbíonn
lámh Dé dá riaradh. Is minic a deirtear an rud
do bheith chomh righin leis an dtáithfhéithealan,
mar is beag má ta aon dul ar chosc a chur le
n-a leathanú an túisce gheibheann na préamhacha
greim sa talamh. Tá sé beagán luath fós do'n
bhláth do theacht air. Comhartha maith ar an
maitheas thar fóir a ghabhann leis, fanann an
ghluaiseacht ar a duileabhar ó cheann ceann na
bliadhna. Tá a lán doine agus ní maith leo in
aon chor an balaithe géarthaitneamhach a thagann
ó na bláthannaibh úd. Sin é an fáth ná leogtar
dó'n táithfhéithealan fás a dhéanamh ró-chomhgarach
do thighthibh comhnuidhthe.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services