Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Ard-rí agus Iarla
Title
Conamara. Ard-rí agus Iarla
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Árd-rí agus Iarla. “Acht céard fá an árd-rígh úd do bhí i gceist agat?” ar Cáimín. An méid seo. Eoghan Beul ab ainm dó. Do shíolruigh sé ó Dháithí, rí; an Dáithi sin do marbhuigheadh ag bun na nAlp agus é ar shluaigheadh ann, ag cur daoine fá smacht; agus ag baint chíosa agus chánach díobh. Do bhí sé gach ordlach chomh cródha, calma lé Dáithí fein, agus ba mhinic dó sa mbruighin. Do bhí cogadh ar siubhal idir é féin agus Ultaibh ins an mbliain 537. Ní gábhadh dom tráchtas do sgríobhadh ar an ár sin, agus a fhios ag cách gur fheuch gach taobh leis an taobh eile do bhasgadh! 'Chaoi ar bith do leonadh Eoghan, gur eug de bharr an ghorthuighthe. Acht mar eug an laoch níor eug an spiorad. Ar fhághail bháis dó adubhairt le'n a laochra “Adhnachaigidh i mo sheasamh mé,” ar seisean, “le mo shleagh i mo láimh-dheis agus mo sgiath i mo chiotóig: bíodh m'aghaidh leis na hUltaigh, agus bíodh a fhios agaibh, an fhaid is bhéas mise mar sin, nach bhfuighe an námha an ceann is fearr orraibh.” Do righneadh mar ba mhian leis. Do bhí a shliocht ar Chonnachtaibh; is minic do chuireadar an lá ar Ultaibh. Iomdha sin buadh do rugadar leo. Níor bhféidir le taoisigh Chúige Uladh an ding do chur i liamhán na gConnachtach. Gidheadh do chuala dream ó thuaidh cé mar do bhí an sgeul agus do tháinic- eadar os íseal de shiubhal oidhche agus do thógadar corp an ríogh gur athchuireadar ar a bheul faoi é! 'Sa mball ar a dtugtar Carn indiu, i bhfogus do bhaile mhór Shligigh, is eadh cuireadh é, adeirtear. Ar an oileán a dtugtar Inis Eoghain, ar Loch Measga do chomhnuigheadh sé aimsir síothchána. Léightear go dtáinic naomh arb ainm dó Cormac ag triall ar an rígh uair, gur iarr air beagán talmhan do thabhairt dó, go bhfóthóchadh sé cill agus mainistir sa gcomhursanacht. Do dhiúltaigh Eoghan Beul sin do gheunamh, d'fhás fearg sa naomh agus adúbhairt go bhfásfadh an feur glas ar thairseach an ríogh gan mórán moille, de bharr é féin do dhiúltú, agus go dtiocfadh an lá a mbeadh mainistir ar an mball sin a mbéadh a cáil abhfad is i ngearr. Fearacht na Teamhrach tugadh mallacht ar Eoghan, agus ar a Inis agus do fíoradh ráidhte an naoimh. Ní fhagann sin le rádh nach tógha troididhe, agus triath treun do bhí ins an rí, agus ba mhór an feall a ainm do leigean leis an díle. Do tógadh cill “le'n a dhoras” agus do réir baramhla sé an múnlú agus deunamh ceudna do bhí uirri is do bhí ar cheallaibh agus theam- pallaibh sa sémhadh agus sa sechtmhadh aois. Cill Cormaic do bhí mar ainm uirri; agus is ar an suidheamh ceudna do tógadh an mhainistir a bhfuil an oiread sin measa ag lucht seandachta uirri. Is maith do sheas Toirdhealbhach Mór do'n mhainistir sin, agus do bhí a oiread bróid aige aisti, is do bhí aige as mainsitir Chunga. Do bhí mac leis in a Luamair ann, gur ghlaodh Dia abhaile air sa mbliain 1.223 .i. “Maoilíosa, mac Ttoirdhealbhaigh Uí Chonchubhair Innsi Meadhain decc.” Do ba achrannach, corrach an saoghal do bhí ann le leinn an tríomhadh aois deug. Do bhíodh na Normánaigh ag iarraidh na dtaltaí míne do bhaint amach dóibh féin. Do bhí eud agus formad ag Gaedhealaibh d'á chéile. Do bhí Cathal Crodhdhearg ar shlíghe na fírinne. Do bhí Connachta gan crann-chosanta i mbearna an bhaoghail. Do bhí a shliocht orra. Do lagadh go mór iad ag cath Bhaile Átha an Ríogh ina an mbliain 1.316. Acht thríd uile níor bochtuigheadh an Eaglais, de bhrígh gurbh Caitliligigh do bhí sna Normánaighibh, agus gur bhronnadar taltaí agus saidhbhreas uirri. Do bhraonn na Búrcaigh feilmneacha go flaitheamhail ar na mainistreachaibh. Do fuair na cinn do bhí i gCunga agus i nInis Meadhoin a gcuid féin. Léightear gur bhronn Uáitéar mac mic Éamuinn Albanaigh fearann ar Chunga. Ba shin é an t-Éamonn ceudna do righne an dúnmharbhadh sin ar Oileán an Iarla 'sa mbliain 1.333. Mar seo do thárla - do marbhuigheadh Uilliam De Búrca Iarla Uladh i mBeul Feirsde i n-aois Chríost 1.333. Do bhí aon ingean amháin ar a shliocht. Ní raibh sise acht seacht mbliana d'aois, agus do cuireadh í fein agus an méid saidhbhris d'fhág a h-athair aici fá chomairce an Iarla Ruaidh. Fear millteach saidhbhear do b'eadh Iarla Uladh. Do bhí dúithchí as eudan a chéile aige. Do shanntuigh Búrcaigh an Iarthair maoin agus racht seóil oighre. Do bheartuigh Éamonn Albanach - an té a raibh sí fá'n a chomairce, Éamonn Búrc, a chomh-shloinneadh féin, do mharbhú. Do bhí Éamonn Búrc fá'n tráth seo i mainistir Bhaile an Róba. Do gabhadh é agus tugadh do chum Caisleáin Locha Measga é. An oidhche dár gcionn do bhí air bóthar do bhualadh go Caisleán Bhaile Deonach. An oidhche d'ár gcion sin arís tugadh go dtí Oileán an Iarla é. Do tháinic Árd-easbóg Thuama .i. Maoil- sheachlain Mac Aodha chuige, ag iarraidh réidhteach do gheunamh idir na Búrcaighibh. Níor éirigh leis óir tugadh buille feille do Éamonn Búrc amhail léightear i “nAnnalaibh Ríoghacht Éireann” Mac Iarla Uladh, .i. Eamand do ghabhail d'Éamann a Búrc. Cloch do chur fo bhraghaitt agus a bádhadh i loch Meascca Lais Milleadh Gall Chonnacht agus a chineadh féin do thecht trias an ngíomh sin. Toirbhdealbhach Ó Conchubhair rí Chonnacht d'ionnarbhadh Éamainn Mec Uilliam Búrc iar sin a Connachtaibh amach iar milleadh na ttuath agus na cceal go h-adhbal i nIarthar Chonnacht, agus neart na tíre co coitcheann do ghabhail d'Ua Chonchobhair as a h-aithle. Drong de mhuinntir Stundúin do righne an gníomh. Acht is daor d'íoc na Búrcaigh as in a dhiaidh sin. Do thosuigheadar ag cur is ag cúiteamh le chéile agus dar liom nach raibh chomh daingean uaidh sin amach 'san gcúige. Atá an duine deiridh aca, a raibh aon chumhacht aige innti ar tí sgaramhain léi .i. an tighearna a chuireas an oiread sin suime i sean ghréithibh na dtíortha n-imigcéin, an tighearna leigeas do'n chaonach liath fá ar a cheirteachaibh an tighearna a chuir na ceudta le fán agus seachrán an t-saoghail i gCo. na Gaillimhe! Ba fhada an greim é ag an dream ceudna ar thaltaibh ár sean, acht atá a réim caithte, agus clann na bhfíor-Ghaedheal ag a tógáil ath-uair. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services