Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Ard-rí agus Iarla

Title
Conamara. Ard-rí agus Iarla
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Árd-rí agus Iarla.



“Acht céard fá an árd-rígh úd do bhí i gceist
agat?” ar Cáimín. An méid seo. Eoghan
Beul ab ainm dó. Do shíolruigh sé ó Dháithí, rí;
an Dáithi sin do marbhuigheadh ag bun na nAlp
agus é ar shluaigheadh ann, ag cur daoine fá
smacht; agus ag baint chíosa agus chánach
díobh. Do bhí sé gach ordlach chomh cródha, calma
lé Dáithí fein, agus ba mhinic dó sa mbruighin.
Do bhí cogadh ar siubhal idir é féin agus
Ultaibh ins an mbliain 537. Ní gábhadh dom
tráchtas do sgríobhadh ar an ár sin, agus a
fhios ag cách gur fheuch gach taobh leis an taobh
eile do bhasgadh! 'Chaoi ar bith do leonadh
Eoghan, gur eug de bharr an ghorthuighthe. Acht
mar eug an laoch níor eug an spiorad. Ar
fhághail bháis dó adubhairt le'n a laochra
“Adhnachaigidh i mo sheasamh mé,” ar seisean,
“le mo shleagh i mo láimh-dheis agus mo sgiath
i mo chiotóig: bíodh m'aghaidh leis na hUltaigh,
agus bíodh a fhios agaibh, an fhaid is bhéas mise
mar sin, nach bhfuighe an námha an ceann is
fearr orraibh.” Do righneadh mar ba mhian leis.
Do bhí a shliocht ar Chonnachtaibh; is minic do
chuireadar an lá ar Ultaibh. Iomdha sin buadh
do rugadar leo. Níor bhféidir le taoisigh
Chúige Uladh an ding do chur i liamhán na
gConnachtach. Gidheadh do chuala dream ó
thuaidh cé mar do bhí an sgeul agus do tháinic-
eadar os íseal de shiubhal oidhche agus do
thógadar corp an ríogh gur athchuireadar ar a
bheul faoi é! 'Sa mball ar a dtugtar Carn
indiu, i bhfogus do bhaile mhór Shligigh, is eadh
cuireadh é, adeirtear. Ar an oileán a
dtugtar Inis Eoghain, ar Loch Measga do
chomhnuigheadh sé aimsir síothchána. Léightear go
dtáinic naomh arb ainm dó Cormac ag triall
ar an rígh uair, gur iarr air beagán talmhan
do thabhairt dó, go bhfóthóchadh sé cill agus
mainistir sa gcomhursanacht. Do dhiúltaigh
Eoghan Beul sin do gheunamh, d'fhás fearg sa
naomh agus adúbhairt go bhfásfadh an feur glas
ar thairseach an ríogh gan mórán moille, de
bharr é féin do dhiúltú, agus go dtiocfadh an
lá a mbeadh mainistir ar an mball sin a mbéadh
a cáil abhfad is i ngearr. Fearacht na Teamhrach
tugadh mallacht ar Eoghan, agus ar a Inis agus
do fíoradh ráidhte an naoimh. Ní fhagann sin
le rádh nach tógha troididhe, agus triath treun
do bhí ins an rí, agus ba mhór an feall a ainm
do leigean leis an díle.



Do tógadh cill “le'n a dhoras” agus do réir
baramhla sé an múnlú agus deunamh ceudna
do bhí uirri is do bhí ar cheallaibh agus theam-
pallaibh sa sémhadh agus sa sechtmhadh aois. Cill
Cormaic do bhí mar ainm uirri; agus is ar an
suidheamh ceudna do tógadh an mhainistir a bhfuil
an oiread sin measa ag lucht seandachta uirri.
Is maith do sheas Toirdhealbhach Mór do'n
mhainistir sin, agus do bhí a oiread bróid aige
aisti, is do bhí aige as mainsitir Chunga. Do
bhí mac leis in a Luamair ann, gur ghlaodh Dia
abhaile air sa mbliain 1.223 .i. “Maoilíosa,
mac Ttoirdhealbhaigh Uí Chonchubhair Innsi
Meadhain decc.”



Do ba achrannach, corrach an saoghal do bhí ann
le leinn an tríomhadh aois deug. Do bhíodh na
Normánaigh ag iarraidh na dtaltaí míne do
bhaint amach dóibh féin. Do bhí eud agus formad
ag Gaedhealaibh d'á chéile. Do bhí Cathal
Crodhdhearg ar shlíghe na fírinne. Do bhí
Connachta gan crann-chosanta i mbearna an
bhaoghail. Do bhí a shliocht orra. Do lagadh go
mór iad ag cath Bhaile Átha an Ríogh ina an
mbliain 1.316. Acht thríd uile níor bochtuigheadh
an Eaglais, de bhrígh gurbh Caitliligigh do bhí sna
Normánaighibh, agus gur bhronnadar taltaí
agus saidhbhreas uirri. Do bhraonn na Búrcaigh
feilmneacha go flaitheamhail ar na mainistreachaibh.
Do fuair na cinn do bhí i gCunga agus i nInis
Meadhoin a gcuid féin. Léightear gur bhronn
Uáitéar mac mic Éamuinn Albanaigh fearann
ar Chunga. Ba shin é an t-Éamonn ceudna
do righne an dúnmharbhadh sin ar Oileán an
Iarla 'sa mbliain 1.333. Mar seo do thárla
- do marbhuigheadh Uilliam De Búrca Iarla
Uladh i mBeul Feirsde i n-aois Chríost 1.333.
Do bhí aon ingean amháin ar a shliocht. Ní raibh
sise acht seacht mbliana d'aois, agus do
cuireadh í fein agus an méid saidhbhris d'fhág
a h-athair aici fá chomairce an Iarla Ruaidh.
Fear millteach saidhbhear do b'eadh Iarla Uladh.
Do bhí dúithchí as eudan a chéile aige. Do
shanntuigh Búrcaigh an Iarthair maoin agus
racht seóil oighre. Do bheartuigh Éamonn
Albanach - an té a raibh sí fá'n a chomairce,
Éamonn Búrc, a chomh-shloinneadh féin, do
mharbhú. Do bhí Éamonn Búrc fá'n tráth seo i
mainistir Bhaile an Róba. Do gabhadh é agus
tugadh do chum Caisleáin Locha Measga é. An
oidhche dár gcionn do bhí air bóthar do bhualadh
go Caisleán Bhaile Deonach. An oidhche d'ár
gcion sin arís tugadh go dtí Oileán an Iarla
é. Do tháinic Árd-easbóg Thuama .i. Maoil-
sheachlain Mac Aodha chuige, ag iarraidh réidhteach
do gheunamh idir na Búrcaighibh. Níor éirigh leis
óir tugadh buille feille do Éamonn Búrc
amhail léightear i “nAnnalaibh Ríoghacht
Éireann” Mac Iarla Uladh, .i. Eamand do
ghabhail d'Éamann a Búrc. Cloch do chur fo
bhraghaitt agus a bádhadh i loch Meascca Lais
Milleadh Gall Chonnacht agus a chineadh féin
do thecht trias an ngíomh sin. Toirbhdealbhach
Ó Conchubhair rí Chonnacht d'ionnarbhadh Éamainn
Mec Uilliam Búrc iar sin a Connachtaibh amach
iar milleadh na ttuath agus na cceal go
h-adhbal i nIarthar Chonnacht, agus neart na
tíre co coitcheann do ghabhail d'Ua Chonchobhair
as a h-aithle. Drong de mhuinntir Stundúin
do righne an gníomh. Acht is daor d'íoc na
Búrcaigh as in a dhiaidh sin. Do thosuigheadar
ag cur is ag cúiteamh le chéile agus dar liom
nach raibh chomh daingean uaidh sin amach 'san
gcúige. Atá an duine deiridh aca, a raibh aon
chumhacht aige innti ar tí sgaramhain léi .i. an
tighearna a chuireas an oiread sin suime i sean
ghréithibh na dtíortha n-imigcéin, an tighearna
leigeas do'n chaonach liath fá ar a cheirteachaibh
an tighearna a chuir na ceudta le fán agus
seachrán an t-saoghail i gCo. na Gaillimhe!



Ba fhada an greim é ag an dream ceudna ar
thaltaibh ár sean, acht atá a réim caithte, agus
clann na bhfíor-Ghaedheal ag a tógáil ath-uair.



(leanfar de seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services