Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gnó do mhnáibh. Do Reamhrú Cearc
Title
Gnó do mhnáibh. Do Reamhrú Cearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gnó do mhnáibh. Do Reamhrú Cearc. Fíor-bheagán daoine i nÉirinn a ghabhann le reamhrú cearc agus is mór an truagh é, mar do thiocfadh anathairbhthe do'n duthaigh seo dá nglacfaidhe leis níosa coitchianta. Na cearca óga a tógtar i nÉirinn ní rómhaith a oireann siad chun a reamhruighthe i n-aon chor agus cuireann soin leis i gcoinnibh an ghnótha mar dá mbeadh an t-adhbhar ceart ann do b'usa feoil do chur ortha agus ba mhó an toirt agus an meadhchaint do bheadh ionnta. Ceannuightear ana chuid sicíní agus cearca óga annso i nÉirinn agus beirtear anonn go Sasanna iad mar a ndeintear a reamhrú. Badh cheart an obair sin go léir do dhéanamh sa bhaile acht ní'l aon chóir le hoireamhaint curtha againne fós ar an dtiúscal soin. Chun an gnó do dhéanamh le tairbhthe ní fuláir gan acht aon chineál amháin de chearcaibh do bheith aige duine agus na héanlaithe soin do chimeád ar leith leó féin. Ní mór suim thar meadhón do chur sa ghnó agus srathanna cearc do bheith ag eirghe i ndiaidh a chéile. Is gnáthach na cearca do bheith reamhar taobh istigh do thrí seachtmhaine. Ní mór do dhuine a bheith géarchúiseach go maith chun cearc reamhar d'aithint mar bíonn éanlaithe ann agus ní féidir leanamhaint do chur siar an bhídh ortha rófhada. Na néin a bhíonn fiadháine agus neamhshuaimhneasach ó dhúthchas is deacair feóil do chur ortha soin. Badh cheart do'n chirc a bheith mór a dóthain le hí chur dá reamhrú i n-aois a rátha. An biadh is mó is minicighe a tugtar dóibh: coirce min bhrúighte agus bainne deighilte. Má's mian le duine éan a dhéanamh mín is maith an rud é blúire bídh do chur roimh a láimh gach lá. Cuireann an caidreamh soin i n-aithne an duine í agus imtheóchaidh uaithe an scáth a ghabhann de dhúthchas í. Tá daoine ann agus is mór an sásamh aigne dóibh roinnt éanlaithe do thógaint ar an nós soin. Na cúbanna 'n-a gcuirtear na cearca an fhaid a bhíd siad dá reamhrú do b'fhearr iad soin do chimeád amuigh fén spéir i gcaitheamh an tsamhraidh. Is gnáthach gach cúb do dhéanamh go breagh leathan seacht troighthe ar a faid, cúig n-órlach déag d'aoirde agus ocht n-órlach déag de dhoimhneacht. Deintear comhroinn i dtrí chodaibh de gach cúb aca agus is féidir ceithre éanlaithe ar a luighead do chimeád ingach roinn aca. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services