Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gnó do mhnáibh. Do Reamhrú Cearc

Title
Gnó do mhnáibh. Do Reamhrú Cearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gnó do mhnáibh.



Do Reamhrú Cearc.



Fíor-bheagán daoine i nÉirinn a ghabhann le
reamhrú cearc agus is mór an truagh é, mar
do thiocfadh anathairbhthe do'n duthaigh seo dá
nglacfaidhe leis níosa coitchianta. Na cearca
óga a tógtar i nÉirinn ní rómhaith a oireann
siad chun a reamhruighthe i n-aon chor agus
cuireann soin leis i gcoinnibh an ghnótha mar
dá mbeadh an t-adhbhar ceart ann do b'usa
feoil do chur ortha agus ba mhó an toirt agus
an meadhchaint do bheadh ionnta. Ceannuightear
ana chuid sicíní agus cearca óga annso i nÉirinn
agus beirtear anonn go Sasanna iad mar
a ndeintear a reamhrú. Badh cheart an obair
sin go léir do dhéanamh sa bhaile acht ní'l aon
chóir le hoireamhaint curtha againne fós ar an
dtiúscal soin.



Chun an gnó do dhéanamh le tairbhthe ní fuláir
gan acht aon chineál amháin de chearcaibh do bheith
aige duine agus na héanlaithe soin do chimeád
ar leith leó féin. Ní mór suim thar meadhón do
chur sa ghnó agus srathanna cearc do bheith ag
eirghe i ndiaidh a chéile. Is gnáthach na cearca
do bheith reamhar taobh istigh do thrí seachtmhaine.
Ní mór do dhuine a bheith géarchúiseach go maith
chun cearc reamhar d'aithint mar bíonn éanlaithe
ann agus ní féidir leanamhaint do chur siar an
bhídh ortha rófhada. Na néin a bhíonn fiadháine
agus neamhshuaimhneasach ó dhúthchas is deacair
feóil do chur ortha soin.



Badh cheart do'n chirc a bheith mór a dóthain
le hí chur dá reamhrú i n-aois a rátha. An biadh
is mó is minicighe a tugtar dóibh: coirce min
bhrúighte agus bainne deighilte. Má's mian
le duine éan a dhéanamh mín is maith an rud é
blúire bídh do chur roimh a láimh gach lá.
Cuireann an caidreamh soin i n-aithne an duine
í agus imtheóchaidh uaithe an scáth a ghabhann de
dhúthchas í. Tá daoine ann agus is mór an sásamh
aigne dóibh roinnt éanlaithe do thógaint ar an
nós soin.



Na cúbanna 'n-a gcuirtear na cearca an fhaid
a bhíd siad dá reamhrú do b'fhearr iad soin do
chimeád amuigh fén spéir i gcaitheamh an tsamhraidh.
Is gnáthach gach cúb do dhéanamh go breagh leathan
seacht troighthe ar a faid, cúig n-órlach déag
d'aoirde agus ocht n-órlach déag de dhoimhneacht.
Deintear comhroinn i dtrí chodaibh de gach
cúb aca agus is féidir ceithre éanlaithe ar a
luighead do chimeád ingach roinn aca.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services