Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Loch Measga (ar leanamhaint)
Title
Conamara. Loch Measga (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Loch Measga (ar leanamhaint). Monuar! Níl “fear tógbhala truagh” ná bean ná mionduine fá'n a dhíon indiu. Acht cá bhfios céard do thárlóchadh leis an aimsir. B'fhéidir do na sean-chaisleánaibh seo cinn do bheith orra go fóill, agus sult agus slumairt, agus sólás do bheith taobh istigh d'á mballaibh. D'fheudfadh sé tuitim amach go seinnfí cláir- seacha ceoil, agus go n-aithriseochaidhe eachtraí na nglún do chomhnuigh ionnta agus do throid ar a sin, amach annseo. Cóir, dá mbeith ceart ann, an oiread suime do bheith ag Connachtaibh in a gcuid caisleán is bhíos ag Gearmánaighibh as a gcinn féin ar imeallaibh na Roighne, béidh tráth súghfaidhear meala a seanchusa isteach do chum na h-inchinne, agus ní bheidh go sin. “Slán Do'n Chorrán.” “A bpurt Locha Mesca do geneadh Cathal croibhdhearcc agus a oileamhain in Uibh Diarmata ag Tadhg Ua Coincheannain.” Ní raibh dar linn, ar Chonchurabhaighibh a chomh- mhaith de Ghaedheal. Amhail mar aithristear ba é an té ba mhó do righne slad agus sleucht ar mhéirleachaibh agus ar eascáirdibh Éireann re aimsear imigcéin. Ba é d'fhóir ar chléireachaibh ar bhochtánaibh, is ar lucht an an-shógha. Rí cóir, cneasta agus caithmhíle cumasach, cosgartha do bhí ann. Ní minic dlightear do spailpín ríoghacht do ghabháil agus árd-cheannas do bheith aige uirri. Ach b'amhlaidh sin do Chathal crobhdhearg. Agus is mar seo do thárla má's in-chreidte beulrádh agus seanchus. Toiredhealbhach mór Ó Conchubhair do bhí i réim. Ní raibh oighre ar a phósadh — do bhí mar an té ud sa bhFrainc do sheuluigh i Santa Heilíne. Níor mhian leis ceannas na ríoghachta do leigean ó'n a bhunadh féin. Do ghein mac díomhaoineach. Do chuala a chéile an sgeul. Do bhí sí le buile. Adubhairt go ndíbreóchadh sí an mháthair agus an páisde amach as an tír. Ar chloisteál seo do'n mháthair ghabh sgannradh í, go gcuirfeadh an bhainríoghan a leanbh de'n tsaoghal agus d'imthigh roimpi go Cúige Laighean, go ndeacha ar aimsir annsin. D'oil is do thóg an macán go muirneach. An uair do bhí sé in-inmhe obair do gheunamh, do bhain is do rómhar chomh maith le giolla ar bith eile. Tráth thigeadh sé cois teine, am áirneáin, minic innsightí dó go cé'n fhuil uasal do bhí ag cuipeadh in a chuid cuisleann. Iomdha sin uair do shnigheadh na deora le gruadha a mháthar ar chuimhniú di ar an gcrácháil agus ar an gciapáil do bhí sí ag fághail ó'n saoghal. Nach thré'n a croidhe do théigheadh na h-arraingneacha ar fheiceál corráin nó speile i láimh ríogha a maicín. Flaith uasal ina a spailpín! Agus ní iongna é dá mbeith an 'spailpín' féin ag dul le cúthach ar smaoineamh dó ar an dróchíde tugadh air féin is ar a mháthair agus é ag machtnú an dtiocfadh sé sa saoghal go deo go mbéadh sé féin i lár báire ag treorú a chuid laoch anaghaidh an námhad. Do tháinic an lá sin fá dheoidh! Lá dó ag baint seagail i n-aendtigh le meitheal fear. Gach duine aca ag coimhlint le n-a chéile ag feuchaint cé aca do bhainfeadh beart thar a chomhursain! Níor mhothuigheadar riamh go dtáinic bollsgaire thart, agus gur chuir bail ó Dhia ar an obair. “Cé'n sgeul agad, a bhollsgair,” ar na fir. “Atá go bhfuil rí Chonnacht fá'n bhfód agus go bhfilim-se agus teachtairí tharm ar lorg Chathail chroibhdheirg. Is é atá ó Chonnachtaibh mar rí.” “An bhfuil aon chomhartha agat go cén cineál óigfir é?” ar siad. “Dhá gcraithinn lámh leis d'aithneochainn é,” d'fhreagair an bollsgaire. “An measfair gur ab shin í,” ar fear óg de'n mheitheal. “Is tusa rí Chonnacht,” ar an bollsgaire le glionndar. Do chaith Cathal a chorrán uaidh, agus adubhairt an rádh “Slán leat, a chorráin, anois de'n Chlaidheamh.” D'fhill Cathal ar Chonnachtaibh agus do righne an-réidhteach ann. Minic dó ag cur námhad fo smacht, agus níor mhór dó sin, óir ba corrach an saoghal do bhí ann le'n a linn. Ba mhaith an ceann é do'n Eaglais frais. Is é do thóg an mhainistir áluinn sin i mBaile an Tobair, i gcontae Mhuigh Eó, ceann gar do Bhaile Átha Luain, ar an tSionainn, agus ceann eile ar Chnoc Muaidhe. Is i mainistir Chnuic Muaidhe d'eug sé “i n-aibid mhanaigh léith,” mar innsigheas na h-ughdair. Do ba mhian linn siubhal céim ar chéim le Cathal ó do ghabh sé ríoghacht a athar agus gach cor do nochtú. Acht is fada an sgeul é sin, agus níl sé in ár gcumas sin do gheunamh an feacht seo. So ba gheal linn a shaoghal d'fheiceál fá chló glan Gaedhilge, agus atá dóchas againn go gcruinneocha Gaedheal éigin gach a bhfuil faoi ionnus go mbéadh a eachtra ar mharthainn go suthain. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services