Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Loch Measga (ar leanamhaint)

Title
Conamara. Loch Measga (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Loch Measga (ar leanamhaint).



Monuar! Níl “fear tógbhala truagh”
ná bean ná mionduine fá'n a dhíon indiu. Acht
cá bhfios céard do thárlóchadh leis an aimsir.
B'fhéidir do na sean-chaisleánaibh seo cinn do
bheith orra go fóill, agus sult agus slumairt,
agus sólás do bheith taobh istigh d'á mballaibh.
D'fheudfadh sé tuitim amach go seinnfí cláir-
seacha ceoil, agus go n-aithriseochaidhe eachtraí
na nglún do chomhnuigh ionnta agus do throid
ar a sin, amach annseo. Cóir, dá mbeith ceart
ann, an oiread suime do bheith ag Connachtaibh
in a gcuid caisleán is bhíos ag Gearmánaighibh
as a gcinn féin ar imeallaibh na Roighne,
béidh tráth súghfaidhear meala a seanchusa isteach
do chum na h-inchinne, agus ní bheidh go sin.



“Slán Do'n Chorrán.”



“A bpurt Locha Mesca do geneadh Cathal
croibhdhearcc agus a oileamhain in Uibh Diarmata
ag Tadhg Ua Coincheannain.”



Ní raibh dar linn, ar Chonchurabhaighibh a chomh-
mhaith de Ghaedheal. Amhail mar aithristear ba
é an té ba mhó do righne slad agus sleucht ar
mhéirleachaibh agus ar eascáirdibh Éireann re
aimsear imigcéin. Ba é d'fhóir ar chléireachaibh
ar bhochtánaibh, is ar lucht an an-shógha. Rí cóir,
cneasta agus caithmhíle cumasach, cosgartha do
bhí ann. Ní minic dlightear do spailpín ríoghacht
do ghabháil agus árd-cheannas do bheith aige uirri.
Ach b'amhlaidh sin do Chathal crobhdhearg. Agus
is mar seo do thárla má's in-chreidte beulrádh
agus seanchus. Toiredhealbhach mór Ó Conchubhair
do bhí i réim. Ní raibh oighre ar a phósadh — do
bhí mar an té ud sa bhFrainc do sheuluigh i Santa
Heilíne. Níor mhian leis ceannas na ríoghachta
do leigean ó'n a bhunadh féin. Do ghein mac
díomhaoineach. Do chuala a chéile an sgeul. Do
bhí sí le buile. Adubhairt go ndíbreóchadh sí
an mháthair agus an páisde amach as an tír.
Ar chloisteál seo do'n mháthair ghabh sgannradh
í, go gcuirfeadh an bhainríoghan a leanbh de'n
tsaoghal agus d'imthigh roimpi go Cúige
Laighean, go ndeacha ar aimsir annsin. D'oil
is do thóg an macán go muirneach. An uair do
bhí sé in-inmhe obair do gheunamh, do bhain is do
rómhar chomh maith le giolla ar bith eile. Tráth
thigeadh sé cois teine, am áirneáin, minic
innsightí dó go cé'n fhuil uasal do bhí ag cuipeadh
in a chuid cuisleann. Iomdha sin uair do shnigheadh
na deora le gruadha a mháthar ar chuimhniú di ar
an gcrácháil agus ar an gciapáil do bhí sí ag
fághail ó'n saoghal. Nach thré'n a croidhe do
théigheadh na h-arraingneacha ar fheiceál corráin
nó speile i láimh ríogha a maicín. Flaith uasal
ina a spailpín! Agus ní iongna é dá mbeith an
'spailpín' féin ag dul le cúthach ar smaoineamh
dó ar an dróchíde tugadh air féin is ar a mháthair
agus é ag machtnú an dtiocfadh sé sa saoghal
go deo go mbéadh sé féin i lár báire ag treorú
a chuid laoch anaghaidh an námhad. Do tháinic an
lá sin fá dheoidh! Lá dó ag baint seagail i
n-aendtigh le meitheal fear. Gach duine aca
ag coimhlint le n-a chéile ag feuchaint cé aca
do bhainfeadh beart thar a chomhursain! Níor
mhothuigheadar riamh go dtáinic bollsgaire thart,
agus gur chuir bail ó Dhia ar an obair.



“Cé'n sgeul agad, a bhollsgair,” ar na fir.



“Atá go bhfuil rí Chonnacht fá'n bhfód agus go
bhfilim-se agus teachtairí tharm ar lorg Chathail
chroibhdheirg. Is é atá ó Chonnachtaibh mar rí.”



“An bhfuil aon chomhartha agat go cén cineál
óigfir é?” ar siad.



“Dhá gcraithinn lámh leis d'aithneochainn é,”
d'fhreagair an bollsgaire.



“An measfair gur ab shin í,” ar fear óg de'n
mheitheal.



“Is tusa rí Chonnacht,” ar an bollsgaire le
glionndar.



Do chaith Cathal a chorrán uaidh, agus adubhairt
an rádh “Slán leat, a chorráin, anois de'n
Chlaidheamh.”



D'fhill Cathal ar Chonnachtaibh agus do righne
an-réidhteach ann. Minic dó ag cur námhad fo
smacht, agus níor mhór dó sin, óir ba corrach
an saoghal do bhí ann le'n a linn. Ba mhaith
an ceann é do'n Eaglais frais. Is é do thóg
an mhainistir áluinn sin i mBaile an Tobair,
i gcontae Mhuigh Eó, ceann gar do Bhaile Átha Luain,
ar an tSionainn, agus ceann eile ar Chnoc
Muaidhe. Is i mainistir Chnuic Muaidhe d'eug
sé “i n-aibid mhanaigh léith,” mar innsigheas na
h-ughdair. Do ba mhian linn siubhal céim ar
chéim le Cathal ó do ghabh sé ríoghacht a athar agus
gach cor do nochtú. Acht is fada an sgeul é
sin, agus níl sé in ár gcumas sin do gheunamh
an feacht seo. So ba gheal linn a shaoghal
d'fheiceál fá chló glan Gaedhilge, agus atá
dóchas againn go gcruinneocha Gaedheal éigin
gach a bhfuil faoi ionnus go mbéadh a eachtra ar
mharthainn go suthain.



(leanfar de seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services