Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuallacht Aontuighthe na mBan
Title
Cuallacht Aontuighthe na mBan
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuallacht Aontuighthe na mBan. Diardaoin seo d'imthigh thorrain do tionóladh comhdháil cínn bhliadhna do Chuallacht Aontuighthe na mBan. An Bhean Iarla Fine Gall, Uachtarán na Cuallachta, do ghaibh ceannas an chruinighthe. Mar le mnaoi ná deaghaidh i gcúram na tíre seo go dtí le fíordhéanaighe is iongantach an cúlfhéith atá innti i mbun na Cuallachta so. Nuair a léighim seanchus na tíre seo tugaim fé ndeara a mhinicidhe do chuaidh mná na hÉireann i gcabhair na hÉireann na slighe féin agus nuair ba mhó ba chruaidh do luigh cruatán agus comhacht Shasana ar an dtír seo 'seadh is déine d'eirigh an mbantracht chun gníomhartha dhéanamh ar a son. Deirtear ná habrann an seana ghalar bréag agus geall le mar chéile do thuiteann an saoghal amach i gcomhnuidhe riamh le teacht na haimsire. Is mór an nidh an Chuallacht Bhan so do bheith againn fé láthair chuun a chur i n-iúil do phobal Shasana agus do bhantracht na hAlban gur féidir linne ar gcion féin do dhéanamh i riaradh an Riaghaltais a bhaineann linn ó thárluigheann dúinn a bheith ceangailte leo. Diardaoin seo d'imthigh thorainn do léigh Rúnaidhe na Cuallachta tuairisc bhríghmhar ar an ngnó atá déanta ag an gComhaltas taobh istigh d'aon bhliadhain. Acht dá fheabhas atá ag eirghe leis an ngnó is féidir breis mhór do chur leis. De réir deallraimh raghaidh an droch obair atá ar siubhal anois chun tairbhe na hÉireann acht tuiscint cheart agus ciall cheart do bheith againn chun an tairbhthe sin do thabhairt chun baile dhúinn. Tá airgead dá fhághail ar earraidh agus ar thorrthai tailimh ná fuarthas a leithéid raimh i nÉirinn le cuimhne an duine is sinne orainn agus má dheinimíd na hearraidhe soin d'ollmhú agus an talamh do shaothrú le hoireamhaint tógfar muintir na hÉireann go bráth de dheascaibh an chogaidh. Sin é anois an gnó atá romhainn le déanamh má's maith linn an teilgean is mó do bhaint as an gcogadh agus cosc do chur ar theacht an ghórta agus an ghábhtar orainn. Tá sé de dhualgas ar mhnáibh tighe a gcion fein de'n ghnó a dhéanamh agus 'sé céad gnó na bantrachta feuchaint chun gnoithe tighis, sé sin chun treo níos fearr agus nios deise do chur ar gach teaghlach sa dúthaigh. Is fuirist soin a dhéanamh sa tig go mbíonn cabhair a dóthain chuige. Beidh duine ann i gcóir gach gnótha. Is mó go mór an tairbhthe a gheibhtear as an saothar acht an obair do roinnt idir mhuintir an tighe mar an gnó a fhágtar fé choitiantacht an chloinne is mó is minicidhe ná deintear le ceart i n-aon chor é. Caithfidh na daoine a bheith aireach agus tiúsclach i ngach cor. Caithfidh siad eolas agus tuiscint do bheith aca agus má ghabhann siad an saothar soin chucha ar an dtreo aigne sin ní baoghal doibh mar 'sé airgead do dheineann airgead acht an úsáid cheart do dhéanamh de agus é chaitheamh le cóir. Tá ár mbuidheachas ag dul don ollamh Mac Tomáis de bhárr an aiteasc ainléighte ar chúrsaí bídh do léigh sé dhúinn agus d'Inghean Nic Mhaghnusa do thug léigheacht ar ghárnóireacht. Do cuireadh rún buidheachais i bhfeidhm don Uachtarán; an breitheamh Borton ag cabhrú leis an rún soin. Cait Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services