Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuallacht Aontuighthe na mBan

Title
Cuallacht Aontuighthe na mBan
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuallacht Aontuighthe na mBan.



Diardaoin seo d'imthigh thorrain do tionóladh
comhdháil cínn bhliadhna do Chuallacht Aontuighthe
na mBan. An Bhean Iarla Fine Gall, Uachtarán
na Cuallachta, do ghaibh ceannas an chruinighthe.
Mar le mnaoi ná deaghaidh i gcúram na tíre
seo go dtí le fíordhéanaighe is iongantach
an cúlfhéith atá innti i mbun na Cuallachta so.
Nuair a léighim seanchus na tíre seo tugaim
fé ndeara a mhinicidhe do chuaidh mná na
hÉireann i gcabhair na hÉireann na slighe féin
agus nuair ba mhó ba chruaidh do luigh cruatán
agus comhacht Shasana ar an dtír seo 'seadh is
déine d'eirigh an mbantracht chun gníomhartha
dhéanamh ar a son. Deirtear ná habrann an
seana ghalar bréag agus geall le mar chéile
do thuiteann an saoghal amach i gcomhnuidhe
riamh le teacht na haimsire.



Is mór an nidh an Chuallacht Bhan so do bheith
againn fé láthair chuun a chur i n-iúil do phobal
Shasana agus do bhantracht na hAlban gur
féidir linne ar gcion féin do dhéanamh i riaradh
an Riaghaltais a bhaineann linn ó thárluigheann
dúinn a bheith ceangailte leo.



Diardaoin seo d'imthigh thorainn do léigh
Rúnaidhe na Cuallachta tuairisc bhríghmhar ar
an ngnó atá déanta ag an gComhaltas taobh
istigh d'aon bhliadhain. Acht dá fheabhas atá
ag eirghe leis an ngnó is féidir breis mhór do
chur leis. De réir deallraimh raghaidh an droch
obair atá ar siubhal anois chun tairbhe na
hÉireann acht tuiscint cheart agus ciall cheart
do bheith againn chun an tairbhthe sin do thabhairt
chun baile dhúinn. Tá airgead dá fhághail ar
earraidh agus ar thorrthai tailimh ná fuarthas a
leithéid raimh i nÉirinn le cuimhne an duine
is sinne orainn agus má dheinimíd na hearraidhe
soin d'ollmhú agus an talamh do shaothrú le
hoireamhaint tógfar muintir na hÉireann go
bráth de dheascaibh an chogaidh. Sin é anois
an gnó atá romhainn le déanamh má's maith linn
an teilgean is mó do bhaint as an gcogadh agus
cosc do chur ar theacht an ghórta agus an ghábhtar
orainn. Tá sé de dhualgas ar mhnáibh tighe a gcion
fein de'n ghnó a dhéanamh agus 'sé céad gnó na
bantrachta feuchaint chun gnoithe tighis, sé sin
chun treo níos fearr agus nios deise do chur
ar gach teaghlach sa dúthaigh. Is fuirist soin a
dhéanamh sa tig go mbíonn cabhair a dóthain
chuige. Beidh duine ann i gcóir gach gnótha.
Is mó go mór an tairbhthe a gheibhtear as an
saothar acht an obair do roinnt idir mhuintir
an tighe mar an gnó a fhágtar fé choitiantacht
an chloinne is mó is minicidhe ná deintear le
ceart i n-aon chor é. Caithfidh na daoine a bheith
aireach agus tiúsclach i ngach cor. Caithfidh
siad eolas agus tuiscint do bheith aca agus
má ghabhann siad an saothar soin chucha ar an
dtreo aigne sin ní baoghal doibh mar 'sé airgead
do dheineann airgead acht an úsáid cheart do
dhéanamh de agus é chaitheamh le cóir. Tá ár
mbuidheachas ag dul don ollamh Mac Tomáis de
bhárr an aiteasc ainléighte ar chúrsaí bídh do
léigh sé dhúinn agus d'Inghean Nic Mhaghnusa do
thug léigheacht ar ghárnóireacht.



Do cuireadh rún buidheachais i bhfeidhm don
Uachtarán; an breitheamh Borton ag cabhrú
leis an rún soin.



Cait Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services