Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Garnóireacht
Title
Garnóireacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Garnóireacht. An talamh do romhar agus a leasú go maith, sin é an gnó atá le déanamh sa gharraidhe ar theacht an Earraigh. Na fiadhaile do bhailliú agus dá mb'fhéidir iad do dhóghadh is amhlaidh is feárr é. Tá a luathrán soin ar fheabhas i gcóir leasúcháin. Ba mhór an nidh an cré do bheith tirim sara gcuirtear an síol isteach ar eagla aon leimhe dá bhreith ar ball. Ní ró fhuirist síol oireamhnach d'fhaghail agus dá mbeadh a súile ar chipíníbh ag lucht siopaí ní eireóchadh leo an fhaillighe sin do leigheas, dá mhéid cráidhtheacht atá ag baint leo, mara labhraidh an pobal i n-am ina thaobh. Bíonn an pobal ag brath ar na searabhóntuidhthe a thoghaidís chun an ghnótha sain do dhéanamh. Bhíos thuas amach fén dtuaith tá tamall ó shoin agus do thosnuigh bean an tighe ag caint liom ar an ndrabhfuigheal síl a gheibheann sí ó lucht siopaí áirithe. Bíonn ar mbantracht sa dTuaisceart ag formad le n-a chéile féachaint cia 'cu is túisce a bheadh tosach ag córughadh a ngarraidhthe i n-aghaidh an Earraigh. Do thairig lucht stiúrtha curraidheachta duais- eanna ar na bláthannaibh is na torthaí is fearr do chuirfidhe isteach ar an dtaispeána chínn bhliadhna atá curtha ar bun aca. Is minic a cuirtear gearán ós comhair lucht stiúrtha an taispeána soin de thoisc a olcas agus tá planndaí agus síol dá dhíol ag mangairí ar fuaid na duthaighe seo. Tá brath aca go n-eireochaidh leis an iarracht atá dhá dhéanamh chun bac do chur leis an mbob soin atá dó imirt i nganfhios ar na daoinibh. Agus eireóchaidh, má leantar don iarracht atá dhá dhéanamh chun scéitheadh ar an ndream atá cionntach leis. Ma thagann aon dian bháisteach nó deallramh briste ar an aimsir do chuirfidh cosc le curraidheacht acht tá an síon go maith oireamhnach fé láthair mar le haimsir Earraigh. Tosnuighthear ar an searbhán faolchon, an buidhe mór, agus an nasturium do chur. Badh mhaith an nidh leis tosnú ar an salchuach, lus na míol mór, cairneision agus calceólara d'athchur agu bíodh ionad fé leith soláirithe dóibh. Thuas ar bhárr árdáin bhig is minicidhe a chuirtear calceólarias. Dá gcuirtí aon radhaise mór des na Sueet Peas isteach dhéanfaidís an gnó go háluinn chun fál a thógaint. Ar dhá thaobh an chasáin an ball is éiseamhla chun é thógaint. Bíonn an ghaoth adthuaidh buille beag glas i gcaitheamh an Abráin agus ní beag an iongnadh an scrios a d'imthirigheann sé ar na bláthannaibh atá ós cionn talaimh, an tuiliop, cuir i gcás. Focal amháin n-thaobh soin: ba cheart lus na gcoinnle cura agus an tuiliop do chur ar thaobh na fothana: do thiocfadh fás ní b'fhearr ortha. Acht tá sé ag dul i ndeadhnaighe anois agus tá an chuid is mó dá ré caithte aca i mbiadhna. An tuiliop is túisce bheidh ar lár, is dóigh liom. B'oth liom an dochar ba lugha d'imtheacht ar an mbláth mbeag áirithe úd. Tá sé go háluinn chun féachaint air; ní lugha ná soin a dheiseacht agus a ghile. Tá sé ar na bláthannaibh is taithneamhaighe atá againn agus 'sé is mó is adhbhar cathuighthe dúinn gan an réiltean beag aoibhinn sin do bheith ag borradh agus ag fás i gcaitheamh na bliadhna go léir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services