Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Garnóireacht

Title
Garnóireacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Garnóireacht.



An talamh do romhar agus a leasú go maith,
sin é an gnó atá le déanamh sa gharraidhe ar
theacht an Earraigh. Na fiadhaile do bhailliú
agus dá mb'fhéidir iad do dhóghadh is amhlaidh is
feárr é. Tá a luathrán soin ar fheabhas i gcóir
leasúcháin. Ba mhór an nidh an cré do bheith
tirim sara gcuirtear an síol isteach ar eagla
aon leimhe dá bhreith ar ball. Ní ró fhuirist
síol oireamhnach d'fhaghail agus dá mbeadh a súile
ar chipíníbh ag lucht siopaí ní eireóchadh leo an
fhaillighe sin do leigheas, dá mhéid cráidhtheacht
atá ag baint leo, mara labhraidh an pobal i
n-am ina thaobh. Bíonn an pobal ag brath ar
na searabhóntuidhthe a thoghaidís chun an ghnótha
sain do dhéanamh.



Bhíos thuas amach fén dtuaith tá tamall ó
shoin agus do thosnuigh bean an tighe ag caint
liom ar an ndrabhfuigheal síl a gheibheann sí
ó lucht siopaí áirithe. Bíonn ar mbantracht
sa dTuaisceart ag formad le n-a chéile
féachaint cia 'cu is túisce a bheadh tosach ag
córughadh a ngarraidhthe i n-aghaidh an Earraigh.
Do thairig lucht stiúrtha curraidheachta duais-
eanna ar na bláthannaibh is na torthaí is fearr
do chuirfidhe isteach ar an dtaispeána chínn
bhliadhna atá curtha ar bun aca. Is minic a
cuirtear gearán ós comhair lucht stiúrtha an
taispeána soin de thoisc a olcas agus tá
planndaí agus síol dá dhíol ag mangairí ar
fuaid na duthaighe seo. Tá brath aca go
n-eireochaidh leis an iarracht atá dhá dhéanamh
chun bac do chur leis an mbob soin atá dó
imirt i nganfhios ar na daoinibh. Agus eireóchaidh,
má leantar don iarracht atá dhá dhéanamh chun
scéitheadh ar an ndream atá cionntach leis.



Ma thagann aon dian bháisteach nó deallramh
briste ar an aimsir do chuirfidh cosc le
curraidheacht acht tá an síon go maith oireamhnach
fé láthair mar le haimsir Earraigh.



Tosnuighthear ar an searbhán faolchon, an
buidhe mór, agus an nasturium do chur. Badh
mhaith an nidh leis tosnú ar an salchuach, lus
na míol mór, cairneision agus calceólara
d'athchur agu bíodh ionad fé leith soláirithe dóibh.
Thuas ar bhárr árdáin bhig is minicidhe a chuirtear
calceólarias. Dá gcuirtí aon radhaise mór
des na Sueet Peas isteach dhéanfaidís an gnó
go háluinn chun fál a thógaint. Ar dhá thaobh
an chasáin an ball is éiseamhla chun é thógaint.



Bíonn an ghaoth adthuaidh buille beag glas i
gcaitheamh an Abráin agus ní beag an iongnadh
an scrios a d'imthirigheann sé ar na bláthannaibh
atá ós cionn talaimh, an tuiliop, cuir i gcás.
Focal amháin n-thaobh soin: ba cheart lus
na gcoinnle cura agus an tuiliop do chur ar
thaobh na fothana: do thiocfadh fás ní b'fhearr
ortha. Acht tá sé ag dul i ndeadhnaighe anois
agus tá an chuid is mó dá ré caithte aca i
mbiadhna. An tuiliop is túisce bheidh ar lár,
is dóigh liom. B'oth liom an dochar ba lugha
d'imtheacht ar an mbláth mbeag áirithe úd. Tá
sé go háluinn chun féachaint air; ní lugha ná
soin a dheiseacht agus a ghile. Tá sé ar na
bláthannaibh is taithneamhaighe atá againn agus
'sé is mó is adhbhar cathuighthe dúinn gan an
réiltean beag aoibhinn sin do bheith ag borradh
agus ag fás i gcaitheamh na bliadhna go léir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services