Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhil Chorcaighe
Title
Gaedhil Chorcaighe
Author(s)
Mac Máthach, Céit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gaedhil Chorcaighe. Deineadh ana bhailiú i gcóir Chiste na Teangan annso i gCorcaigh i mbliadhna. Ana bhailiú ab 'eadh é agus a ghanghúisighe a's tá airgead agus a dhaoire a's tá gach nidh, bia agus uile. Bailiú abhfad níos fearr ná bailiú na mbliadhnta d'imigh tharainn le tamall ab eadh é 'n-a shligh féin. Ní ceart do lucht Connradh na Gaedhilge annso an meudú measa so aca tagaithe ag a gcomh-chathraightheoirí ar an dteangain a scaoileadh uatha gan tairbhe a bhaint as. Ní ceart do Ghaedhealaibh i n-aon bhall d'á mbíd aon bhuadh a fhaghaid a scaoileadh uatha ar neamh-nidh. Ní ceart é bheith le rádh le Gaedhealaibh níos mó: Faghaid buadh acht taréis a fhachta dhóibh fanaid ag maoidheamh agus ag comh-mholadh a chéile mar gheall air i n-ionad buadh eile do lorg dá bhithinn ionnus go n-ath-daingnighid a naimhde iad féin go gcuirid an buadh do rugadh ortha ar neamh-nídh. Acht ní'l de chrot air go bhfuil sé d'fhonn ar Árd-Coiste Chorcaighe fana- mhaint ag maoidheamh as ag comh-mholadh a chéile. Tá sé ráidhte go bhfuilid chun feuchaint indiaidh staid na Gaedhilge ins na scoileannaibh sa chathair agus, timcheall na cathrach. Tá sé i n-am san a dheunamh gan amhras acht “is fearr deunaigh nó ró-dheunaigh.” Fós cloisim go bhfuil Rúnaidhe agus Cisteoir an Árd-Choiste cheudna chun gabhail timcheall na cathrach agus timcheall comharsanachta na cathrach i n-áit ar bith a ghnáthuighid sluagh a bheith: mar atá: — Bóthar an Iarthair, an Dúbhglas an Bhlária, ar feadh na linne Duibhe, an “Fox and Hounds” go seasaid anáirde ar chlaidhe, nú ar bhfalla, nú ar charr agus go ndeunaid cainnt leis na daoine i dtaoibh na teangan agus an bhaint atá aici le náisiúntacht; agus le cúrsaí Gaedheal. Sin an saghas saothair a mholfainn. Róchiúin atáid na Gaedhil le sealadh. Tá sé i n-am dóibh iad féin a chur i n-úil don tsluagh arís. Laistigh den Chonnradh féin táthar is dóigh liom, chun breis anama a chur san obair. Táthar chun cualacht le h-aghaidh díospóireachta as Gaedhilg a chur ar bun. Do bhíodh, is dóigh liom, saghas éigin díospóireachta Gaedhilge i ngach craoibh ag na Gaedhilgeoirí innta 'n-a measg féin. Cloisim go h-áirighthe go mbíodh Gaedhilgeoirí Chorgaighe ag conspóid de shíor i dtaoibh ceisteannaibh díth chéillidhe as Gaedhilg acht níor cheart faillighe a dheunamh ar na ceisteannaibh bríoghmhara acht an oiread. Is mó de thábhacht iad sa deire thiar thall ná na ceisteanna díth chéillidhe. Teastuigheann taithighe uainn ar bheith ag cur síos ar cheisteannaibh bríoghmhaire tábhachtacha as Gaedhilg, toisc as fá deinimíd. Is fusa linn cur síos ar chruadh-ádhbharaibh cainte agus ar chruadh- cheisteannaibh as Beurla, agus sin é an fáth is mó dar liom go mbíonn Gaedhilgeoirí a' labhairt Beurla eadtortha féin chomh minic san. Fós rud eile: i n-ionad bheith ag fanamhaint mar bhíd deighilte ó chéile i mbuidheanta beaga, buidhean acu i ngach craoibh, ba cheart do Ghaedhilgeoirí Chorcaighe teangmháil le chéile níos minicighe ar aon-chomhluadar. As an gcomh-theangmháíl a fachtar an aithne agus is as an aithne a thig fás na bráithreacha agus an chompántas agus an cumainn a bhaineas leo. Do bhí cuirm cheoil agus dráma ag muinntir Chraoibhe na Paróiste Theas sa nGrianán, astoidhche lae 'le Pádraig. Bhí an chuirm cheoil go han mhaith agus do léirigheadh dráma — Caitlín Ní hUallacháin — go maith freisin. Do bhí Eoin Mac Néill annso Lá 'le Pádraig agus do labhair sé go bríoghmhar an lá son le hÓgláchaibh na hÉireann; agus do labhair sé chomh bríoghmhar leis an sluagh an oidhche roimis sin ó fhuinneoig halla na nÓglách. Céit Mac Máthach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services