Gaedhil Chorcaighe.
Deineadh ana bhailiú i gcóir Chiste na Teangan annso i gCorcaigh i mbliadhna.
Ana bhailiú ab 'eadh é agus a ghanghúisighe a's tá airgead agus a dhaoire a's
tá gach nidh, bia agus uile. Bailiú abhfad níos fearr ná bailiú na mbliadhnta
d'imigh tharainn le tamall ab eadh é 'n-a shligh féin.
Ní ceart do lucht Connradh na Gaedhilge annso an meudú measa so aca
tagaithe ag a gcomh-chathraightheoirí ar an dteangain a scaoileadh uatha gan
tairbhe a bhaint as. Ní ceart do Ghaedhealaibh i n-aon bhall d'á mbíd aon bhuadh
a fhaghaid a scaoileadh uatha ar neamh-nidh. Ní ceart é bheith le rádh le Gaedhealaibh
níos mó: Faghaid buadh acht taréis a fhachta dhóibh fanaid ag maoidheamh agus ag
comh-mholadh a chéile mar gheall air i n-ionad buadh eile do lorg dá bhithinn ionnus
go n-ath-daingnighid a naimhde iad féin go gcuirid an buadh do rugadh ortha ar
neamh-nídh.
Acht ní'l de chrot air go bhfuil sé d'fhonn ar Árd-Coiste Chorcaighe fana-
mhaint ag maoidheamh as ag comh-mholadh a chéile. Tá sé ráidhte go bhfuilid chun
feuchaint indiaidh staid na Gaedhilge ins na scoileannaibh sa chathair agus, timcheall
na cathrach. Tá sé i n-am san a dheunamh gan amhras acht “is fearr deunaigh nó
ró-dheunaigh.”
Fós cloisim go bhfuil Rúnaidhe agus Cisteoir an Árd-Choiste cheudna chun
gabhail timcheall na cathrach agus timcheall comharsanachta na cathrach i n-áit ar
bith a ghnáthuighid sluagh a bheith: mar atá: — Bóthar an Iarthair, an Dúbhglas an
Bhlária, ar feadh na linne Duibhe, an “Fox and Hounds” go seasaid
anáirde ar chlaidhe, nú ar bhfalla, nú ar charr agus go ndeunaid cainnt leis na
daoine i dtaoibh na teangan agus an bhaint atá aici le náisiúntacht; agus le
cúrsaí Gaedheal. Sin an saghas saothair a mholfainn. Róchiúin atáid na Gaedhil le
sealadh. Tá sé i n-am dóibh iad féin a chur i n-úil don tsluagh arís.
Laistigh den Chonnradh féin táthar is dóigh liom, chun breis anama a chur
san obair. Táthar chun cualacht le h-aghaidh díospóireachta as Gaedhilg a chur
ar bun. Do bhíodh, is dóigh liom, saghas éigin díospóireachta Gaedhilge i ngach
craoibh ag na Gaedhilgeoirí innta 'n-a measg féin. Cloisim go h-áirighthe
go mbíodh Gaedhilgeoirí Chorgaighe ag conspóid de shíor i dtaoibh ceisteannaibh
díth chéillidhe as Gaedhilg acht níor cheart faillighe a dheunamh ar na ceisteannaibh
bríoghmhara acht an oiread. Is mó de thábhacht iad sa deire thiar thall ná na
ceisteanna díth chéillidhe. Teastuigheann taithighe uainn ar bheith ag
cur síos ar cheisteannaibh bríoghmhaire tábhachtacha as Gaedhilg, toisc as fá
deinimíd. Is fusa linn cur síos ar chruadh-ádhbharaibh cainte agus ar chruadh-
cheisteannaibh as Beurla, agus sin é an fáth is mó dar liom go mbíonn Gaedhilgeoirí
a' labhairt Beurla eadtortha féin chomh minic san. Fós rud eile: i n-ionad bheith
ag fanamhaint mar bhíd deighilte ó chéile i mbuidheanta beaga, buidhean acu i ngach
craoibh, ba cheart do Ghaedhilgeoirí Chorcaighe teangmháil le chéile níos minicighe
ar aon-chomhluadar. As an gcomh-theangmháíl a fachtar an aithne agus is as
an aithne a thig fás na bráithreacha agus an chompántas agus an cumainn a
bhaineas leo.
Do bhí cuirm cheoil agus dráma ag muinntir Chraoibhe na Paróiste Theas
sa nGrianán, astoidhche lae 'le Pádraig. Bhí an chuirm cheoil go han mhaith agus
do léirigheadh dráma — Caitlín Ní hUallacháin — go maith freisin.
Do bhí Eoin Mac Néill annso Lá 'le Pádraig agus do labhair sé go
bríoghmhar an lá son le hÓgláchaibh na hÉireann; agus do labhair sé chomh
bríoghmhar leis an sluagh an oidhche roimis sin ó fhuinneoig halla na nÓglách.
Céit Mac Máthach.