Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara
Title
Conamara
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Cunga na Glóire. “Airgead a's ór, Maoin agus stór, Níl ionnta acht ceo, Imeasg daoine.” Da mbeith ceart le fághail is annseo ba chóir d'árd-chathair na h-Éireann do bheith. Dar mo bhriathar modhamhail féin níl ball eile, talmhan ar fód glas na h-Éireann chomh h'ársa, aoibhinn na an limisteur tíre sin idir Uachtar Árd agus loch Measga. Agus os ceart go mbeadh dlúth-bhaint ag stáir náisiún le'n a h-Árd-chathair cá bhfuighfidhe í muna bhfuightí annseo í. Tuath Dé Danann, Fir Bolg, Clann Mileidh, na Danair, Sasanaigh, Normánaigh, lucht leanamhna Chromuil. Do righneadar uile nead annseo. Do bhain gach dream aca a ngreim féin as. Do shladadar agus do chreachadar
rómpa agus in a ndiaidh. Do bhí saoghal na bhfuigheall aca ann. Agus muna mbeith go mb'fhiú dóibhe ní chuirfidís cém cruadh orra féin ag iarraidh do bhaint amach. Acht cheana, le suim mhaith bliadhain anuas do bhí drong ann, drong alpach, sanntach do sháruigh aon dream d'ár bhain ceannas, nó forlámhas amach rompa, agus b'iad sin na tighearnaí talmhan. Ach a bhuidhe le Dia, tá a réim-sean féin geall le bheith caithte agus beidh na taltaí míne ag sliocht an tsean-bhunaidh do chémnuigh ann i n-allód. “Saruigheann an fhoighid an chinnea- mhaint,” agus gidh gur ceusadh agus gur fulain- geadh, agus gur cuireadh le fán agus seachrán an t-shaoghail, atá a gcuid is a maoin ag filleadh ar chlainn uasail Ghaedhealaigh ár sinnsear fá dheireadh thiar. Nach ait an mac an saoghal? Cé adeireadh nach bhfuil ádhbhar misnigh agus dóchais againn? Cé adeireadh nach bhfuil tigheacht aniar agus cur i gcionn i gClannaibh Gaedhil? Cé adeireadh go mbeidís fá chois an choigcrígh go bráth? Do réir a chéile tiocfaidh chuig a chéile. Tiocfaidh spreacadh agus láidreacht ionnta. Crochfaid a gcinn go hárd fóill. Corrócha an fhuil ina gcuid cuisleacha agus cuipfe sprid na saorsacht ionnta. Is geal an lá bhéas i nÉirinn an lá úd. Do gheunaidhthear gníomhartha gaile as gaisge a chuirfeas iongantas ar an domhan. Aoibhinn díbh-se a bhéas beo lá sin na buaidhe. Nach ann a bhéas an aiséirghe ghlórmhar. Chífear taidhbhsí Eachadh, agus Fhichín, agus Bhriain Mhóir, agus Ghráinne Ní Mháille, agus an dá Aodh, agus Emmet, agus Uolf Tone, agus Beitsí Gré, agus Sheáin Mistéil agus Mhichil Mhic Daeide, agus na mílte de sheadairibh treuna tugadh mar íodhbairt ar son saorsachta na h-Éireann; ag gluaiseacht go maordha ar mhachairibh an dubhshláin. Agus dár cnámha na marbh! ní bheadh ceart le fághail muna mbeith dearg-ruathar agus ionnarbhadh ar an dream mío-thrócaireach do chongbhuigh i ngéibheann sinn le seacht gceud bliain. Cheana féin atá crathadh ag á bhaint asta. Atá an dair ag tosnú ar lobhadh. Lobhadh gan leigheas go raibh air. Má bhíonn muilte Dé mall féin, ní fhágann sin nach meiltear an mhin. Meilfeadar cumhacht na gcoigcríoch go fóill agus do gcuinidhtear mion-sprúdáin di ar fud an domhain. Fáth na Cinnte. Atáthar ann, dream adeuradh nach ceart do bheith ag cainnt mar sin: go mba chóra sgeul d'innseacht i dtaoibh Chunga Fheichín nó Chunga na Glóire, mar ghairmghtí air tráth. Ní mise amháin labhras mar sin. Feuch uait ar ballaibh fuara folmha na mainistreach sin thall. Cuimhnigh ar an uair a mbíodh ríghthe, agus flátha, agus ard-easbuig agus sagairt, agus manaigh, agus comhairleoirí, agus saoir, agus lucht léighinn fá'n a dhíon. Ná déan dearmad ar an eisiomplar do shár-obair ghreannuighthe do righneadh ann .i. Crois Chunga. Smaoin ar an seanchus eugsamhail ba chóir a bheith fá gach bliain in aimsir Chatha Mhuigh Tuireadh anuas — seanchus fá ghail agus ghaisge Ghaedheal, fá dheagh-iomchur agus léigheann, fá ealadhain agus dán, fá oibreachaibh rachadh chun glóire Dé agus onóra na hÉireann. Cá bhfuil dán, nó duan, nó dreucht? Cá bhfuil sgeul ná sguan? Cá bhfuil saothrú órnáid cloch? Cá bhfuil liomhthacht agus deiseacht árus ar mhodh ghlan-Ghaedhealaigh? Cá bhfuil tarraingeoracht nó dathadóireacht? Cá bhfuil greas fuirseórachta nó ceoil? Cá bhfuil gach arb chóir do bheith againn? Cá bhfuil an méid ba dual dúinn do bheith againn? Agus cé is cionn-tsiocair leis sin uile? Atá a fhios agam nach bhfuilmid féin saor ó locht, acht cá bhfuil tairbhe na sibhialtachta úd do bronnadh orainn? Cé chonbhuigh fá smacht agus ghéillsine sinn? Cé righne stáblaí de theampallaibh Dé? Cé do mhill agus do bhasg inntleacht ár sean? Cé do chuir ceangal na gcúig gcaol orainn agus d'fhág sinn mar atámuid? An iongnadh go mbíonn fearg ar dhuine an uair chuimhnigheas sé ar fhealltacht an chreachadóra, nó go deaghfadh crádhadh croidhe air tráth chíos na fotharaigh fholamha gan áird a raibh grádh agus gean agus meas ag a seacht sinnsear … roimhe ag gach cloch 'gus clúid dá raibh ionnta. In aimsir na Págantachta ba líonmhar lucht céimnidheacht na háite seo. Léightear sa seanchus cé'n troid mhór mhillteanach do thugtaí anseo trí do mharbhuigheadh sa gcomhlann. Maith an seasamh ag an gcárnán ceudna é. Iomdha glún do ghoid an bás leis ó hadhlacadh Eochaidh faoi. Do bhfeudtai cainnt do bhaint as Eochaidh nach aige do bhéadh na sgeulta. Agus cá bhfios dúinn nach bhfuil a fhios aige go bhfuilmid ag cainnt faoi mar seo agus é féin do rádh, “dá mbeith a fhios agaibh cá bhfuil luibh nó leighis an bháis agus í do thabhairt dom gheabhfaí cainnt bhur ndóthain asam.” Acht fairíor! atá eolas na luibheann ar seachrán uainn acht an oireadh le go leor ealadhan eile, agus caithfimid Eochaidh d'fhágáil mar fágadh é leis na cianta. Bheuramuid cuairt air aris ar shroichin Mhuighe Tuireadh dhúinn, óir atá orainn fanacht annseo stathadh eile. Feichín. 'San seachtmhadh aois do rugadh leanbh san gceanntar ar a dtugtaoi Luighne Uí h-Eaghra. I Sligeach do'n Luighne sin agus gar do Charraig na gCath, áit ar throid Franncaigh agus Gaedhil anaghaidh Sasanach i n-ocht gceud deug acht do. Feichín b'ainm do'n leanbh agus is uaidh ainmnigheadh an dúithche seo .i. Cunga Fheichín do bheirthear Cunga na Glóire air freisin. Léightear gur fear an-naomhtha do bhí sa bhFeichín seo, agus gur ab iomdha cill agus mainistir d'fhothuigh sé ní hé amháin 'san áit ar rugadh é ach i n-áiteachaibh eile i nÉirinn, go háirithe i gConamara agus na daoine do chomhnuigh ann do chur fá cheangal creidimhe agus crábhaidh. Do righne Feichín amhail mar bhain le Mac na Maighdine do ráinic Imáidh. Do chuir dluthas le'n a chuid oibre. Ní mó ná go maith do tháinig a shoisgeul le lucht na h-áite sin, agus is mór an tarcuisne do fuair se féin agus a chuid manach uatha. An uair do thuiteadh an oidhche do chaitheadh muinntear an oileain uirlis an naoimh amach sa bhfairrge, acht sin amhlaidh de barr aca, óir do bheuradh aingle Dé na h-uirlis ar ais ar maidin. In a cheann sin ní thiubhradh na h-oileánaidhthe bia nó deoch dhóíbh agus aithristear gur eug beirt aca leis an ocras. Acht d'aithbheodha Dia an bheirt tré athchuinge Fheichín. Ar chloisteál an-chaoi agus cruadh-chás Fheichín do Ghuaire, do chuir gach ar theastuigh uaidh chuige, agus do bhronn corn, nó cuach óir ar an naomh féin. Fuair Feichín dearg-sglábhuidh- eacht agus anshógh ar an oileán acht fá dheireadh fuair sé an ceann is fearr ar lucht an oileáin, gur chreideadar i nDia; agus go raibh ar na cáirdibh ab fhearr dá raibh aige. D'fhág a bheannacht ar Imáidh agus thug aghaidh ar Árd Oileán, áit ar fhothuigh sé cill agus clocháin. D'fhill as sin trí Dhúithche Sheoigheach go dtáinig go Cunga, an muineál talmhan sin atá idir Locht Coirb agus Loch Measga. Do righne iongantas de'n áit de'n áilneacht ós a chomhair, de'n chiúineas thart timcheall. “Fothóchad cill annseo i n-onóir do Dhia na Glóire,” ar seisean Do thug an t-árd-rí Domhnall Mac Aodha mic Ainmhir feilm talmhan do agus do righne Feichín an teampall. Ba í sin an bhliain 628. Do thug an talamh bia is deoch dóibh agus frioth bric agus bradáin sa loch i gcruthamhnas nach raibh easba bidh ná dighe ar na manachaibh. Leis an aimsear do bhí cliú agus cáil mainstreach Chunga Fheichín ag meudú go raibh … Sasanaidh fá dheireadh. Ó Conchubhair. Ar sgáth an méid seanchuis atá le léigheadh fá Chunga go dtí an dómhadh aois deug is tig linn trí léim táirriúra do chaitheamh thairis. Sí ár mbaramhail nach raibh sé saor ó chreich na nDanar, an uair do thigidís ar sluigheadh ag fuadach rompa ar Loch Coirb. Léighthear gur losgadh Cunga trí h-uaire ar a laghad, sna bliantaibh 1.111, 1.133, 1.134. Ní feas do na h-ughdaraibh cé aca de na bliantaibh sin ar cuireadh fad agus leithead aisti agus so righneadh an obair ghreannta sin a bhfuil an oiread sin measa againn air, agus an oiread sin cainnte faoi. 'Sé Toirdhbhealach Ó Conchubhair, rí, do chuir dluthas leis an ath-tógáil agus do righne an cleas ceudna le mainistir Thuama dhá Ghlualann. Do bhíodh sé féin agus Cormac mac Carrthaigh i n-árach a chéile go minic. B'ait an fear é Cormac ag tógáil teampall. Ba dheacair iad do shárú le órnáid agus greanndacht, agus is dócha nach dtiubhradh Toirdhbheach mór le rádh nach mbeadh cealla a chúige féin chomh h-áluinn le cinn Chormaic. Agus do bhí a shliocht ar na ceallaibh. Do caitheadh dúthracht agus stuaim cinn leo sa riocht go raibh glionndar croidhe ar Chonnachtaibh dá mbarr, agus go mba adhbhar gaisge dóibh iad ar fud an domhain. Cothrom an ama cheudna b'eadh gearradh agus múnluigheadh an chrois sin, a bhfuil a mhac-a-samhail ar shráidín Chunga. Crois an Turais. Acht is as Crois an Turais ata an bród ar fad. Ní thógfamuid orainn féin an obair iongantach atá uirri do mhíniú. Adeirtear nach bhfuil a sárú le fághail. Do cuireadh gitiu de'n Chrois ar ceusadh ar Slánuightheóir uirri chuig Toirdhbealach mór as an Róimh sa mbliain 1.123, agus is le clúdach do gheunamh do'n ngitin úd do righneadh Crois an Turais. Iartar … le haghaidh Thoirdhbealaigh mhóir, le haghaidh Mhuireadhaidh Uí Dhubhthaigh, agus ceann le h-aghaidh an fhir ghreasa do righne .i. Maoilíosa Mac Brathdan Ó hEochain. Thairis sin atá an rádh seo san Laidion - “hac Cruce crux tegitur sua pasus conditor orbis” Is insa an crois seo atá an chrois ar ceusadh Cruthuightheoir an domhain, ar slighe sábhála. Oirdheal, uasal, aigeanta an dream iad Clann Dubhthaigh. Ar feadh ceud blian do bhíodar i n-árd-réim an eaglais i nÉirinn, in a n-aircinneachaibh i gCluan Mhic nEois, i dTuaim-dhá-Ghualann, i gCunga, i Roscomáin, i gCluan Fearta, i Mainistir na Buaile agus i ngach áit eile. Mór an t-suim do cuireadh i ndiadhacht, i léigheann, i n-ealadhain agus sna dánaibh. Do sheasadar díleas do na Con- chubhartaibhibh i gcomhnuidhe agus ba mhinic dóibh ag á gcomhairliú i ngach aon rud do bhain le riaghlú na rioghachta. Atá cuid aca adhlaicthi annseo fá ar gcosaibh acht mo chreach! Níl lia ná leacht ós a gcionn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services