Conamara.
le Pádraig Ó Domhnalláin.
Cunga na Glóire.
“Airgead a's ór,
Maoin agus stór,
Níl ionnta acht ceo,
Imeasg daoine.”
Da mbeith ceart le fághail is annseo ba chóir
d'árd-chathair na h-Éireann do bheith. Dar
mo bhriathar modhamhail féin níl ball eile,
talmhan ar fód glas na h-Éireann chomh h'ársa,
aoibhinn na an limisteur tíre sin idir Uachtar Árd
agus loch Measga. Agus os ceart go
mbeadh dlúth-bhaint ag stáir náisiún le'n a
h-Árd-chathair cá bhfuighfidhe í muna bhfuightí
annseo í. Tuath Dé Danann, Fir Bolg, Clann
Mileidh, na Danair, Sasanaigh, Normánaigh, lucht
leanamhna Chromuil. Do righneadar uile nead
annseo. Do bhain gach dream aca a ngreim
féin as. Do shladadar agus do chreachadar
rómpa agus in a ndiaidh. Do bhí saoghal na
bhfuigheall aca ann. Agus muna mbeith go
mb'fhiú dóibhe ní chuirfidís cém cruadh orra
féin ag iarraidh do bhaint amach. Acht cheana,
le suim mhaith bliadhain anuas do bhí drong ann,
drong alpach, sanntach do sháruigh aon dream
d'ár bhain ceannas, nó forlámhas amach rompa,
agus b'iad sin na tighearnaí talmhan. Ach a
bhuidhe le Dia, tá a réim-sean féin geall
le bheith caithte agus beidh na taltaí míne ag
sliocht an tsean-bhunaidh do chémnuigh ann i
n-allód. “Saruigheann an fhoighid an chinnea-
mhaint,” agus gidh gur ceusadh agus gur fulain-
geadh, agus gur cuireadh le fán agus seachrán
an t-shaoghail, atá a gcuid is a maoin ag filleadh
ar chlainn uasail Ghaedhealaigh ár sinnsear fá
dheireadh thiar. Nach ait an mac an saoghal?
Cé adeireadh nach bhfuil ádhbhar misnigh agus
dóchais againn? Cé adeireadh nach bhfuil tigheacht
aniar agus cur i gcionn i gClannaibh Gaedhil?
Cé adeireadh go mbeidís fá chois an choigcrígh
go bráth? Do réir a chéile tiocfaidh chuig a
chéile. Tiocfaidh spreacadh agus láidreacht ionnta.
Crochfaid a gcinn go hárd fóill. Corrócha
an fhuil ina gcuid cuisleacha agus cuipfe sprid
na saorsacht ionnta. Is geal an lá bhéas i
nÉirinn an lá úd. Do gheunaidhthear gníomhartha
gaile as gaisge a chuirfeas iongantas ar an
domhan. Aoibhinn díbh-se a bhéas beo lá sin na
buaidhe. Nach ann a bhéas an aiséirghe ghlórmhar.
Chífear taidhbhsí Eachadh, agus Fhichín, agus Bhriain
Mhóir, agus Ghráinne Ní Mháille, agus an dá
Aodh, agus Emmet, agus Uolf Tone, agus
Beitsí Gré, agus Sheáin Mistéil agus Mhichil
Mhic Daeide, agus na mílte de sheadairibh treuna
tugadh mar íodhbairt ar son saorsachta na
h-Éireann; ag gluaiseacht go maordha ar
mhachairibh an dubhshláin. Agus dár cnámha na
marbh! ní bheadh ceart le fághail muna mbeith
dearg-ruathar agus ionnarbhadh ar an dream
mío-thrócaireach do chongbhuigh i ngéibheann sinn
le seacht gceud bliain. Cheana féin atá crathadh
ag á bhaint asta. Atá an dair ag tosnú ar
lobhadh. Lobhadh gan leigheas go raibh air. Má
bhíonn muilte Dé mall féin, ní fhágann sin nach
meiltear an mhin. Meilfeadar cumhacht na
gcoigcríoch go fóill agus do gcuinidhtear
mion-sprúdáin di ar fud an domhain.
Fáth na Cinnte.
Atáthar ann, dream adeuradh nach ceart do
bheith ag cainnt mar sin: go mba chóra sgeul
d'innseacht i dtaoibh Chunga Fheichín nó Chunga na
Glóire, mar ghairmghtí air tráth. Ní mise
amháin labhras mar sin. Feuch uait ar ballaibh
fuara folmha na mainistreach sin thall.
Cuimhnigh ar an uair a mbíodh ríghthe, agus flátha,
agus ard-easbuig agus sagairt, agus manaigh,
agus comhairleoirí, agus saoir, agus lucht léighinn
fá'n a dhíon. Ná déan dearmad ar an
eisiomplar do shár-obair ghreannuighthe do
righneadh ann .i. Crois Chunga. Smaoin ar an
seanchus eugsamhail ba chóir a bheith fá gach
bliain in aimsir Chatha Mhuigh Tuireadh anuas —
seanchus fá ghail agus ghaisge Ghaedheal, fá
dheagh-iomchur agus léigheann, fá ealadhain agus
dán, fá oibreachaibh rachadh chun glóire Dé agus
onóra na hÉireann. Cá bhfuil dán, nó duan,
nó dreucht? Cá bhfuil sgeul ná sguan? Cá
bhfuil saothrú órnáid cloch? Cá bhfuil liomhthacht
agus deiseacht árus ar mhodh ghlan-Ghaedhealaigh?
Cá bhfuil tarraingeoracht nó dathadóireacht?
Cá bhfuil greas fuirseórachta nó ceoil? Cá
bhfuil gach arb chóir do bheith againn? Cá
bhfuil an méid ba dual dúinn do bheith againn?
Agus cé is cionn-tsiocair leis sin uile? Atá
a fhios agam nach bhfuilmid féin saor ó locht,
acht cá bhfuil tairbhe na sibhialtachta úd do
bronnadh orainn? Cé chonbhuigh fá smacht
agus ghéillsine sinn? Cé righne stáblaí de
theampallaibh Dé? Cé do mhill agus do bhasg
inntleacht ár sean? Cé do chuir ceangal na
gcúig gcaol orainn agus d'fhág sinn mar atámuid?
An iongnadh go mbíonn fearg ar dhuine an uair
chuimhnigheas sé ar fhealltacht an chreachadóra,
nó go deaghfadh crádhadh croidhe air tráth chíos
na fotharaigh fholamha gan áird a raibh grádh agus
gean agus meas ag a seacht sinnsear … roimhe
ag gach cloch 'gus clúid dá raibh ionnta.
In aimsir na Págantachta ba líonmhar lucht
céimnidheacht na háite seo. Léightear sa seanchus
cé'n troid mhór mhillteanach do thugtaí anseo trí
do mharbhuigheadh sa gcomhlann. Maith an seasamh
ag an gcárnán ceudna é. Iomdha glún do
ghoid an bás leis ó hadhlacadh Eochaidh faoi. Do
bhfeudtai cainnt do bhaint as Eochaidh nach
aige do bhéadh na sgeulta. Agus cá bhfios dúinn
nach bhfuil a fhios aige go bhfuilmid ag cainnt
faoi mar seo agus é féin do rádh, “dá mbeith
a fhios agaibh cá bhfuil luibh nó leighis an bháis agus
í do thabhairt dom gheabhfaí cainnt bhur ndóthain
asam.” Acht fairíor! atá eolas na luibheann
ar seachrán uainn acht an oireadh le go leor
ealadhan eile, agus caithfimid Eochaidh d'fhágáil
mar fágadh é leis na cianta. Bheuramuid cuairt
air aris ar shroichin Mhuighe Tuireadh dhúinn,
óir atá orainn fanacht annseo stathadh eile.
Feichín.
'San seachtmhadh aois do rugadh leanbh san
gceanntar ar a dtugtaoi Luighne Uí h-Eaghra.
I Sligeach do'n Luighne sin agus gar do Charraig
na gCath, áit ar throid Franncaigh agus Gaedhil
anaghaidh Sasanach i n-ocht gceud deug acht do.
Feichín b'ainm do'n leanbh agus is uaidh
ainmnigheadh an dúithche seo .i. Cunga Fheichín
do bheirthear Cunga na Glóire air freisin.
Léightear gur fear an-naomhtha do bhí sa bhFeichín
seo, agus gur ab iomdha cill agus mainistir
d'fhothuigh sé ní hé amháin 'san áit ar rugadh é
ach i n-áiteachaibh eile i nÉirinn, go háirithe i
gConamara agus na daoine do chomhnuigh ann
do chur fá cheangal creidimhe agus crábhaidh.
Do righne Feichín amhail mar bhain le Mac na
Maighdine do ráinic Imáidh. Do chuir dluthas le'n
a chuid oibre. Ní mó ná go maith do tháinig a
shoisgeul le lucht na h-áite sin, agus is mór
an tarcuisne do fuair se féin agus a chuid
manach uatha. An uair do thuiteadh an oidhche do
chaitheadh muinntear an oileain uirlis an naoimh
amach sa bhfairrge, acht sin amhlaidh de barr
aca, óir do bheuradh aingle Dé na h-uirlis ar ais
ar maidin. In a cheann sin ní thiubhradh na
h-oileánaidhthe bia nó deoch dhóíbh agus
aithristear gur eug beirt aca leis an ocras.
Acht d'aithbheodha Dia an bheirt tré athchuinge
Fheichín. Ar chloisteál an-chaoi agus cruadh-chás
Fheichín do Ghuaire, do chuir gach ar theastuigh
uaidh chuige, agus do bhronn corn, nó cuach óir
ar an naomh féin. Fuair Feichín dearg-sglábhuidh-
eacht agus anshógh ar an oileán acht fá dheireadh
fuair sé an ceann is fearr ar lucht an oileáin,
gur chreideadar i nDia; agus go raibh ar na
cáirdibh ab fhearr dá raibh aige. D'fhág a
bheannacht ar Imáidh agus thug aghaidh ar Árd
Oileán, áit ar fhothuigh sé cill agus clocháin.
D'fhill as sin trí Dhúithche Sheoigheach go dtáinig
go Cunga, an muineál talmhan sin atá idir
Locht Coirb agus Loch Measga. Do righne
iongantas de'n áit de'n áilneacht ós a chomhair,
de'n chiúineas thart timcheall. “Fothóchad cill
annseo i n-onóir do Dhia na Glóire,” ar seisean
Do thug an t-árd-rí Domhnall Mac Aodha
mic Ainmhir feilm talmhan do agus do righne
Feichín an teampall. Ba í sin an bhliain 628.
Do thug an talamh bia is deoch dóibh agus frioth
bric agus bradáin sa loch i gcruthamhnas nach raibh
easba bidh ná dighe ar na manachaibh. Leis an
aimsear do bhí cliú agus cáil mainstreach Chunga
Fheichín ag meudú go raibh … Sasanaidh
fá dheireadh.
Ó Conchubhair.
Ar sgáth an méid seanchuis atá le léigheadh
fá Chunga go dtí an dómhadh aois deug is tig
linn trí léim táirriúra do chaitheamh thairis.
Sí ár mbaramhail nach raibh sé saor ó chreich na
nDanar, an uair do thigidís ar sluigheadh ag
fuadach rompa ar Loch Coirb. Léighthear gur
losgadh Cunga trí h-uaire ar a laghad, sna
bliantaibh 1.111, 1.133, 1.134. Ní feas do na
h-ughdaraibh cé aca de na bliantaibh sin ar
cuireadh fad agus leithead aisti agus so righneadh
an obair ghreannta sin a bhfuil an oiread sin
measa againn air, agus an oiread sin cainnte
faoi. 'Sé Toirdhbhealach Ó Conchubhair, rí, do
chuir dluthas leis an ath-tógáil agus do righne
an cleas ceudna le mainistir Thuama dhá
Ghlualann. Do bhíodh sé féin agus Cormac mac
Carrthaigh i n-árach a chéile go minic. B'ait an
fear é Cormac ag tógáil teampall. Ba
dheacair iad do shárú le órnáid agus greanndacht,
agus is dócha nach dtiubhradh Toirdhbheach mór
le rádh nach mbeadh cealla a chúige féin chomh
h-áluinn le cinn Chormaic. Agus do bhí a
shliocht ar na ceallaibh. Do caitheadh dúthracht
agus stuaim cinn leo sa riocht go raibh glionndar
croidhe ar Chonnachtaibh dá mbarr, agus go mba
adhbhar gaisge dóibh iad ar fud an domhain. Cothrom
an ama cheudna b'eadh gearradh agus múnluigheadh
an chrois sin, a bhfuil a mhac-a-samhail ar shráidín
Chunga.
Crois an Turais.
Acht is as Crois an Turais ata an bród ar
fad. Ní thógfamuid orainn féin an obair
iongantach atá uirri do mhíniú. Adeirtear nach
bhfuil a sárú le fághail. Do cuireadh gitiu de'n
Chrois ar ceusadh ar Slánuightheóir uirri chuig
Toirdhbealach mór as an Róimh sa mbliain 1.123,
agus is le clúdach do gheunamh do'n ngitin úd
do righneadh Crois an Turais. Iartar …
le haghaidh Thoirdhbealaigh mhóir, le haghaidh
Mhuireadhaidh Uí Dhubhthaigh, agus ceann le
h-aghaidh an fhir ghreasa do righne .i. Maoilíosa
Mac Brathdan Ó hEochain. Thairis sin atá an
rádh seo san Laidion - “hac Cruce crux tegitur
sua pasus conditor orbis” Is insa an crois
seo atá an chrois ar ceusadh Cruthuightheoir an
domhain, ar slighe sábhála.
Oirdheal, uasal, aigeanta an dream iad
Clann Dubhthaigh. Ar feadh ceud blian do
bhíodar i n-árd-réim an eaglais i nÉirinn,
in a n-aircinneachaibh i gCluan Mhic nEois, i
dTuaim-dhá-Ghualann, i gCunga, i Roscomáin,
i gCluan Fearta, i Mainistir na Buaile agus
i ngach áit eile. Mór an t-suim do cuireadh
i ndiadhacht, i léigheann, i n-ealadhain agus
sna dánaibh. Do sheasadar díleas do na Con-
chubhartaibhibh i gcomhnuidhe agus ba mhinic dóibh
ag á gcomhairliú i ngach aon rud do bhain le
riaghlú na rioghachta. Atá cuid aca adhlaicthi
annseo fá ar gcosaibh acht mo chreach! Níl
lia ná leacht ós a gcionn.