Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bliadhain an Chogaidh
Title
Bliadhain an Chogaidh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bliadhain an Chogaidh. Tá droch nós againn i nÉirinn ainm coigcríochach do thabhairt ar gach uile ní. Má tá orainn trácht ar dheireadh na seiseadh aoise deug tugamaoid aimsir Shibhéile air i n-ionad aimsire Aodha Uí Néill. Mar a gceudna tráchtamaoid ar aimsir Chromuil agus aimsir Bhictória agus ó sin siar. Is comhartha é don ghalldachas atá suidhte orainn. Ar an tséala sin creidim go dtiubharfar Bliadhain an Chogaidh Mhóir ar an bhliadhain atá ann anois go dtí go dtig ár gcial agus ár stuaim dhíleas dúthchais arís dúinn. Ach cibé ar bith baistfear ar an bhliadhain seo beidh adhbhar againn le cuimhniú uirthi. Ní théid an cogadh agus an ganntanas i dtairbhe dúinn agus is iomdha ruda a dhéanfaidh siad cíor-thuaithbheail daobhtha. Agus imeasg na ruda eile an Ghaedhilg mura dtiubhramaoid aire dí. Tá inntinn na ndaoine i gcoitchionn comh tógtha sin leis an chogadh uathbhásach gur baoghal go ndéanfaidh siad dearmad do gach uile rud ach é. Anois níl fíor-ádhbhar go ndéanfamaois dearmad nó neamaird ar an Ghaedhilg mar gheall ar an chogadh nó mar gheall ar aon rud eile. Beidh an Ghaedhilg againn, tá dúil agam, nuair a bhéas an cogadh, dá uathbhásaighe é, ar leathtaoibh arís. Beidh Éire ann nuair a bhéas an cogadh thart. Beidh teanga na hÉireann agus náisiúntacht na hÉireann le tarrtháil cibé ar bith mar bheas an sgéal ag an chogadh. Agus is é an rud amháin é, b'fhéidir, a bhfeudfamaoid a dhéanamh go héifeachtamhail fá láthair ar son na tíre .i. an teanga do neartú agus do chur 'un tosaigh. Tá polaitidheacht marbh fá láthair. Ní féidir aon ní do dhéanamh. Ní mór an méid is féidir a dhéanamh ar son déantúsa no talmhaidheachta. Tá gannchuid airgid agus gannchuid fear ag cur as dúinn, agus ní luigheann inntinn na ndaoine le healadhain nó le ceardaigheacht nó le litordhacht. Ach tig linn gan duadh leanmhain do'n Ghaedhilg. Tá na sgolta ag obair agus ní'l bacadh nó barradh ar na múinteóiribh agus na bainisteóiribh an Ghaedhilg do choinneáilt ar cois ionnta. Agus an Connradh féin ní fheicim a dhath le tuisle bhaint as. Na daoine ceudna do chuir ar bun é agus do neartuigh leis go dtí anois tá siad le fágháil, furmhór aca, chomh fairsing is bhí siad riamh. Agus an féidir a rádh go leigfidh siad do'n obair gabhail ar gcúl? Ní thuigim go leigfidh agus ní chreidim go leigfidh, ach go leanfaidh siad d'obair na Gaedhilge mar ba ghnáthach nó b'fhéidir níos fearr ná riamh. Beidh sé deacair, b'fhéidir, an t-airgead do bhailiú i mbliadhna. Tá an t-airgead gann ag a lán daoine. Tá luach sgriosta ar gach uile ní, agus tigeann sé cruaidh ar dhaoinibh na mbíonn aca ach páighe seachtmhaine nó páighe bliadhna agus an pháighe sin gan árdú. Má bhíonn an teacht isteach ceudna ag duine agus gurab amhlaidh go bhfuil dhá luach ar gach uile ní atá le ceannach aige 'tchídhfear nach mór do bheith aireach ar na sgillingeacha, agus na pighinneacha féin do chogailt. Ach ar an taoibh eile de'n sgéal, duine ar bith a bhfuil rud le díol aige budh cheart go mbeadh airgead fairsing aige. Ag na feirmeóirí, cuir i gcás, agus is iad an dream is líonmhaire i nÉirinn iad. Feuch an luach atá ar an eallach, ar chaoirighibh, ar mhucaibh, ar chapallaibh, ar chearcaibh, ar uibheachaibh, ar phréataibh, ar arbhar, ar mhin, ar fhéar, ar líon: ar gach uile rud atá le díol ag feirmeóiribh agus go mbeadh siad flaitheamhail dá réir do chisde na teangan. Ar scor ar bith, is beag duine nach féidir dó a bheag nó a mhór do thabhairt do chisde na Gaedhilge agus tá tuairim láidir agam nach bhfuil mórán daoine i nÉirinn, ach amháin dornán daoine a bhfuil droch-rún aca i dtoláimh do'n Ghaedhilg agus do gach a bhaineas le náisiúntacht na hÉireann, nach dtiubharfadh síntiús éigin uaidh do'n chisde ach a iarraidh air go macánta. Mar sin iarramaois an t-airgead go macánta ach gan dearmad nó faillighe ar aon duine. Is iomdha dóigh ann le n-a hiarraidh. Ag seo sompla ar dhóigh aca: Coisde beag de oifigibh san Chustom agus Acsadhas do tháinig i gcionn a chéile an oidhche fá dheireadh agus atá ag cur amach imlitir chuig i gcomh oifigibh d'iarraidh cabhrach do'n teangaidh. Budh gnáthach leis na dochtúiribh obair de'n tseort do dhéanamh, agus na maighistrí sgoile agus na maighistreasa, agus daoine eile. Ná déanadaois dearmad air i mbliadhna. Agus an bailiúchán i gcoitchionn ná leigimís i ndearmad nó i mbeag-shuim é. B'fhéidir i n-ainm Dé agus Cholumcille, gurb í bliadhain an chogaidh mhóir an bhliadhain atá i ndán dúinn feabhas oibre do dhéanamh ar son na teangan, i módh is nuair a bhéas an cogadh thart ag na heachdránaibh go mbeidh buaidhte ag an Ghaedhilg, agus go bhfeudamaoid bliadhain bhuaidhte na nÉireann do bhaisdeadh ar an bhliadhain 1915 i ni-ionad Bliadhain an Chogaidh. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services