Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bliadhain an Chogaidh

Title
Bliadhain an Chogaidh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bliadhain an Chogaidh.



Tá droch nós againn i nÉirinn ainm coigcríochach do thabhairt ar gach uile
ní. Má tá orainn trácht ar dheireadh na seiseadh aoise deug tugamaoid
aimsir Shibhéile air i n-ionad aimsire Aodha Uí Néill. Mar a gceudna
tráchtamaoid ar aimsir Chromuil agus aimsir Bhictória agus ó sin siar. Is
comhartha é don ghalldachas atá suidhte orainn. Ar an tséala sin creidim go
dtiubharfar Bliadhain an Chogaidh Mhóir ar an bhliadhain atá ann anois go dtí
go dtig ár gcial agus ár stuaim dhíleas dúthchais arís dúinn. Ach cibé
ar bith baistfear ar an bhliadhain seo beidh adhbhar againn le cuimhniú uirthi.
Ní théid an cogadh agus an ganntanas i dtairbhe dúinn agus is iomdha ruda a
dhéanfaidh siad cíor-thuaithbheail daobhtha. Agus imeasg na ruda eile an
Ghaedhilg mura dtiubhramaoid aire dí. Tá inntinn na ndaoine i gcoitchionn
comh tógtha sin leis an chogadh uathbhásach gur baoghal go ndéanfaidh siad
dearmad do gach uile rud ach é.



Anois níl fíor-ádhbhar go ndéanfamaois dearmad nó neamaird ar an
Ghaedhilg mar gheall ar an chogadh nó mar gheall ar aon rud eile. Beidh an
Ghaedhilg againn, tá dúil agam, nuair a bhéas an cogadh, dá uathbhásaighe é, ar
leathtaoibh arís. Beidh Éire ann nuair a bhéas an cogadh thart. Beidh teanga
na hÉireann agus náisiúntacht na hÉireann le tarrtháil cibé ar bith mar
bheas an sgéal ag an chogadh. Agus is é an rud amháin é, b'fhéidir, a
bhfeudfamaoid a dhéanamh go héifeachtamhail fá láthair ar son na tíre .i. an
teanga do neartú agus do chur 'un tosaigh. Tá polaitidheacht marbh fá
láthair. Ní féidir aon ní do dhéanamh. Ní mór an méid is féidir a dhéanamh
ar son déantúsa no talmhaidheachta. Tá gannchuid airgid agus gannchuid
fear ag cur as dúinn, agus ní luigheann inntinn na ndaoine le healadhain
nó le ceardaigheacht nó le litordhacht. Ach tig linn gan duadh leanmhain
do'n Ghaedhilg. Tá na sgolta ag obair agus ní'l bacadh nó barradh ar na
múinteóiribh agus na bainisteóiribh an Ghaedhilg do choinneáilt ar cois
ionnta. Agus an Connradh féin ní fheicim a dhath le tuisle bhaint as. Na
daoine ceudna do chuir ar bun é agus do neartuigh leis go dtí anois tá
siad le fágháil, furmhór aca, chomh fairsing is bhí siad riamh. Agus an
féidir a rádh go leigfidh siad do'n obair gabhail ar gcúl? Ní thuigim go
leigfidh agus ní chreidim go leigfidh, ach go leanfaidh siad d'obair na
Gaedhilge mar ba ghnáthach nó b'fhéidir níos fearr ná riamh.



Beidh sé deacair, b'fhéidir, an t-airgead do bhailiú i mbliadhna. Tá an
t-airgead gann ag a lán daoine. Tá luach sgriosta ar gach uile ní, agus
tigeann sé cruaidh ar dhaoinibh na mbíonn aca ach páighe seachtmhaine nó
páighe bliadhna agus an pháighe sin gan árdú. Má bhíonn an teacht isteach
ceudna ag duine agus gurab amhlaidh go bhfuil dhá luach ar gach uile ní atá
le ceannach aige 'tchídhfear nach mór do bheith aireach ar na sgillingeacha, agus
na pighinneacha féin do chogailt. Ach ar an taoibh eile de'n sgéal, duine ar
bith a bhfuil rud le díol aige budh cheart go mbeadh airgead fairsing aige.
Ag na feirmeóirí, cuir i gcás, agus is iad an dream is líonmhaire i
nÉirinn iad. Feuch an luach atá ar an eallach, ar chaoirighibh, ar mhucaibh, ar
chapallaibh, ar chearcaibh, ar uibheachaibh, ar phréataibh, ar arbhar, ar mhin, ar
fhéar, ar líon: ar gach uile rud atá le díol ag feirmeóiribh agus go mbeadh siad
flaitheamhail dá réir do chisde na teangan. Ar scor ar bith, is beag duine
nach féidir dó a bheag nó a mhór do thabhairt do chisde na Gaedhilge agus tá
tuairim láidir agam nach bhfuil mórán daoine i nÉirinn, ach amháin dornán
daoine a bhfuil droch-rún aca i dtoláimh do'n Ghaedhilg agus do gach a
bhaineas le náisiúntacht na hÉireann, nach dtiubharfadh síntiús éigin uaidh
do'n chisde ach a iarraidh air go macánta. Mar sin iarramaois an
t-airgead go macánta ach gan dearmad nó faillighe ar aon duine.
Is iomdha dóigh ann le n-a hiarraidh. Ag seo sompla ar dhóigh aca:
Coisde beag de oifigibh san Chustom agus Acsadhas do tháinig i gcionn a
chéile an oidhche fá dheireadh agus atá ag cur amach imlitir chuig i gcomh
oifigibh d'iarraidh cabhrach do'n teangaidh. Budh gnáthach leis na dochtúiribh
obair de'n tseort do dhéanamh, agus na maighistrí sgoile agus na
maighistreasa, agus daoine eile. Ná déanadaois dearmad air i mbliadhna.
Agus an bailiúchán i gcoitchionn ná leigimís i ndearmad nó i mbeag-shuim é.



B'fhéidir i n-ainm Dé agus Cholumcille, gurb í bliadhain an chogaidh
mhóir an bhliadhain atá i ndán dúinn feabhas oibre do dhéanamh ar son na
teangan, i módh is nuair a bhéas an cogadh thart ag na heachdránaibh go
mbeidh buaidhte ag an Ghaedhilg, agus go bhfeudamaoid bliadhain bhuaidhte na
nÉireann do bhaisdeadh ar an bhliadhain 1915 i ni-ionad Bliadhain an Chogaidh.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services