Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Arán Fataí
Title
Arán Fataí
Author(s)
M.,
Pen Name
M.
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Arán Fataí. “Táthar ag magadh fá na Gearmanaigh fá go bhfuilid ag déanamh aráin de fhataibh agus gur milis leó an cineál sin Aráin,” arsa Lloyd George an lá cheana. “Troid go bun seadh an troid seo agus an t-árán fataí seo ag na Gearmánaigh taisbeánann sé an mianach atá ionnta. Is mó go mór m'eagla roimh an mhianach soin,” ar seisean, “ná roimh a ngunnaíbh móra agus a sub- mairínibh. Troidfidh siad go bun; sin é an mianach atá ionnta; cruthuigheann an t-arán fataí gur mianach cruadh seasmhach a mianach siúd agus tógfaidh sé bliadhanta iad a chlaoidh. Ach claodhfar iad,” ar seisean, “mar go bhfuil Dia linn-ne sa gcogadh so. Tá a lámh san obair agus déanfar brúsgar den Ghearmánach craosach go fóill.” Má's fíor an sgéal go bhfuil Dia ar thaobh Shasan sa gcogadh so is mór an t-iongnadh nach mbeadh na Sasanaigh féin buidheach Dhe as ucht A' chonganta. An lá cheana a raibh LLoyd George ag cainnt ar arán fataí chuir sé i leith lucht oibre go bhfuil cuid aca chomh tugtha do'n ól is nach dtig leo a gcuid oibre a dhéanamh, agus dubhairt gur mó an sgrios a bhí déanta ortha ag an ólachán ná ag loingeas cogaidh na Gearmáine. Bhí an tsibhialtacht ag tuitim ó na chéile ach ba chuma sin le lucht maoine agus lucht oibre Shasan. Bhí aicme aca lobhtha le hól agus an dá aicme aca i sgóraigh a chéile i dtaobh árdú páighe. Bhí airgead agus árdbhrabach le déanamh as armáil mar go bhfuil siad ag teastáil go géar ó'n bhFrainnc is ó'n Rúis. Ach b'fhearr le lucht oibre fliuchadh a sgóige nó feoirling árdú ina bpáighe ná cur-le-chéile nuair atá an faill aca. Cheapfaidhe, dá mbeadh láimh Dé san obair go stiuróchaidhe cúrsaí na hImpireachta de réir A thola ach is baoghal nach minic a réidhtigheann cúsaí Impireacht dhá fheabhas é agus dlighe Dé le na chéile. Ní abróchainn nach bhfuil an oiread de'n cheart sa gcogadh ag Sasana is atá ag aon chumhacht eile aca, ach is soiléir nach deagh-shompla d'aon chineadh ar domhan muintir Shasan fá láthair. Féach LLoyd George agus ainm Dé 'na bhéal aige go mion agus go minic agus a chroidhe ghá bhrúgh ag an eagla roimh an namhaid; agus féach an sluagh mór ag tabhairt chúil do Dhia. Ní haon sgéal nua ag na Sasanaigh a leithéid sin. Ba mhinic doibh bheith chraosach agus neamh-shuimeamhail i nDia, ach ní radhadar ariamh gan dream beag gustalach le n-a dtreorú. Ghlacadar i gcomhnaidhe leis an treorú. Cuirfidh LLoyd George an t-ólachán fá chois agus cuirfidh sé iallach ar lucht oibre dul ar ais i néadan a ngótha agus coinneochar an Impireacht le chéile seal eile. Go bhfóiridh Dia ar dhaoinibh na hImpireachta, idir íseal agus uasal. Nach léir do'n dall féin nach bhfeileann síor-lorgaireacht maoine d'aon chineadh uasal. Níl aon saoghal níos fearr gá chur rómpa dóibh féin ag na Sasanaigh. Tá an tSainnt ina righ ar leath aca agus an Bochtanas ina righ ar an leath eile agus an Craos 'na árdrigh orth go léir. Agus stiúraigheann an Sasanaigh an Impireacht, sinn-ne is na hAlbanaigh is na Breathnaigh is na hIndighigh. Siad ar gcinnirí iad, príomh- chineadh na hImpireachta seadh iad dar leo féin. “Leanaidh ar lorg agus beidh libh,” ar siad. “Níl ach seafóid bheith ag iarraidh an tsean-Ghaedhilg a choinneál beo. 'Sé an Béarla príomh-theanga an domhain. Déanaidh Britons díbh féin nó ní eireochaidh libh.” Agus an bhfuil ag eirghe leo féin? Go sábháile Dia sinn, ón tsibhialtacht má's é Sasana toradh agus barr na sibhialtachta. Agus dá dhonacht iad is mó a dhéanfas siad na sinn-ne. Tá an mianach cruadh ionainn, agus cleachtadh againn ar arán fataí leis na ciantaibh ach níl an t-oideachas againn, ná an cur le chéile, ná riaghaltas le n-ár stiúradh. M.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services