Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Arán Fataí

Title
Arán Fataí
Author(s)
M.,
Pen Name
M.
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Arán Fataí.



“Táthar ag magadh fá na Gearmanaigh fá go bhfuilid ag déanamh aráin de
fhataibh agus gur milis leó an cineál sin Aráin,” arsa Lloyd George an lá
cheana. “Troid go bun seadh an troid seo agus an t-árán fataí seo ag na
Gearmánaigh taisbeánann sé an mianach atá ionnta. Is mó go mór m'eagla
roimh an mhianach soin,” ar seisean, “ná roimh a ngunnaíbh móra agus a sub-
mairínibh. Troidfidh siad go bun; sin é an mianach atá ionnta; cruthuigheann
an t-arán fataí gur mianach cruadh seasmhach a mianach siúd agus tógfaidh sé
bliadhanta iad a chlaoidh. Ach claodhfar iad,” ar seisean, “mar go bhfuil Dia
linn-ne sa gcogadh so. Tá a lámh san obair agus déanfar brúsgar den Ghearmánach
craosach go fóill.” Má's fíor an sgéal go bhfuil Dia ar thaobh Shasan sa gcogadh
so is mór an t-iongnadh nach mbeadh na Sasanaigh féin buidheach Dhe as ucht A'
chonganta. An lá cheana a raibh LLoyd George ag cainnt ar arán fataí chuir
sé i leith lucht oibre go bhfuil cuid aca chomh tugtha do'n ól is nach dtig leo a
gcuid oibre a dhéanamh, agus dubhairt gur mó an sgrios a bhí déanta ortha ag
an ólachán ná ag loingeas cogaidh na Gearmáine. Bhí an tsibhialtacht ag tuitim
ó na chéile ach ba chuma sin le lucht maoine agus lucht oibre Shasan. Bhí aicme
aca lobhtha le hól agus an dá aicme aca i sgóraigh a chéile i dtaobh árdú páighe.
Bhí airgead agus árdbhrabach le déanamh as armáil mar go bhfuil siad ag teastáil
go géar ó'n bhFrainnc is ó'n Rúis. Ach b'fhearr le lucht oibre fliuchadh a sgóige
nó feoirling árdú ina bpáighe ná cur-le-chéile nuair atá an faill aca. Cheapfaidhe,
dá mbeadh láimh Dé san obair go stiuróchaidhe cúrsaí na hImpireachta de réir
A thola ach is baoghal nach minic a réidhtigheann cúsaí Impireacht dhá fheabhas
é agus dlighe Dé le na chéile. Ní abróchainn nach bhfuil an oiread de'n cheart
sa gcogadh ag Sasana is atá ag aon chumhacht eile aca, ach is soiléir nach
deagh-shompla d'aon chineadh ar domhan muintir Shasan fá láthair. Féach LLoyd
George agus ainm Dé 'na bhéal aige go mion agus go minic agus a chroidhe ghá
bhrúgh ag an eagla roimh an namhaid; agus féach an sluagh mór ag tabhairt chúil
do Dhia. Ní haon sgéal nua ag na Sasanaigh a leithéid sin. Ba mhinic doibh bheith
chraosach agus neamh-shuimeamhail i nDia, ach ní radhadar ariamh gan dream beag
gustalach le n-a dtreorú. Ghlacadar i gcomhnaidhe leis an treorú. Cuirfidh
LLoyd George an t-ólachán fá chois agus cuirfidh sé iallach ar lucht oibre dul
ar ais i néadan a ngótha agus coinneochar an Impireacht le chéile seal eile.
Go bhfóiridh Dia ar dhaoinibh na hImpireachta, idir íseal agus uasal. Nach léir do'n
dall féin nach bhfeileann síor-lorgaireacht maoine d'aon chineadh uasal. Níl aon
saoghal níos fearr gá chur rómpa dóibh féin ag na Sasanaigh. Tá an tSainnt ina
righ ar leath aca agus an Bochtanas ina righ ar an leath eile agus an Craos 'na
árdrigh orth go léir. Agus stiúraigheann an Sasanaigh an Impireacht, sinn-ne
is na hAlbanaigh is na Breathnaigh is na hIndighigh. Siad ar gcinnirí iad, príomh-
chineadh na hImpireachta seadh iad dar leo féin. “Leanaidh ar lorg agus beidh
libh,” ar siad. “Níl ach seafóid bheith ag iarraidh an tsean-Ghaedhilg a choinneál
beo. 'Sé an Béarla príomh-theanga an domhain. Déanaidh Britons díbh féin
nó ní eireochaidh libh.” Agus an bhfuil ag eirghe leo féin? Go sábháile Dia sinn,
ón tsibhialtacht má's é Sasana toradh agus barr na sibhialtachta. Agus dá dhonacht
iad is mó a dhéanfas siad na sinn-ne. Tá an mianach cruadh ionainn, agus
cleachtadh againn ar arán fataí leis na ciantaibh ach níl an t-oideachas
againn, ná an cur le chéile, ná riaghaltas le n-ár stiúradh.



M.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services