Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Éire agus an Cogadh
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Éire agus an Cogadh
Author(s)
An Buailteán,
Pen Name
An Buailteán
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Éire agus an Cogadh. Tháinig síothmhaor go dtí baintreabhach bhocht i gCondae Luimnigh agus dubhairt léi go gcaithfeadh sí a cuid féir is coirce a dhóghadh dá dtigeadh na Geamánaigh i dtír i nÉireann, agus go gcaithfeadh sí fein imtheacht go Brugh. Tá an bhean bhocht ó shoin tré na chéile. “Cad a bheadh le fágháil agam i mBrugh?” ar sí, agus tá an cheist chéadna ghá fiafraigh ag na daoinibh a chomhnuigheann timcheall ar imeall bhórdaibh na hÉireann. Ní dóigh leis an bpobul i Sasanaibh go bhfuil baoghal ar na Gearmánaigh teacht i dtír thall, agus muna dtig leo Sasana a ghabhail ní dócha go dtiocfadh leo Éire a shroichint an fhaid is atá cabhlach Shasan ar uachtar uisge. Cad chuige mar sin an gleo agus an sgannradh agus an cur tré chéile? Cad chuige muinntir na hÉireann a bheith ghá ndíbirt go Brugh agus ordú ghá thabhairt dóibh a gcuid féir is coirce a dhóghadh is a gcuid eallaigh do chur ar sliabh? Dubhairt an “Sunday Chronicle” go bhfuil toradh ar an ordú cheana féin, go bhfuil sé ag brostú ár n-ógbhaidhe isteach san arm. Sgriosadh Tráchtála. Dia Sathairn seo caithte tholl submarín Gearmánach agus chuir go tóin puill trí longa tráchtála san Muir Minn. Is ar éigin báis a thug long ó Bhéilfeirsde an stiúir léi. Sheol an Grapic ó Bhéilfeirste maidin Dia Sathairn ag dul go Libherpool dhí. I lár na Mara Minne chonnaic an caiptín clárach loinge agus bairrlí ar uachtar na fairrge agus ba ghearr ina dhiaidh sin go bhfaca sé long eile ghá réabadh ag submarín. Tar éis sin, lean an submarín an Grapic ach d'athruigh an caiptín a chúrsa agus tháinig sé slán. Tá cabhlach Shasan ag imirt díth bídh agus lóin chogaidh ar an Almáin ar shúil go gcuirfidh an t-ocras agus an gorta go dian ar na Gearmánaigh agus go mbéidh ortha cur suas de'n chogadh agus géilleadh do na Cáirdibh. Tá an cleas céadna ghá imirt ar Shasanaibh ag na Gearmánaigh agus is baoghalach go n-aireochar i nÉireann é. Déantar an chuid is mó dár dtráchtáil le Sasanaibh. Tá an loingeas tráchtála i gcomhnuidhe ar an Muir Mhinn ag tabhairt mart is muc is caorach anonn agus earraidh anall. Gheibheann Seán neart lón cogaidh as Éirinn. Má leanann na submaríní dha ngnó béidh cosg ar an tráchtáil gan mhoill. Díth Fear agus Easpaidh Airgid. Na pléasgáin a cuireadh san bhfairrge mhóir an taobh ó thuaidh d'Ultaibh chuireadar deireadh le hiasgaireacht ar chóstaibh Uladh. Tá iasgairí iarthair Thír Chonaill ag dul amach arís agus níor bhain timpiste dóibh go fóill. Síltear nár cuireadh na pléasgáin san bhfairrge thiar ar chor ar bith. Nuair a bhí na hiasgairí fágtha ina gcomhnaidhe de bharr an chogaidh shíleadar go dtiocfadh an riaghaltas dá gcabhair, acht bhí dul amudha mór ortha. An t-airgead a bhí geallta le h-aghaidh oibreacha puiblidhe coinnigheadh siar é agus tá cead ag na hiasgairíbh bás d'fhághail leis an ocras. Bhí neart óir ag an Riaghaltas ó'n Rúis. Bhí seacht milliún aca d'n Rómáin. Níl pingin dár gcuid fein le fághail againne. Agus tá muid ar náisiún de na Cáirdibh, agus níl lá nach mbíonn sgéala ins na páipéaraibh go bhfuil ár n-ógbhaidhe ag fágháil bháis ina míltíbh ar pháirc an áir, agus deirtear linn go gcaithfimid seasamh guala le gualainn le Sasanaigh is Albanaigh, Franncaigh is fearraibh gormaibh. “Díth fear imtheartha ar na hÉireannaigh arís” — tá an sgéal so le léigheadh againn uair sa tseachtain ó thosaigh an cogadh. Tá díth fear ghá himirt orainn sa mbaile leis, agus is annsa le Cisteoir Shasana cine iasachtach ar bith ná sinne. Tá cluanta cois na Sionainne agus chois an Bhearbha faoi uisge agus an talamh ghá lobhadh; tá iasgairí Uladh ina gcomhnaidhe; tá ár dtráchtáil ghá cosg; agus tá ár gcuid óir tugtha ar iasacht do'n Rúiseach is don Románach. An Bhreith Chóir. Tá eagla orainn gur ghabh sgannradh agus umhan cuid dár n-iúistísí le deidheannaighe. Cúisigheadh fear i nGaillimh ráithe ó shoin fá gur bhuail sé saighdiúir a d'ionnsuigh é agus a shíl é a bhualadh le crios trom-bhúclach. Dearbhuigheadh sa gcúirt gur ionnsuigh an saighdiúir agus daoine eile sgata Óglach gan fáth gan adhbhar. Bhí Mac Ártúir an duine a cúisigheadh, ar dhuine de na hÓglaigh agus nuair a thug an saighdiúir an fogha faoi bhuail sé buille d'a ngualainn de ghunna air agus d'fhág as slatrachaibh a droma é. Daoradh Mac Ártúir agus tugadh breith sé seachtainí príosúntachta air. Níor ghlac Mac Ártúir leis an mbreith. Thug sé an cás arís os comhair an tSeisiúin Cheathramhnaigh. Do phléigh Ua Coincheanainn, an dligheadóir, an chúis go breath misneamhail. Bhí fiadhnaisí i láthair a mhionnuigh gur ionnsuigh an saighdiúir Mac Ártúir. Dubhairt Ua Coincheanainn gur ceart do shaighdiúiribh iad féin a iomchar go cóir agus chreid se gurbh é an saighdiúir ba chionntach sa gcás so Mhic Ártúir. Níor tugadh aon chreideamhain do Ua Coincheanainn ná dá fhiadhnaisibh. Dhearbhuigh an Breitheamh Ua Dubhaill agus iúistísí na Gaillimhe gur thug an chúirt íochtarach breith chóir; ach bhain aimreas eicínt dóibh. Ní rabhadar sasta Mac Ártúir a chur i bpríosún. D'athruigheadar “an bhreith chóir” agus ghearadar deich bpunt fíneáil air. An Buailteán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services