Cúrsaí an tSaoghail.
Éire agus an Cogadh.
Tháinig síothmhaor go dtí baintreabhach bhocht
i gCondae Luimnigh agus dubhairt léi go
gcaithfeadh sí a cuid féir is coirce a dhóghadh dá
dtigeadh na Geamánaigh i dtír i nÉireann, agus
go gcaithfeadh sí fein imtheacht go Brugh. Tá
an bhean bhocht ó shoin tré na chéile. “Cad a
bheadh le fágháil agam i mBrugh?” ar sí, agus
tá an cheist chéadna ghá fiafraigh ag na daoinibh
a chomhnuigheann timcheall ar imeall bhórdaibh
na hÉireann. Ní dóigh leis an bpobul i Sasanaibh
go bhfuil baoghal ar na Gearmánaigh teacht i
dtír thall, agus muna dtig leo Sasana a
ghabhail ní dócha go dtiocfadh leo Éire a shroichint
an fhaid is atá cabhlach Shasan ar uachtar uisge.
Cad chuige mar sin an gleo agus an sgannradh
agus an cur tré chéile? Cad chuige muinntir
na hÉireann a bheith ghá ndíbirt go Brugh agus
ordú ghá thabhairt dóibh a gcuid féir is coirce a
dhóghadh is a gcuid eallaigh do chur ar sliabh?
Dubhairt an “Sunday Chronicle” go bhfuil
toradh ar an ordú cheana féin, go bhfuil sé ag
brostú ár n-ógbhaidhe isteach san arm.
Sgriosadh Tráchtála.
Dia Sathairn seo caithte tholl submarín
Gearmánach agus chuir go tóin puill trí longa
tráchtála san Muir Minn. Is ar éigin báis
a thug long ó Bhéilfeirsde an stiúir léi. Sheol
an Grapic ó Bhéilfeirste maidin Dia Sathairn
ag dul go Libherpool dhí. I lár na Mara Minne
chonnaic an caiptín clárach loinge agus bairrlí
ar uachtar na fairrge agus ba ghearr ina dhiaidh
sin go bhfaca sé long eile ghá réabadh ag
submarín. Tar éis sin, lean an submarín an
Grapic ach d'athruigh an caiptín a chúrsa agus
tháinig sé slán. Tá cabhlach Shasan ag imirt díth
bídh agus lóin chogaidh ar an Almáin ar shúil
go gcuirfidh an t-ocras agus an gorta go dian
ar na Gearmánaigh agus go mbéidh ortha cur
suas de'n chogadh agus géilleadh do na Cáirdibh.
Tá an cleas céadna ghá imirt ar Shasanaibh ag
na Gearmánaigh agus is baoghalach go n-aireochar
i nÉireann é. Déantar an chuid is mó dár
dtráchtáil le Sasanaibh. Tá an loingeas
tráchtála i gcomhnuidhe ar an Muir Mhinn
ag tabhairt mart is muc is caorach anonn agus
earraidh anall. Gheibheann Seán neart lón
cogaidh as Éirinn. Má leanann na submaríní
dha ngnó béidh cosg ar an tráchtáil gan mhoill.
Díth Fear agus Easpaidh Airgid.
Na pléasgáin a cuireadh san bhfairrge mhóir
an taobh ó thuaidh d'Ultaibh chuireadar deireadh
le hiasgaireacht ar chóstaibh Uladh. Tá iasgairí
iarthair Thír Chonaill ag dul amach arís agus
níor bhain timpiste dóibh go fóill. Síltear nár
cuireadh na pléasgáin san bhfairrge thiar ar
chor ar bith. Nuair a bhí na hiasgairí fágtha ina
gcomhnaidhe de bharr an chogaidh shíleadar go
dtiocfadh an riaghaltas dá gcabhair, acht bhí dul
amudha mór ortha. An t-airgead a bhí geallta
le h-aghaidh oibreacha puiblidhe coinnigheadh siar
é agus tá cead ag na hiasgairíbh bás d'fhághail
leis an ocras. Bhí neart óir ag an Riaghaltas
ó'n Rúis. Bhí seacht milliún aca d'n Rómáin.
Níl pingin dár gcuid fein le fághail againne.
Agus tá muid ar náisiún de na Cáirdibh, agus
níl lá nach mbíonn sgéala ins na páipéaraibh
go bhfuil ár n-ógbhaidhe ag fágháil bháis ina míltíbh
ar pháirc an áir, agus deirtear linn go gcaithfimid
seasamh guala le gualainn le Sasanaigh is
Albanaigh, Franncaigh is fearraibh gormaibh. “Díth
fear imtheartha ar na hÉireannaigh arís” —
tá an sgéal so le léigheadh againn uair sa
tseachtain ó thosaigh an cogadh. Tá díth fear
ghá himirt orainn sa mbaile leis, agus is annsa
le Cisteoir Shasana cine iasachtach ar bith ná sinne.
Tá cluanta cois na Sionainne agus chois an
Bhearbha faoi uisge agus an talamh ghá lobhadh;
tá iasgairí Uladh ina gcomhnaidhe; tá ár dtráchtáil
ghá cosg; agus tá ár gcuid óir tugtha ar iasacht
do'n Rúiseach is don Románach.
An Bhreith Chóir.
Tá eagla orainn gur ghabh sgannradh agus
umhan cuid dár n-iúistísí le deidheannaighe.
Cúisigheadh fear i nGaillimh ráithe ó shoin fá gur
bhuail sé saighdiúir a d'ionnsuigh é agus a shíl
é a bhualadh le crios trom-bhúclach. Dearbhuigheadh
sa gcúirt gur ionnsuigh an saighdiúir agus
daoine eile sgata Óglach gan fáth gan adhbhar.
Bhí Mac Ártúir an duine a cúisigheadh, ar dhuine
de na hÓglaigh agus nuair a thug an saighdiúir
an fogha faoi bhuail sé buille d'a ngualainn
de ghunna air agus d'fhág as slatrachaibh a droma
é. Daoradh Mac Ártúir agus tugadh breith sé
seachtainí príosúntachta air. Níor ghlac
Mac Ártúir leis an mbreith. Thug sé an cás
arís os comhair an tSeisiúin Cheathramhnaigh. Do
phléigh Ua Coincheanainn, an dligheadóir, an chúis
go breath misneamhail. Bhí fiadhnaisí i láthair a
mhionnuigh gur ionnsuigh an saighdiúir Mac Ártúir.
Dubhairt Ua Coincheanainn gur ceart do
shaighdiúiribh iad féin a iomchar go cóir agus
chreid se gurbh é an saighdiúir ba chionntach sa
gcás so Mhic Ártúir. Níor tugadh aon
chreideamhain do Ua Coincheanainn ná dá
fhiadhnaisibh. Dhearbhuigh an Breitheamh Ua
Dubhaill agus iúistísí na Gaillimhe gur thug an
chúirt íochtarach breith chóir; ach bhain aimreas
eicínt dóibh. Ní rabhadar sasta Mac Ártúir
a chur i bpríosún. D'athruigheadar “an bhreith
chóir” agus ghearadar deich bpunt fíneáil air.
An Buailteán.