Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Corca Dhuibhne
Title
Corca Dhuibhne
Author(s)
Ó Corcardha, Diarmaid,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Corca Dhuibhne. Obair gá déanamh ann. Craobhacha. I mí Meadhón Foghmhair sa bhliadhain 1913 iseadh do thosnuigheas ag obair do Chonnradh na Gaedhilge i gceanntar Daingin i gCorca Dhuibhne. Is amhalaidh do tógadh mé mar fhear-ionaid do Phádraig Ó Corcardha an Múinteóir Gaedhilge a bhí ag obair san cheanntar go dtí san, ach a bhí breoidhte le linn na huaire sin. Sé an obair do dheineas ar feadh na míosa san ná na sgoileanna go léir a bhí sa cheanntar timcheall cúig cinn dhéag acu, d'fhiosrú. Do mhúininn ceacht nó dó in gach sgoil nuair d'fhiosruighinn í, d'réir mar a gheibhinn cead agus aga ó'n oide chun a dhéanta. I dtosach mí Deire Fóghmhair, annsan, chuireas trí craobhacha ar bun nó b'fhéidir go mba chirte dhom a rádh gur dheinis iad d'aithbhéochaint óir bhíodar ar siubhal cheana le roinnt blian roimis sin. I gCnoc a' Bhróigín. Mám na Gaoithe agus Cill Mhic a Domhnaigh iseadh do bhí na craobhacha san agus uair sa tseachtmhain do thugainn cuaird ortha, sé sin oidhche do chaitheamh ins gach áit díobh. Bhíodh orm dul sé mhíle ó bhaile go Mám na Gaoithe, ocht míle go Cill Mich an Domhnaigh ach ní raibh an tríomhadh áit ach suas le trí mhíle go leith uaim. Do bhíodh céad pearsa agus ós a chionn ag teacht chun craoibhe an Mháma, timcheall 80 go Cnoc an Bhróigin agus caogadh nó mar sin go Cill Mhic a' Domhnaigh. Do léighinn sgéal nó dhó dhóibh as leabhar éigin. Annsan do roinninn dosaon nó dhó cóip de'n “Lóchrann,” ortha agus do chuirinn dá léigheadh iad. Na teannta san do bhíodh amhránaidheacht as rinnce againn. Uair- eannta eile do scaipinn cúpla dosaon de shean-chóipeannaibh an Chlaidhimh na measg agus leiginn dóibh iad do bhreith abhaile leo agus bheith ag gábhail dóibh chomh maith is do b'fhéidir dóibh. Sa tsligh sin dóibh d'éirigh le n-a lán dos na daoine a bhíonn ag foghluim na Gaedhilge do léigheadh. Ní chreidfeadh aoinne acht an meud leabhar Gaedhilge a cheannuighthear i gcrích Chorca Dhuibhne gach bliadhain agus ní hiad na daoine a bhíonn ag foghluim na Gaedhilge a cheannuigheann iad leis ach na daoine óga fásta. Cuireadh craobh eile ar bun istigh i mbaile mór an Daingin. Bhí sé dhá bhliadhain roimis sin ó bhí craobh ar siubhal ann. I dTig na Cúirte do bhí an chraobh agus bhíodh sí ar siubhal trí oidhche sa tseachtmhain. 120 duine a bhí a teacht ann. Bhíodh dhá bhuidhin ann .i. buidhean na dtosnuightheóirí agam féin agus buidhean “Shéadna” fé chúram an Athar Uí Mhurchadha. D'éirigh go han-mhaith le lucht na mbuidhean san agus deineadh obair mhaith thairbhtheach an fhaid a's sheasaimh an craobh. Bhíodh craobh againn leis, trí oidhche sa tseachtmhain, le haghaidh leanbhaí na sráide. Bhíodh timcheall dachad éiginteach leanbh i láthair. Bhí na ceithre craobhacha san ar siubhal agam go dtí lár mhí an Abráin. B'fhin cúig craobhacha agus mise na mbun sé oidhche sa tseachtmhain. I dteannta fogha a choimheád fé sna crobhachaibh san do thugainn cuaird gach lá ar sgoil nó dhó. Leathtriúig. Sin í an obair do bhí ar siubhal agam go dtí tosach mhí na Bealtaine. Chuir Seán Ó Cearbhaill, timire, fios orm annsan chun dul síos go ceanntar an Leithriúig mar go raibh sé féin agus Seán Ó Loingsigh, O.S, tar éis dhá chraoibh do chur ar bun ann — ceann shíos ar Ché Bhreanndáin agus ceann sa Chlochán. Bhí craobh Bhreanndáin fé chúram Sheáin Uí Loingsigh agus an ceann eile f'ám' chúramsa. Dhein Seán Ó Loingsigh obair mhaith i mBreanndán. Fíor-Ghaedheal agus Gaedhilgeóir cliste é Seán. Bhíodh ormsa trí mhíle dhéag de bhóthar do chur díom ag dul síos annsan agus ceithre mhile dhe sin do shiubhal ag dul 's a teacht dom. Chaitheas mí an Iúil agus mí Lughnasa ag cabhrú le lucht Coláisde an Daingin. Bhíodh buidhean agam gach Satharn ó Mheadhon Fóghmhair, 1913, go dtí Lughnasa 1914, dos na mnáibh riaghalta. Dhá-réag ban Riaghalta do bhíodh sa bhuidhin. Ní raibh ach triúr nó ceathrar acu go raibh aon éolas ar Ghaedhilg acu ag tosnú dhóibh. Tosnuightheóirí do b'eadh an chuid eile aca. Chuadar go léir fé sgrúdú i mí na Lughnasa so caithte agus d'éirigh leo go rígh-mhaith. Fuair seisear díobh an “tÁrd-Theastas.” Fuair duine aca an “Teastas Dhá-Theangach” agus an chuid eile aca “teastas sealadach.” Bíd féin ag múine na Gaedhilge anois sa choinbhint. Cruinnighthe. Cuireadh trí chruinnighthe ar bun i rith na bliadhna — ceann sa Dhaingean, ceann i gCeann Trágha agus ceann i Lios Póil. Do labhair Pádraig Ó Dálaigh, Tomás Ó Domhnaill, Feisire, An Canónach Ó Laoghaire, an tAthair Ó Murchadha agus gasra eile ag cruinniú an Daingin. Sé Seán Ó Cearbhaill do labhair ag an da áit eile. Dhíolas fein agus an timthire roinnt mhaith leabhar n-urnaighthe ag geataí na séipéal agus scaipeamair mór chuid sean “Claidhte” agus “Lóchrainn.” Bhí an-ghlaodhach ag na daoine ortha. Sin mar a chaitheas an bliadhain sin ó'n Mheadhon Fóghmhair, 1913, go dtí Lúghnasa, 1914. Buidhean do na hIascairibh. Tar éis obair an choláisde a bheith thart thugas m'aghaidh síos thar chnoc go ceanntar an Leiththriúig arís, timcheall an dara seachtmhain de mhí Mheadhon Fóghmhair. Bhí Seán Ó Cearbhaill, timthire, ann rómham agus dheineamair féin, agus Seán Ó Loingsigh craobhacha an Bhreanndáin agus an Chlocháin d'aithbhéochaint. Chuir- eamair coisde ceanntair ar bun annsan tamaillín tar éis na gcraobh do chur ar siubhal dúinn. Ceithre oidhche sa tseachtmhain iseadh bíonn an dá chraoibh san ar bun — dhá oidhche do gach craobh. Is minic a bhíon 150 pearsa ag craoibh Bhreanndáin nuair ná bhíd na fir ag iasgach. Iasgairí an chuid is mó dos na daoine a thagann chun na craoibhe sin agus togha na Gaedhilge aga bhfurrmhór. Breágh leo na sean- sgéalta agus na sean-amhráin do chlos. Tá roinnt mhaith sean sgéalta acu féin leis agus bídh á n-aithris ag an mbuidhin. Tá mórán des na fearaibh óga abalta ar an nGaedhilg do léigheadh go maith agus is maith leó aon tsaghas páipéir Ghaedhilge d'fhághail le léigheadh ag baile nuair a bhíonn aga acu air. Diarmaid Ó Corcardha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services