Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Corca Dhuibhne

Title
Corca Dhuibhne
Author(s)
Ó Corcardha, Diarmaid,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Corca Dhuibhne.



Obair gá déanamh ann.



Craobhacha.



I mí Meadhón Foghmhair sa bhliadhain 1913 iseadh do thosnuigheas ag obair
do Chonnradh na Gaedhilge i gceanntar Daingin i gCorca Dhuibhne. Is
amhalaidh do tógadh mé mar fhear-ionaid do Phádraig Ó Corcardha an Múinteóir
Gaedhilge a bhí ag obair san cheanntar go dtí san, ach a bhí breoidhte le linn na
huaire sin. Sé an obair do dheineas ar feadh na míosa san ná na sgoileanna
go léir a bhí sa cheanntar timcheall cúig cinn dhéag acu, d'fhiosrú. Do mhúininn
ceacht nó dó in gach sgoil nuair d'fhiosruighinn í, d'réir mar a gheibhinn cead
agus aga ó'n oide chun a dhéanta. I dtosach mí Deire Fóghmhair, annsan,
chuireas trí craobhacha ar bun nó b'fhéidir go mba chirte dhom a rádh gur dheinis
iad d'aithbhéochaint óir bhíodar ar siubhal cheana le roinnt blian roimis sin. I
gCnoc a' Bhróigín. Mám na Gaoithe agus Cill Mhic a Domhnaigh iseadh do bhí na
craobhacha san agus uair sa tseachtmhain do thugainn cuaird ortha, sé sin oidhche
do chaitheamh ins gach áit díobh. Bhíodh orm dul sé mhíle ó bhaile go Mám na Gaoithe,
ocht míle go Cill Mich an Domhnaigh ach ní raibh an tríomhadh áit ach suas le trí mhíle
go leith uaim. Do bhíodh céad pearsa agus ós a chionn ag teacht chun craoibhe an
Mháma, timcheall 80 go Cnoc an Bhróigin agus caogadh nó mar sin go Cill Mhic
a' Domhnaigh. Do léighinn sgéal nó dhó dhóibh as leabhar éigin. Annsan do
roinninn dosaon nó dhó cóip de'n “Lóchrann,” ortha agus do chuirinn dá
léigheadh iad. Na teannta san do bhíodh amhránaidheacht as rinnce againn. Uair-
eannta eile do scaipinn cúpla dosaon de shean-chóipeannaibh an Chlaidhimh na
measg agus leiginn dóibh iad do bhreith abhaile leo agus bheith ag gábhail dóibh
chomh maith is do b'fhéidir dóibh. Sa tsligh sin dóibh d'éirigh le n-a lán dos na
daoine a bhíonn ag foghluim na Gaedhilge do léigheadh. Ní chreidfeadh aoinne acht an meud leabhar
Gaedhilge a cheannuighthear i gcrích Chorca Dhuibhne gach bliadhain agus ní hiad na
daoine a bhíonn ag foghluim na Gaedhilge a cheannuigheann iad leis ach na daoine
óga fásta. Cuireadh craobh eile ar bun istigh i mbaile mór an Daingin. Bhí sé dhá
bhliadhain roimis sin ó bhí craobh ar siubhal ann. I dTig na Cúirte do bhí an chraobh
agus bhíodh sí ar siubhal trí oidhche sa tseachtmhain. 120 duine a bhí a teacht ann.
Bhíodh dhá bhuidhin ann .i. buidhean na dtosnuightheóirí agam féin agus buidhean
“Shéadna” fé chúram an Athar Uí Mhurchadha. D'éirigh go han-mhaith le lucht na
mbuidhean san agus deineadh obair mhaith thairbhtheach an fhaid a's sheasaimh an craobh.
Bhíodh craobh againn leis, trí oidhche sa tseachtmhain, le haghaidh leanbhaí na sráide.
Bhíodh timcheall dachad éiginteach leanbh i láthair. Bhí na ceithre craobhacha san ar
siubhal agam go dtí lár mhí an Abráin. B'fhin cúig craobhacha agus mise na
mbun sé oidhche sa tseachtmhain. I dteannta fogha a choimheád fé sna crobhachaibh
san do thugainn cuaird gach lá ar sgoil nó dhó.



Leathtriúig.



Sin í an obair do bhí ar siubhal agam go dtí tosach mhí na Bealtaine. Chuir
Seán Ó Cearbhaill, timire, fios orm annsan chun dul síos go ceanntar an
Leithriúig mar go raibh sé féin agus Seán Ó Loingsigh, O.S, tar éis dhá chraoibh
do chur ar bun ann — ceann shíos ar Ché Bhreanndáin agus ceann sa Chlochán.
Bhí craobh Bhreanndáin fé chúram Sheáin Uí Loingsigh agus an ceann eile f'ám'
chúramsa. Dhein Seán Ó Loingsigh obair mhaith i mBreanndán. Fíor-Ghaedheal
agus Gaedhilgeóir cliste é Seán. Bhíodh ormsa trí mhíle dhéag de bhóthar do chur
díom ag dul síos annsan agus ceithre mhile dhe sin do shiubhal ag dul 's a teacht
dom. Chaitheas mí an Iúil agus mí Lughnasa ag cabhrú le lucht Coláisde an
Daingin. Bhíodh buidhean agam gach Satharn ó Mheadhon Fóghmhair, 1913, go dtí
Lughnasa 1914, dos na mnáibh riaghalta. Dhá-réag ban Riaghalta do bhíodh sa bhuidhin.
Ní raibh ach triúr nó ceathrar acu go raibh aon éolas ar Ghaedhilg acu ag tosnú
dhóibh. Tosnuightheóirí do b'eadh an chuid eile aca. Chuadar go léir fé sgrúdú
i mí na Lughnasa so caithte agus d'éirigh leo go rígh-mhaith. Fuair seisear díobh an
“tÁrd-Theastas.” Fuair duine aca an “Teastas Dhá-Theangach” agus an chuid
eile aca “teastas sealadach.” Bíd féin ag múine na Gaedhilge anois sa
choinbhint.



Cruinnighthe.



Cuireadh trí chruinnighthe ar bun i rith na bliadhna — ceann sa Dhaingean,
ceann i gCeann Trágha agus ceann i Lios Póil. Do labhair Pádraig Ó Dálaigh,
Tomás Ó Domhnaill, Feisire, An Canónach Ó Laoghaire, an tAthair Ó Murchadha
agus gasra eile ag cruinniú an Daingin. Sé Seán Ó Cearbhaill do labhair ag
an da áit eile. Dhíolas fein agus an timthire roinnt mhaith leabhar n-urnaighthe
ag geataí na séipéal agus scaipeamair mór chuid sean “Claidhte” agus
“Lóchrainn.” Bhí an-ghlaodhach ag na daoine ortha. Sin mar a chaitheas an
bliadhain sin ó'n Mheadhon Fóghmhair, 1913, go dtí Lúghnasa, 1914.



Buidhean do na hIascairibh.



Tar éis obair an choláisde a bheith thart thugas m'aghaidh síos thar chnoc go
ceanntar an Leiththriúig arís, timcheall an dara seachtmhain de mhí Mheadhon
Fóghmhair. Bhí Seán Ó Cearbhaill, timthire, ann rómham agus dheineamair féin, agus
Seán Ó Loingsigh craobhacha an Bhreanndáin agus an Chlocháin d'aithbhéochaint. Chuir-
eamair coisde ceanntair ar bun annsan tamaillín tar éis na gcraobh do chur ar
siubhal dúinn. Ceithre oidhche sa tseachtmhain iseadh bíonn an dá chraoibh san ar
bun — dhá oidhche do gach craobh. Is minic a bhíon 150 pearsa ag craoibh Bhreanndáin
nuair ná bhíd na fir ag iasgach. Iasgairí an chuid is mó dos na daoine a thagann
chun na craoibhe sin agus togha na Gaedhilge aga bhfurrmhór. Breágh leo na sean-
sgéalta agus na sean-amhráin do chlos. Tá roinnt mhaith sean sgéalta acu féin
leis agus bídh á n-aithris ag an mbuidhin. Tá mórán des na fearaibh óga abalta
ar an nGaedhilg do léigheadh go maith agus is maith leó aon tsaghas páipéir
Ghaedhilge d'fhághail le léigheadh ag baile nuair a bhíonn aga acu air.



Diarmaid Ó Corcardha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services