Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Tír Tairngire
Title
Conamara. Tír Tairngire
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Tír Tairngire. Cheana dúinn ag trácht i dtaoibh Bhreandáin, gur thóg se clochar, cill agus ceatal i nEanach Cuain. Sí a dheirbhshiúr féin, Brig, a bhí mar bhean-abb ar an gclochar. Is ann d'eug Breandán acht adhlacadh dó i gCluain Mhic Nóis. Deacair leitheid eile Bhreandáin d'fhaghail. Luadhfar annseo a ccháilidheacht is a mhian:— “Brenainn mac Fionnlogha do shicht Ceir meic Fhergusa. Ceann creitine agus crabhaidhe ermhoir in d'imhuin uili inti noeb-Brenainn .i. amhail Abraham n-irisech. Sailmchetlaidh primfathachaí amhail Daibith mac lese. Ecnaid derrsgaigtech amail Solmain mac nDaibid. Reachtaidi amhail Moisi mac Adra. Tintodach tidhnaictech amhail Éirine fáidh. Intliuchtach amhra amhail Aginstin, Mórleighnidh prímhchoiteann amhail Origin. Óg amhail Eoin, bruinnedalta ina Coimdhedh. Soiscelaighthe amhail Matha. Foircetlaidh amhail Pól. Primhapstal dilduda amhail Petar n-ardaspal, Cend dithrebhuch amhail Eoin Baitse. Trachtaire amhail Grigoir Romha, Teactaire treabhar mara agus tíre amhail Neon mac Laimec.” Do gheall Dia do do bheith ioldánach thar a lán. De Mhuimhneachaibh a bhunadh acht do thriall féin ar Chonnachtaibh, de bhrigh go mba clos do go raibh naomh cludhamhail annsin i mbun teagaisg riaghal na n-ord. Iarfhlatha b'ainm do'n naomh sin agus Tuaim-dhá-ghualann a áit-chomhnuidhthe. Uaidh do fuair foghluim is foirbheadh. Ar a bheith foirbhthe dó adubhairt le'n a oide, “Ní annseo bheas eiseirghe dom.” Ar, Iarflatha leis. “A mhic-naoimh, cia nime go bhfaluighir orainn ratha diadhanta an Spioraid Naoimh atá chomh follusach ionnat agus cumhachtach do-airmighthe an Choimhde cumhachtaigh ata i do mheanmain neamh-mheallta?” “Tusa féin do theacht do fhoghluim uaimse,” arsa Iarfhlatha. “Mise iomarra bhéas agat-sa uaidh seo amach agus bím ag freastal ort go bruinn na brátha.” Do cheileabhra Breadán tráth le Iarfhlatha agus do chuaidh glan gacha indíreach gur shroich Maigh Ai. Do chas aingeal leis ar an gconnaire. “Scríobh,” arsa an t-aingeal “briathra an chrabhaidh uaim-se.” Do sgríobh. Iar scríobhadh riaghail an aingil agus riaghalacha naomh na hÉireann, a mbeusa is a nósa, d'fhill sé abhaile. Annsin 'seadh do chuala sé briathra an tsoisgéil: “Cé bhí cé thréigfeas athair, nó máthair, nó deirbhshiúr, nó oighreacht ar Mo shon-sa, gnóthócha fó chéad.” As a haithle sin d'fhás grádh do'n Choimde go mór ina chroidhe gur chuir athchuinge cun Dé tír diamhair inill, áluinn do thabhairt do abhfad ó dhaoinibh saoghalta. Tár éis eirghe ó'n chodladh dó, do chuala sé glór an aingil á rádh: “Éirigh, a Bhreandáin, do bheura Dia dhuit an ní d'thcuingis .i. Tír Tairngire.” D'éirigh agus glionndrach do bhí dhá chionn. Do thriall iar sin, aonraic go Sliabh Dadhche. Do chonnaic uaidh an aingéan mór, millteach ar gach taoibh. Agus is ar an bhfairrge-fhliuchthonnaigh cheudna do chonnaic an inis áluinn aoibhinn lán d'ainglibh. Do thuit an codladh air go ceann trí lá, gur dhúisigh an t-aingeal ath-uair é, go ndúbhairt leis go mbéadh ina chuideachtain go Lá an tSléibhe, agus do múinfeadh sé an t-eólas dó do'n inis aoibhinn úd. Do rigneadh longa móra iar sin, gur cuireadh trí sreatha de mhaidíbh rámha i ngach luing. Cúig bliana dhó féin agus dá chuid fear ar an múir mong- ruaidh. Is iomdha piast beul-dearg a chonnacadar. Is iomdha treathan-tonn cheann-ghlas a bhuail iad. Is iomdha oileán iongantach a tasbánadh dóibh. Seo mar thráchtas Breandán ar radharc a chonnaic sé:
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services