Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Tír Tairngire

Title
Conamara. Tír Tairngire
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Tír Tairngire.



Cheana dúinn ag trácht i dtaoibh Bhreandáin,
gur thóg se clochar, cill agus ceatal i nEanach
Cuain. Sí a dheirbhshiúr féin, Brig, a bhí mar
bhean-abb ar an gclochar. Is ann d'eug Breandán
acht adhlacadh dó i gCluain Mhic Nóis. Deacair
leitheid eile Bhreandáin d'fhaghail. Luadhfar
annseo a ccháilidheacht is a mhian:—



“Brenainn mac Fionnlogha do shicht Ceir meic
Fhergusa. Ceann creitine agus crabhaidhe ermhoir
in d'imhuin uili inti noeb-Brenainn .i. amhail
Abraham n-irisech. Sailmchetlaidh primfathachaí
amhail Daibith mac lese. Ecnaid derrsgaigtech
amail Solmain mac nDaibid. Reachtaidi amhail
Moisi mac Adra. Tintodach tidhnaictech amhail
Éirine fáidh. Intliuchtach amhra amhail Aginstin,
Mórleighnidh prímhchoiteann amhail Origin. Óg
amhail Eoin, bruinnedalta ina Coimdhedh.
Soiscelaighthe amhail Matha. Foircetlaidh amhail
Pól. Primhapstal dilduda amhail Petar
n-ardaspal, Cend dithrebhuch amhail Eoin
Baitse. Trachtaire amhail Grigoir Romha,
Teactaire treabhar mara agus tíre amhail Neon
mac Laimec.” Do gheall Dia do do bheith ioldánach
thar a lán. De Mhuimhneachaibh a bhunadh
acht do thriall féin ar Chonnachtaibh, de bhrigh go
mba clos do go raibh naomh cludhamhail annsin i
mbun teagaisg riaghal na n-ord. Iarfhlatha
b'ainm do'n naomh sin agus Tuaim-dhá-ghualann
a áit-chomhnuidhthe. Uaidh do fuair foghluim is
foirbheadh. Ar a bheith foirbhthe dó adubhairt le'n
a oide, “Ní annseo bheas eiseirghe dom.” Ar,
Iarflatha leis. “A mhic-naoimh, cia nime go
bhfaluighir orainn ratha diadhanta an Spioraid
Naoimh atá chomh follusach ionnat agus cumhachtach
do-airmighthe an Choimhde cumhachtaigh ata i do
mheanmain neamh-mheallta?” “Tusa féin do
theacht do fhoghluim uaimse,” arsa Iarfhlatha.
“Mise iomarra bhéas agat-sa uaidh seo amach
agus bím ag freastal ort go bruinn na brátha.”



Do cheileabhra Breadán tráth le Iarfhlatha
agus do chuaidh glan gacha indíreach gur shroich
Maigh Ai. Do chas aingeal leis ar an gconnaire.
“Scríobh,” arsa an t-aingeal “briathra an
chrabhaidh uaim-se.” Do sgríobh. Iar scríobhadh
riaghail an aingil agus riaghalacha naomh na
hÉireann, a mbeusa is a nósa, d'fhill sé abhaile.
Annsin 'seadh do chuala sé briathra an tsoisgéil:
“Cé bhí cé thréigfeas athair, nó máthair, nó
deirbhshiúr, nó oighreacht ar Mo shon-sa, gnóthócha
fó chéad.” As a haithle sin d'fhás grádh do'n
Choimde go mór ina chroidhe gur chuir athchuinge
cun Dé tír diamhair inill, áluinn do thabhairt
do abhfad ó dhaoinibh saoghalta. Tár éis eirghe
ó'n chodladh dó, do chuala sé glór an aingil á
rádh: “Éirigh, a Bhreandáin, do bheura Dia dhuit
an ní d'thcuingis .i. Tír Tairngire.” D'éirigh
agus glionndrach do bhí dhá chionn. Do thriall
iar sin, aonraic go Sliabh Dadhche. Do chonnaic
uaidh an aingéan mór, millteach ar gach taoibh.
Agus is ar an bhfairrge-fhliuchthonnaigh cheudna
do chonnaic an inis áluinn aoibhinn lán d'ainglibh.
Do thuit an codladh air go ceann trí lá, gur
dhúisigh an t-aingeal ath-uair é, go ndúbhairt
leis go mbéadh ina chuideachtain go Lá an
tSléibhe, agus do múinfeadh sé an t-eólas dó
do'n inis aoibhinn úd. Do rigneadh longa
móra iar sin, gur cuireadh trí sreatha de
mhaidíbh rámha i ngach luing. Cúig bliana dhó
féin agus dá chuid fear ar an múir mong-
ruaidh. Is iomdha piast beul-dearg a chonnacadar.
Is iomdha treathan-tonn cheann-ghlas a bhuail iad.
Is iomdha oileán iongantach a tasbánadh dóibh.
Seo mar thráchtas Breandán ar radharc a chonnaic
sé:

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services