Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhil na Gaillimhe
Title
Gaedhil na Gaillimhe
Author(s)
Ó Broin, Seoirse,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gaedhil na Gaillimhe. Cúpla mí ó shoin do chuireamar cumann ar bun i nGaillimh le haghaidh díospóireachtaí, léigheachtaí, srl, trí Ghaedhilg amháin, fá rudaibh a bhaineas le macaibh léighinn i gColáisde na hOlscoile, agus go leor nach iad, teacht le chéile agus thángadar go fonnmhar. Bhíos féin in mo rúnaidhe agus aon duine gur shíleas go raibh Gaedhilge aige scríobhas go dtí é, agus bíodh nach raibh gach duine aca i n-an tigheacht an chéad uair, tháinig go leor agus gheall an chuid eile go dtiocfaidís arís. Bhí an chéad chruinniú againn Dia Sathairn, an 28adh lá do Mhí Shamhna agus bhí ceathrar déag i láthair. Bhí Tomás Ó Connchubhair O.S, sa gcathair agus léigh mé fein páipéar beag ar “Chianairiughadh” nó “Telepathy.” Bhí an díospóireacht ann annsin fá ádhbhar an pháipéir agus do mhair sí ar feadh uaire go leith. Bhí cruinniughadh eile againn Dé Sathairn, an 12adh lá do Mhí Nodlag agus bhí Tomás Ó Máille agus “Tomás Bán” i láthair maille le go leor ball nua eile. Tomás Ó Máille bhí sa gcathaoir an uair seo. Do léigh Máire Ní Choigligh scoláire atá i gColáisde na hOllscoile páipéar ar tseanchuis agus do lean sí Scéaluigheacht na nÉireannach aniar i leith dá cur i gcomórtas le scéaluigheacht tíortha eile agus b'ait leat bheith ag éisteacht le n-a cuid cainnte bríoghmhair, sothuigthe, tábhachtaighe. Do leanadh é seo le díospóireacht fada ar feadh níos mó ná dhá uair an chluig. Beidh an chéad chruiniughadh eile againn an 9adh lá do Ghionbhair agus uair sa gcoicidhis i n-a dhiaidh sin. An chéad uair eile beidh díospóireacht ar bun fá'n gceist seo: “Obair Dhomhnaill Uí Chonaill i gcomórtas le hobair na “Éireannach n-Óg.” Táim ag scríobh go dtí an Dr. Anderson, ag iarraidh air cead do thabhairt dúinn an cruinniughadh do thionóladh i seomra sa gcoláisde agus is beag nach bhfuilim cinnte go dtiubhraidh sé dhúinn é. Táim ag ceapadh go mbeimid i n-an go leor de Ghaedhilgeoiribh na Gaillimhe do thabhairt isteach sa gcumann seo. Tá an chuid is mó d'ollamhnaibh agus do scoláiríbh na hOllscoile ann cheana, roinnt mhaith do na múinteóiríbh scoile (an chuid is mó díobh seo a bhfuil Gaedhilg aca) agus go leor eile; agus chomh luath is bhéas se ar a bhonnaibh i gceart againn ní dhearfainn ná go mbeidh sé an-láidir seasamhach. Tá suim mhóir ag gach aon duine san obair agus tús maith curtha léi agus rud eile, tá rún daingean ag cuid againn, cé ar bith rud a thárlóchas gan eirghe as an fhaid is bhés muid i n-an buille amháin do thabhairt. Seoirse Ó Broin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services