Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhil na Gaillimhe

Title
Gaedhil na Gaillimhe
Author(s)
Ó Broin, Seoirse,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gaedhil na Gaillimhe.



Cúpla mí ó shoin do chuireamar cumann ar bun i nGaillimh le haghaidh
díospóireachtaí, léigheachtaí, srl, trí Ghaedhilg amháin, fá rudaibh a bhaineas le
macaibh léighinn i gColáisde na hOlscoile, agus go leor nach iad, teacht le chéile
agus thángadar go fonnmhar. Bhíos féin in mo rúnaidhe agus aon duine gur
shíleas go raibh Gaedhilge aige scríobhas go dtí é, agus bíodh nach raibh gach duine
aca i n-an tigheacht an chéad uair, tháinig go leor agus gheall an chuid eile go
dtiocfaidís arís.



Bhí an chéad chruinniú againn Dia Sathairn, an 28adh lá do Mhí Shamhna
agus bhí ceathrar déag i láthair. Bhí Tomás Ó Connchubhair O.S, sa gcathair
agus léigh mé fein páipéar beag ar “Chianairiughadh” nó “Telepathy.” Bhí
an díospóireacht ann annsin fá ádhbhar an pháipéir agus do mhair sí ar feadh
uaire go leith. Bhí cruinniughadh eile againn Dé Sathairn, an 12adh lá do Mhí
Nodlag agus bhí Tomás Ó Máille agus “Tomás Bán” i láthair maille le go
leor ball nua eile. Tomás Ó Máille bhí sa gcathaoir an uair seo. Do léigh
Máire Ní Choigligh scoláire atá i gColáisde na hOllscoile páipéar ar
tseanchuis agus do lean sí Scéaluigheacht na nÉireannach aniar i leith dá cur
i gcomórtas le scéaluigheacht tíortha eile agus b'ait leat bheith ag éisteacht
le n-a cuid cainnte bríoghmhair, sothuigthe, tábhachtaighe. Do leanadh é seo le
díospóireacht fada ar feadh níos mó ná dhá uair an chluig.



Beidh an chéad chruiniughadh eile againn an 9adh lá do Ghionbhair agus uair
sa gcoicidhis i n-a dhiaidh sin. An chéad uair eile beidh díospóireacht ar bun
fá'n gceist seo: “Obair Dhomhnaill Uí Chonaill i gcomórtas le hobair na
“Éireannach n-Óg.” Táim ag scríobh go dtí an Dr. Anderson, ag iarraidh
air cead do thabhairt dúinn an cruinniughadh do thionóladh i seomra sa gcoláisde
agus is beag nach bhfuilim cinnte go dtiubhraidh sé dhúinn é.



Táim ag ceapadh go mbeimid i n-an go leor de Ghaedhilgeoiribh na
Gaillimhe do thabhairt isteach sa gcumann seo. Tá an chuid is mó d'ollamhnaibh
agus do scoláiríbh na hOllscoile ann cheana, roinnt mhaith do na múinteóiríbh
scoile (an chuid is mó díobh seo a bhfuil Gaedhilg aca) agus go leor eile; agus
chomh luath is bhéas se ar a bhonnaibh i gceart againn ní dhearfainn ná go
mbeidh sé an-láidir seasamhach. Tá suim mhóir ag gach aon duine san obair agus
tús maith curtha léi agus rud eile, tá rún daingean ag cuid againn, cé ar
bith rud a thárlóchas gan eirghe as an fhaid is bhés muid i n-an buille amháin
do thabhairt.



Seoirse Ó Broin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services