Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle ar mhaithe linn
Title
Comhairle ar mhaithe linn
Author(s)
Sliabh Geal Gcua,
Pen Name
Sliabh Geal Gcua
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle ar mhaithe linn. Is minic ár dtriall imeasg na ndaoine ar fuaid na tuaithe agus sinn ag seanchus leo, agus tá a fhios againn do réir a gcuid cainnte ná tuigid go soiléir cad na thaobh nach bhfuil polaitidheacht ag an gConnradh agus cuid de's na daoinibh atá ag baint leis ar buile leis na rudaí bhaineann le poilitidheacht. Is deacair an cheist do mhíniú san tslighe go dtuigfeadh gach aoinne í. Ar an adhbhar sin is deacair a bheith dian ortha sin ná tuigeann an sgéal so. Agus ar an taoibh eile is deacair foighneach leo san do thuigeann agus ná ghéilleann. Bíodh sin mar atá, sé ár naigne ná an cheist do mhíniú annso do réir mar a thuigimid féin í agus mar a bhfuil an scéal againn do réir dlighe an Chonnartha. Cuireadh duine éigin eile an lúb i n-easnamh leis. Atá córú, nó clár ag Connradh na Gaedhilge. 'Sé an clár sin dlighe an Chonnartha. Is dá réir sin a stiúirightear é. Atá ar an gclár nó córú sin, riaghail nach mbeidh aon bhaint ag an gConnradh le poilitidheacht, 'ná le creideamh. Ní chuireann sin dh'iachaibh ar aoinneach, a chuid poilitidheachta, ná a chreideamh, chaitheamh uaidh. 'Sé an méid a iarrtar ar an bhfear nó an bhean, ach gan neachtar aca a thabhairt ar an taobh istigh de dhorus an Chonnartha. Déarfaidh duine go bhfuil san ana-dhian, b'fhéidir é, acht nach bhfuil sé ceart? Ní le gné poilitidheachta thar ghné eile teanga na hÉireann. Dá mbadh eadh do bheadh gné aca léi agus gné eile na coinne. Mar sin do bheadh teanga na tíre 'na brat-sparainn ag taoibh i gcoinne an taoibh eile chun díth na tíre agus na teangan i dteannta a chéile. Ní mar sin is cóir an scéal do bheith. Is féidir iad araon do mhimeád i dteannta a chéile ag cabharú léi, i n-áit a bheith i gcoinne a chéile, chun maith agus tairbhe tíre agus teangadh. Dúbhradh cheana nach raibh baint le politidheacht ag an gConnradh. Is fíor sin. Acht adeir duine ná cuireann sin d'oibliogáid ort do chuid poilitidheacht do shéanadh? Ní chuireann. 'Sé a bhfuil le déanamh ag aon duine atá ceangailte leis an gConnradh ná a chuid oibre a dhéanamh gan bacaint le poilitidheacht go mbeidh sé réidh leis an ngnó sin na teangan agus annsan, má's maith leis é, a aghaigh, nó a aigne do thabhairt ar aon ghné nó dath poilitidheachta is mian leis. An rud céadna le déanamh i dtaobh chreidimh atá le déanamh i dtaobh poilitidheachta. Is le muintir na hÉireann teanga na tíre sin. Ní le aon chineál thar chineál eile í sin. Dóibh go léir ó thúis go deireadh, ó bhun go bárr na préice, is leó san í, idir bhocht 's nocht, íseal agus uasal. Is dóibh sin d'fhoilsigh Dia aigne daoine chun na teangan do cheapadh dhóibh. Níor ceapadh do'n naomh í, agus an peacach d'fhágáil gan í. Níor cuireadh ar bun do'n uasal í, agus na bochta do bheith 'na heagmuis. Air an tslighe chéadna ní le aon dream thar dhream eile ár dteanga-ne. Ar an adhbhar sin measamuid dá dtabharfaí cead creideamh nó polaitidheacht do phléidhe leath-istigh de Chonnradh na Gaedhilge, nach mbeadh ann ach aighneas i n-áit cneastacht, agus i n-áit maith gur olc do thiocfadh as obair na Gaedhilge. Is chun maithe agus tairbhe tíre agus a daoine do cuireadh an obair ar bun ar dtúis. Atá a fhios ag an saoghal idir Ghall agus Ghaedheal cad é an feabhas atá tar éis teacht ar aigne agus machtnamh na ndaoine 'sa n-obair le canta maith bliadhanta anois agus go leigid ortha na tuigid conas an Connradh agus poilitidheacht a dheighilt ó n-a chéile. Atá daoine eile 'sa Chonnradh le bliadhanta agus ní thuigid i gceart cadé gnó agus ceart na gluaiseachta táid siad á hoibriú. Mar adeir an Béarlóir, atá níos mó in san ngnó so na Gaedhilge 'ná samhluightear do'n bhfear ar an mbóthar. Dá luaithe thabhairfid an dá thaoibh fé ndeara cothrom an taoibh eile, is eadh is túisge thiocfas toradh ceart Gaedhealach ar saothar Ghaedheal d'Éirinn. Sliabh Geal Gcua.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services