Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle ar mhaithe linn

Title
Comhairle ar mhaithe linn
Author(s)
Sliabh Geal Gcua,
Pen Name
Sliabh Geal Gcua
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comhairle ar mhaithe linn.



Is minic ár dtriall imeasg na ndaoine ar fuaid na tuaithe agus sinn ag
seanchus leo, agus tá a fhios againn do réir a gcuid cainnte ná tuigid go
soiléir cad na thaobh nach bhfuil polaitidheacht ag an gConnradh agus cuid de's
na daoinibh atá ag baint leis ar buile leis na rudaí bhaineann le poilitidheacht.
Is deacair an cheist do mhíniú san tslighe go dtuigfeadh gach aoinne í. Ar an adhbhar
sin is deacair a bheith dian ortha sin ná tuigeann an sgéal so. Agus
ar an taoibh eile is deacair foighneach leo san do thuigeann agus ná ghéilleann.
Bíodh sin mar atá, sé ár naigne ná an cheist do mhíniú annso do réir mar a
thuigimid féin í agus mar a bhfuil an scéal againn do réir dlighe an Chonnartha.
Cuireadh duine éigin eile an lúb i n-easnamh leis.



Atá córú, nó clár ag Connradh na Gaedhilge. 'Sé an clár sin dlighe an
Chonnartha. Is dá réir sin a stiúirightear é. Atá ar an gclár nó córú sin,
riaghail nach mbeidh aon bhaint ag an gConnradh le poilitidheacht, 'ná le creideamh.
Ní chuireann sin dh'iachaibh ar aoinneach, a chuid poilitidheachta, ná a chreideamh,
chaitheamh uaidh. 'Sé an méid a iarrtar ar an bhfear nó an bhean, ach gan
neachtar aca a thabhairt ar an taobh istigh de dhorus an Chonnartha. Déarfaidh
duine go bhfuil san ana-dhian, b'fhéidir é, acht nach bhfuil sé ceart?



Ní le gné poilitidheachta thar ghné eile teanga na hÉireann. Dá mbadh
eadh do bheadh gné aca léi agus gné eile na coinne. Mar sin do bheadh
teanga na tíre 'na brat-sparainn ag taoibh i gcoinne an taoibh eile chun díth
na tíre agus na teangan i dteannta a chéile. Ní mar sin is cóir an scéal do
bheith. Is féidir iad araon do mhimeád i dteannta a chéile ag cabharú léi, i
n-áit a bheith i gcoinne a chéile, chun maith agus tairbhe tíre agus teangadh.



Dúbhradh cheana nach raibh baint le politidheacht ag an gConnradh. Is fíor
sin. Acht adeir duine ná cuireann sin d'oibliogáid ort do chuid poilitidheacht
do shéanadh? Ní chuireann. 'Sé a bhfuil le déanamh ag aon duine atá ceangailte
leis an gConnradh ná a chuid oibre a dhéanamh gan bacaint le poilitidheacht go
mbeidh sé réidh leis an ngnó sin na teangan agus annsan, má's maith leis é, a
aghaigh, nó a aigne do thabhairt ar aon ghné nó dath poilitidheachta is mian leis.
An rud céadna le déanamh i dtaobh chreidimh atá le déanamh i dtaobh poilitidheachta.



Is le muintir na hÉireann teanga na tíre sin. Ní le aon chineál thar chineál
eile í sin. Dóibh go léir ó thúis go deireadh, ó bhun go bárr na préice, is leó
san í, idir bhocht 's nocht, íseal agus uasal. Is dóibh sin d'fhoilsigh Dia aigne
daoine chun na teangan do cheapadh dhóibh. Níor ceapadh do'n naomh í, agus
an peacach d'fhágáil gan í. Níor cuireadh ar bun do'n uasal í, agus na bochta
do bheith 'na heagmuis. Air an tslighe chéadna ní le aon dream thar dhream eile
ár dteanga-ne.



Ar an adhbhar sin measamuid dá dtabharfaí cead creideamh nó polaitidheacht
do phléidhe leath-istigh de Chonnradh na Gaedhilge, nach mbeadh ann ach aighneas i
n-áit cneastacht, agus i n-áit maith gur olc do thiocfadh as obair na Gaedhilge.
Is chun maithe agus tairbhe tíre agus a daoine do cuireadh an obair ar bun ar
dtúis. Atá a fhios ag an saoghal idir Ghall agus Ghaedheal cad é an feabhas atá
tar éis teacht ar aigne agus machtnamh na ndaoine 'sa n-obair le canta maith
bliadhanta anois agus go leigid ortha na tuigid conas an Connradh agus
poilitidheacht a dheighilt ó n-a chéile. Atá daoine eile 'sa Chonnradh le bliadhanta
agus ní thuigid i gceart cadé gnó agus ceart na gluaiseachta táid siad á
hoibriú. Mar adeir an Béarlóir, atá níos mó in san ngnó so na Gaedhilge
'ná samhluightear do'n bhfear ar an mbóthar. Dá luaithe thabhairfid an dá
thaoibh fé ndeara cothrom an taoibh eile, is eadh is túisge thiocfas toradh
ceart Gaedhealach ar saothar Ghaedheal d'Éirinn.



Sliabh Geal Gcua.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services