Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Feallsamhnach
Title
An Feallsamhnach
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Feallsamhnach. Ní raibh sé aosta agus ní raibh sé óg. Bhí corr ribe liath ina chionn; acht ní le haois a tháinig siad ann, ná ba léir nach dtáinig mórán dhá bhliadhantaibh go fóill. Thoisigh sé agus b'éigeann dhamh éisteacht le n-a raibh aige le rádh. “Labhairtear ar chogadh, acht ní éirigheann troid gan fonn bruighne bheith ar bheirt ar a laighead. Ní éirigheann cogadh eadar tíortha an áit nach mbíonn fonn troda acht ar thír amháin. Bhí mé ag treabhadh san pháirc úd thall agus tháinig maicín stócaigh a chur troda ar mo mhac mar gheall ar rud eighinteacht a rinne mo mhac air. Bhí eagla ar mo mhac roimhe agus níor thaisbeán sé troid ar bith dó. D'imthigh an stócach gan buille a bhualadh. Dá mbéadh fonn troda ar mo mhac is dóigh go n-éireóchadh bruighean eatortha. Isé a dhálta sin ag tíorthaibh é: ní éirigheann cogadh eatortha acht nuair a bhíos fonn cogaidh ar an dá thaoibh. Mar mhaithe leis féin a théid duine a throid le n-a chomharsain. Ní smaoin- thigheann sé ar an cheart ná ar an mhí-cheart acht ar an tairbhe thiocfas dó fhéin dá bharr na troda. Is minic leoga, atchímid an oiread sin de thréathraibh an fhir bharbardha sa duine shibhialta nach léir dó dadaidh acht díoghaltas na huaire. Iarsma na barbarachta is cionntach leis an troid a éirigheas eadar daoine agus nós a tháinig anall ón bharbaracht is ciontach leis an chogadh éirigheas eadar tíortha. Ar smaointigh tír ar bith a chuir cogadh ar bun araimh ar cheart nó ar mhí-cheart an chogaidh? Ar smaointigh sí ar rud ar bith acht ar an rud ba mhó rachadh 'un tairbhe dí féin? Mar mhaithe leis féin a throideadh an fear barbardha i lár na hEorpa i bhfad ó shoin 'nuair nach raibh comhnuigh ar bheó 'sna hoileáin seo. Mar mhaithe leis an teaghlach throideadh sé nuair a thoisigh sé a chur suim ina chlainn. Nuair a d'fhás an teaghlach go raibh an chlann ann ba mar mhaithe leis an chlainn nochtadh sé claidheamh. Agus nuair a mhéaduigh an chlann go raibh an náisiún ann dá mar mhaithe leis an náisiún a bhí ag troid bhí smaointiú beag i gcomhnuidh ina intinn go dtiocfadh tairbhe dó féin as bhuaidh a bhreith ar an taoibh eile. “Impireacht! Nach é an rud céadna is bun le n-a leithéid? Is fada ó chonnaic an duine go dtiocfadh leis tabhairt ar dhaoinibh eile oibriú dó. Le gliocas agus le hintleacht fuair sé an chumhacht ar na daoine nach raibh chomh fada 'un tosaigh 'sna tréarthaibh sin leis féin thug sé ortha treabhadh agus forsú agus allus a bhaint as a gcnámha ar dhóigh gur shóchamhla a shaoghal féin. Agus ba é a dhálta sin ag na tíorthaibh a chuir impireacht ar bun é: aitdhígh gur shócamhla a saogal fein chuir siad tíortha eile faoi smacht. Thug siad ar lucht na dtíortha eile sin treabhadh agus forsú dóbhtha-san, nó bhain siad díobhtha an chuid ba mhó d'ollmhaitheas ar bith a bhí cruinn aca. Chuir siad i gcéill gur mar mhaithe leis na tíorthaibh eile seo a chuir siad iad faoi smacht. I gcionn tamaill creideadh iad. Agus do réir mar bhí an creideadh seo an dul i méid bhí umhlaigheacht an dreama bhí faoi chois an dul i dtreise. Moladh iad mar gheall ar a n-umhlaigheacht agus tugadh bribeanna do na daoinibh ba mhó cumhacht ina measg. Mar mhaithe léithe fhéin a rinne gach tír de mhór-thíorthaibh an domhain na rudaí seo. Acht nuair a chuaidh na tíortha seo bhí faoi chois ar aghaidh ar dhóigh gur léir don tír a bhí i n-uachtar go gcaithfidhe beagán saoirseachta a thabhairt dóibh, ar eagla go n-éireóchadh siad ina haghaidh, dubhradh gur fhial an gníomh é. Acht ní mar mhaithe leó-san tugadh an tsaoirseacht sin doibh acht mar mhaithe leis an tír a bhí i n-uachtar. “Seadh! Mar mhaithe leis fhéin a ghní an duine coitcheannta gach ní da ndéan sé. Mar mhaith léithe fhéin a théigheas tír 'un cogaidh le tír eile: mar mhaithe léithe fhéin a chuir sí tíortha eile faoi chois; mar mhaithe léithe fein a mholas sí umhlaigheacht a chuid sgábhuidhthe; agus mar mhaithe léithe féin a chuireas sí i gcéill don domhan gur mar mhaithe leó-san atá sí 'ghá dhéanamh. Cé deir gur móralas atá ag stiúriú an tsaoghail? Cé deir gur feallsamhnacht atá ag treorú ar ngníomhartha? Thiontaigh sé as a chois agus d'imithigh uaim agus d'fhág mé ag meabhrú ar fhírinne na cainte a chan sé. Gruamdha go leor atá sí, acht tchithear damh go bhfuil cuid mhaith de'n cheart innti. Is léir gurab é an cogadh thug na smaointigh seo ina chionn. Acht ní ceart breith a thabhairt ar an duine do réir a ghníomhartha i n-aimsir cogaidh, mar is mó don bhrúid ata ann le linn an chatha 'ná i n-am ar bith eile ina shaoghal. Ta tréartha eile ann nach bhfeictear ar pháirc an áir. Cinnte ní hé an duine céadna é a bheir éadach don nocht, deoch don tartmhar, biadh don ocrach is a chuireas fuireann luinge go tóin na fairrge. Tá tréartha sa duine d'fhoghluim sé le linn na n-aois, atá go laetheamhail a árdú: tá tréartha eile ann a bhíos ag troid ina n-aghaidh seo. Oighridheacht na barbarachta iad seo. Tá cuma ortha bheith i n-uachtar fá láthair. Séamus Ó Searcaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services