Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Feallsamhnach

Title
An Feallsamhnach
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Feallsamhnach.



Ní raibh sé aosta agus ní raibh sé óg. Bhí corr ribe liath ina chionn; acht ní
le haois a tháinig siad ann, ná ba léir nach dtáinig mórán dhá bhliadhantaibh go
fóill. Thoisigh sé agus b'éigeann dhamh éisteacht le n-a raibh aige le rádh.



“Labhairtear ar chogadh, acht ní éirigheann troid gan fonn bruighne bheith
ar bheirt ar a laighead. Ní éirigheann cogadh eadar tíortha an áit nach mbíonn
fonn troda acht ar thír amháin. Bhí mé ag treabhadh san pháirc úd thall agus
tháinig maicín stócaigh a chur troda ar mo mhac mar gheall ar rud eighinteacht a
rinne mo mhac air. Bhí eagla ar mo mhac roimhe agus níor thaisbeán sé troid
ar bith dó. D'imthigh an stócach gan buille a bhualadh. Dá mbéadh fonn troda
ar mo mhac is dóigh go n-éireóchadh bruighean eatortha. Isé a dhálta sin ag
tíorthaibh é: ní éirigheann cogadh eatortha acht nuair a bhíos fonn cogaidh ar an
dá thaoibh.



Mar mhaithe leis féin a théid duine a throid le n-a chomharsain. Ní smaoin-
thigheann sé ar an cheart ná ar an mhí-cheart acht ar an tairbhe thiocfas dó fhéin dá
bharr na troda. Is minic leoga, atchímid an oiread sin de thréathraibh an fhir
bharbardha sa duine shibhialta nach léir dó dadaidh acht díoghaltas na huaire.
Iarsma na barbarachta is cionntach leis an troid a éirigheas eadar daoine
agus nós a tháinig anall ón bharbaracht is ciontach leis an chogadh éirigheas
eadar tíortha. Ar smaointigh tír ar bith a chuir cogadh ar bun araimh ar cheart
nó ar mhí-cheart an chogaidh? Ar smaointigh sí ar rud ar bith acht ar an rud
ba mhó rachadh 'un tairbhe dí féin? Mar mhaithe leis féin a throideadh an fear
barbardha i lár na hEorpa i bhfad ó shoin 'nuair nach raibh comhnuigh ar bheó 'sna
hoileáin seo. Mar mhaithe leis an teaghlach throideadh sé nuair a thoisigh sé a chur
suim ina chlainn. Nuair a d'fhás an teaghlach go raibh an chlann ann ba mar
mhaithe leis an chlainn nochtadh sé claidheamh. Agus nuair a mhéaduigh an chlann
go raibh an náisiún ann dá mar mhaithe leis an náisiún a bhí ag troid
bhí smaointiú beag i gcomhnuidh ina intinn go dtiocfadh tairbhe dó féin as
bhuaidh a bhreith ar an taoibh eile.



“Impireacht! Nach é an rud céadna is bun le n-a leithéid? Is fada ó
chonnaic an duine go dtiocfadh leis tabhairt ar dhaoinibh eile oibriú dó. Le
gliocas agus le hintleacht fuair sé an chumhacht ar na daoine nach raibh chomh fada
'un tosaigh 'sna tréarthaibh sin leis féin thug sé ortha treabhadh agus forsú agus
allus a bhaint as a gcnámha ar dhóigh gur shóchamhla a shaoghal féin. Agus ba é a
dhálta sin ag na tíorthaibh a chuir impireacht ar bun é: aitdhígh gur shócamhla a
saogal fein chuir siad tíortha eile faoi smacht. Thug siad ar lucht na dtíortha
eile sin treabhadh agus forsú dóbhtha-san, nó bhain siad díobhtha an chuid ba mhó
d'ollmhaitheas ar bith a bhí cruinn aca. Chuir siad i gcéill gur mar mhaithe leis
na tíorthaibh eile seo a chuir siad iad faoi smacht. I gcionn tamaill creideadh
iad. Agus do réir mar bhí an creideadh seo an dul i méid bhí umhlaigheacht an
dreama bhí faoi chois an dul i dtreise. Moladh iad mar gheall ar a n-umhlaigheacht
agus tugadh bribeanna do na daoinibh ba mhó cumhacht ina measg. Mar mhaithe
léithe fhéin a rinne gach tír de mhór-thíorthaibh an domhain na rudaí seo. Acht nuair
a chuaidh na tíortha seo bhí faoi chois ar aghaidh ar dhóigh gur léir don tír a bhí i
n-uachtar go gcaithfidhe beagán saoirseachta a thabhairt dóibh, ar eagla go
n-éireóchadh siad ina haghaidh, dubhradh gur fhial an gníomh é. Acht ní mar mhaithe
leó-san tugadh an tsaoirseacht sin doibh acht mar mhaithe leis an tír a bhí i n-uachtar.



“Seadh! Mar mhaithe leis fhéin a ghní an duine coitcheannta gach ní da ndéan
sé. Mar mhaith léithe fhéin a théigheas tír 'un cogaidh le tír eile: mar mhaithe
léithe fhéin a chuir sí tíortha eile faoi chois; mar mhaithe léithe fein a mholas sí
umhlaigheacht a chuid sgábhuidhthe; agus mar mhaithe léithe féin a chuireas sí i gcéill
don domhan gur mar mhaithe leó-san atá sí 'ghá dhéanamh. Cé deir gur móralas
atá ag stiúriú an tsaoghail? Cé deir gur feallsamhnacht atá ag treorú ar
ngníomhartha?



Thiontaigh sé as a chois agus d'imithigh uaim agus d'fhág mé ag meabhrú ar
fhírinne na cainte a chan sé. Gruamdha go leor atá sí, acht tchithear damh go
bhfuil cuid mhaith de'n cheart innti. Is léir gurab é an cogadh thug na smaointigh
seo ina chionn. Acht ní ceart breith a thabhairt ar an duine do réir a ghníomhartha
i n-aimsir cogaidh, mar is mó don bhrúid ata ann le linn an chatha 'ná i n-am ar
bith eile ina shaoghal. Ta tréartha eile ann nach bhfeictear ar pháirc an áir.
Cinnte ní hé an duine céadna é a bheir éadach don nocht, deoch don tartmhar,
biadh don ocrach is a chuireas fuireann luinge go tóin na fairrge. Tá tréartha
sa duine d'fhoghluim sé le linn na n-aois, atá go laetheamhail a árdú: tá
tréartha eile ann a bhíos ag troid ina n-aghaidh seo. Oighridheacht na barbarachta
iad seo. Tá cuma ortha bheith i n-uachtar fá láthair.



Séamus Ó Searcaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services