Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Páipéir Nuaidheachta agus an Ghaedhilg
Title
Na Páipéir Nuaidheachta agus an Ghaedhilg
Author(s)
Ó Máille, Eoghan,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Páipéir Nuaidheachta agus an Ghaedhilg. Tír gan teanga 'seadh tír gan chroidhe gan anam. Náisiún gan teanga leas-ainm 'seadh náisiún a thabhairt uirthi. Duine gan teanga a rhíre agus a shinnsir féin duine 'seadh é nach dtuigeann cúis a thíre agus nach ngrádhuigheann tréithe a shinnsir agus nach gcuireann aon tsuim i ngníomhartha a shean. Ní hiongnadh ar bith go deimhin go bhfuil an mhí-fhoighid ag cur go mór ortha seo ar a bhfuil leas na Gaedhilge ag cur buadhartha leis an gcomhthrom atá d'á thabhairt dár dteangaidh fá láthair ag furmhór a bhfuil de pháipéaraibh nuaidheachta againn san tír seo. Is ion-mholta an nidh í an mhí-fhoighid uaireannta, go háithrid nuair a bhíos siocair mhaith léithe. Ach ní dhéanann an mhí-fhoighid cúis i gcómhnaidhe, ná go deimhin ar chor ar bith, chun an ruda ná na néithe a bhíos uainn d'fhághail, bíodh is go mbíonn an cruadh-ghádh fein léithe, gan ughdarthás éifeachtach eicínt eile ina teannta. Ag trácht dom ar na páipéaraibh nuaidheachta, agus ar an ngomhthrom atá d'á thabhairt aca do'n Ghaedhilg, ní áidhbhéil a rádh mar adubhairt saoi an Bhéarla: A straw best shows how the wind blows. Is uathbhásach mar a lúbas, mara chúbas, mar a luasgas agus mar a shéideas páipéir nuaidheachta na haimsire seo le gaoith. Bí ag trácht ar shop tuighe dá luasgadh le gaoith acht níl sé ann leis na páipéaraibh. Ní aon mhodh mór a bhí riamh ag páipéaraibh nuaidheacht na hÉireann do'n Ghaedhilg ná aon mheas mór a bhí aca uirthi, acht tá an cleabhar agus an tubaist ar fad ortha ó cloiseadh fuaim an chatha ar mhachairíbh na Beilge ar dtús. Gan aimhreas tá corr cheann fánach ortha - dó nó trí de cheannaibh ar a mhéad - agus thugadar a ceart féin do'n Gheadhilg i gcomhnaidhe, agus ag a bhfuil a gcionn féin dá dhéanamh ar son na teangadh fá láthair fein - d'aimhdheoin na gaoithe. Na páipéir eile, agus is líonmhar a n-uimhir le háireamh, ba bheag agus ba an-bheag aca an Ghaedhilg gach lá riamh. I n-aimsir síothchana, nuair nach mbíodh aon nidh eile aca le cur ós cómhair na poiblidheachta, b'fhéidir go mbeidís chomh soilgheasach agus chomh tír-ghrádhach, mar eadh! ar uaireanntaibh is go leigfidís cunntas beag isteach i mBéarla fá imtheachtaibh craoibhe nó fá imtheachtaibh ruda eicínt eile dár bhain leis an nGluaiseacht; acht dá dtórluigheadh, mar a thárluigheas gach uair san ló, d'fhear 'san mBreatain eolódh le céile a chomharsan, nó d'fhear ghorm 'san Oilean Úr dóibheart a dhéanamh ar scaoille sráide, ní baoghal annsin nach gcuirfidís an “Sensation” i gcinn-litreacha móra dubh isteach thuas ar bhárr an leathannaigh tosaigh, agus ní baoghal fós nach ndéanfaidís dearmad cruinn ar chunntas a thabhairt 'san mBéarla féin ar imtheachtaibh na craoibhe nó ar imtheachtaibh ruda ar bith eile a rachadh chun tairbhe do'n Ghaedhilg. 'Seadh, agus ní bheidís sásta leis sin. Cuirfidh pictiúirí na gcuirpeach, dá mba nidh go mbeadh ao fhághail ortha, ós comhair an phobail freisin mar aon le gach coir, éagcóir, agus éirghe-slighe dá ndearnadar ó thuit a mull ar an talamh. Ní bheadh na “Sensations” ar deireadh ar aon chor, acht bheadh iarraidh fada fánach ar aon tuairisg i dtaoibh na Gaedhilge agus i dtaoibh ruda ar bith d'ár bhain léithe. Agus dá gcuirtí cúpla líne sgríobhtha as Gaedhilg ag ionnsaighe ar na páipéaraibh léigheannta tír-ghrádhacha seo atá againn-ne b'fhéidir dóibh iad a chur isteach acht ba dhóichide gan a gcur, acht dá gcuiridís féin bheadh mí nó ráithe nó leith-bhliadhain de mhoill ortha, agus i ceann ha haimsire sin féin ní bheadh an púca agus is cliste an fheithide é m's fíor mar chualas i n-ann an cúpla líne a léigheadh ná a thuigsint bheadh an cló chomh bacach chomh ciotach sin. Aon ghiota eile as Gaedhilge ní chuirfidhe isteach go ceann bliadhna eile arís. Ní anois trtáh na mí-fhoighde acht, is dócha gur fearr go mall ná go bráth. Sin é díreach mar atá ráidhte agam an bealach a bhí faoi na páipéaraibh nuaidheachta 'riamh, agus ag dul i ndonacht agus i n-olcas atá siad gach lá dá bhfuil ag eirghe ortha. Ní thobair a bheith san mbuille mór ortha faoi. Níl aon leigheas aca air. An drong atá i mbun agus i gceannas na bpáipéar táid gan aon eolas a bheith aca ar an nGaedhilg, acht amháin duine sé nó seachráin. Táid gan aon mheas a bheith aca ar an teangaidh, nó aon tsuim aca inntí. Na pighneacha atá uatha agus ní Gaedhilg. Ní thiubhraid siad a ceart do'n Ghaedhilg go deó an fad is a bhéas a gcuid pocaí ag éirghe trom le meádhchan airgid. Acht dá nglacadh Gaedhil ortha féin gan aon pháipéar a cheannacht acht an páipéar ina mbeadh a bheag nó a mhór de'n Ghaedhilg; dá nglacaidís ortha féin gan congnamh ar bith dá laighead a thabhairt do pháipéar nuaidheacht ar bith acht amháin an páipéar nuaidheacht a bhéarfadh comhthrom agus ceart agus ómós do theangaidh na tíre, annsin, b'fhéidir go mbeadh port eile le clos. Bhíodh leath-cholumhain nó ceathramha cuid de cholumhain 'san “Independent” agus ní mó na an oiread eile 'san “bhFreeman” as Gaedhilg sul ar tosnuigheadh ar an gcogadh. Ní bhíodh sé ionnta i gcómhnaidhe is fíor, acht ca bhfuil sé anois? Cá bhfuil an sneacht mór a bhí ann fadó? arsa tusa. Leágh an sneachta de'n talamh, is dócha, nuair a sgairt an ghrian amach. Is cosamhail ar an nós chéadna, gur leágh an Ghaedhilg as an “Independent” agus as an “bhFreeman” nuair a bhrúcht an t-airgead isteach. 'Seo poilitidheach is dócha, acht má 'seadh féin nach í an phoilitidheach seo bun agus bárr agus cionnn-tsiocair leis an nGaedhilg a dhíbirt go glan amach as na páipéaraibh seo atá i gceist agam? 'Sí an phoilitidheacht bun agus bárr gach ruda fá láthair. Ní féidir le duine a cheann a thochas nach siúd í an phoilitidheacht curtha i n-a leith. Dá bhrigh sin, i n-ainm Chruim, abraimís gurab í an phoilitidheacht atá dhá thabhairt ar na páipéaraibh nuaidheacht réamh-ráidhte druim láimhe a thabhairt leis an nGaedhilg. Ó thárla go bhfuil mo mhéar agam i nGall-chúrsaibh na bpáipéar nuaidheachta rachad níos doimhne 'san sgéal. Tá sé le léigheadh ag Gaedhealaibh anois má tá futha obair na Gaedhilge a chur chun cinn nach fuláir dóibh seasamh ar a mbonnaibh féin agus gan a bheith ag súil go gcuirfidh an ghaoth ndeas nó an ghaoth aniar nó an ghaoth anoir iasg ins na líontaibh aca. Ná bimís ar thóir na cabhrach agus agus gan fonn orainn a lorg. Ná bímís ar thóír cabhrach ó na páipéaraibh nuaidheachta mara rabhamuid i ndá 'ríríbh agus a chur i n-umhal dóibh go gcaithfinud an chabhair sin d'fhághail uatha nó a bhaint amach le barr bata má's éígin é. Bheadh sé chomh maith do dhuine a bheith ag dul de bhata ar an ngaoith le a bheith ag cur rúd i bhfeidhm d'á chur i n-umhal do na páipéaraibh go raibh cionn-fhaillighe dá dhéanamh aca ar an nGaedhilg agus gur mhithid dóibh a bport a athrughadh. Eoghan Ó Máille.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services