Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Páipéir Nuaidheachta agus an Ghaedhilg

Title
Na Páipéir Nuaidheachta agus an Ghaedhilg
Author(s)
Ó Máille, Eoghan,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Páipéir Nuaidheachta agus an Ghaedhilg.



Tír gan teanga 'seadh tír gan chroidhe gan anam. Náisiún gan teanga
leas-ainm 'seadh náisiún a thabhairt uirthi. Duine gan teanga a rhíre agus a
shinnsir féin duine 'seadh é nach dtuigeann cúis a thíre agus nach ngrádhuigheann
tréithe a shinnsir agus nach gcuireann aon tsuim i ngníomhartha a shean.



Ní hiongnadh ar bith go deimhin go bhfuil an mhí-fhoighid ag cur go mór ortha
seo ar a bhfuil leas na Gaedhilge ag cur buadhartha leis an gcomhthrom atá d'á
thabhairt dár dteangaidh fá láthair ag furmhór a bhfuil de pháipéaraibh nuaidheachta
againn san tír seo. Is ion-mholta an nidh í an mhí-fhoighid uaireannta, go
háithrid nuair a bhíos siocair mhaith léithe. Ach ní dhéanann an mhí-fhoighid cúis i
gcómhnaidhe, ná go deimhin ar chor ar bith, chun an ruda ná na néithe a bhíos uainn
d'fhághail, bíodh is go mbíonn an cruadh-ghádh fein léithe, gan ughdarthás éifeachtach
eicínt eile ina teannta.



Ag trácht dom ar na páipéaraibh nuaidheachta, agus ar an ngomhthrom atá
d'á thabhairt aca do'n Ghaedhilg, ní áidhbhéil a rádh mar adubhairt saoi an Bhéarla:
A straw best shows how the wind blows. Is uathbhásach mar a lúbas, mara
chúbas, mar a luasgas agus mar a shéideas páipéir nuaidheachta na haimsire seo
le gaoith. Bí ag trácht ar shop tuighe dá luasgadh le gaoith acht níl sé ann leis
na páipéaraibh.



Ní aon mhodh mór a bhí riamh ag páipéaraibh nuaidheacht na hÉireann do'n
Ghaedhilg ná aon mheas mór a bhí aca uirthi, acht tá an cleabhar agus an tubaist
ar fad ortha ó cloiseadh fuaim an chatha ar mhachairíbh na Beilge ar dtús. Gan
aimhreas tá corr cheann fánach ortha - dó nó trí de cheannaibh ar a mhéad - agus
thugadar a ceart féin do'n Gheadhilg i gcomhnaidhe, agus ag a bhfuil a gcionn
féin dá dhéanamh ar son na teangadh fá láthair fein - d'aimhdheoin na gaoithe. Na
páipéir eile, agus is líonmhar a n-uimhir le háireamh, ba bheag agus ba an-bheag
aca an Ghaedhilg gach lá riamh. I n-aimsir síothchana, nuair nach mbíodh aon nidh
eile aca le cur ós cómhair na poiblidheachta, b'fhéidir go mbeidís chomh soilgheasach
agus chomh tír-ghrádhach, mar eadh! ar uaireanntaibh is go leigfidís cunntas
beag isteach i mBéarla fá imtheachtaibh craoibhe nó fá imtheachtaibh ruda eicínt
eile dár bhain leis an nGluaiseacht; acht dá dtórluigheadh, mar a thárluigheas
gach uair san ló, d'fhear 'san mBreatain eolódh le céile a chomharsan, nó d'fhear
ghorm 'san Oilean Úr dóibheart a dhéanamh ar scaoille sráide, ní baoghal
annsin nach gcuirfidís an “Sensation” i gcinn-litreacha móra dubh isteach
thuas ar bhárr an leathannaigh tosaigh, agus ní baoghal fós nach ndéanfaidís
dearmad cruinn ar chunntas a thabhairt 'san mBéarla féin ar imtheachtaibh na
craoibhe nó ar imtheachtaibh ruda ar bith eile a rachadh chun tairbhe do'n Ghaedhilg.
'Seadh, agus ní bheidís sásta leis sin. Cuirfidh pictiúirí na gcuirpeach, dá
mba nidh go mbeadh ao fhághail ortha, ós comhair an phobail freisin mar aon le gach
coir, éagcóir, agus éirghe-slighe dá ndearnadar ó thuit a mull ar an talamh.
Ní bheadh na “Sensations” ar deireadh ar aon chor, acht bheadh iarraidh fada
fánach ar aon tuairisg i dtaoibh na Gaedhilge agus i dtaoibh ruda ar bith d'ár
bhain léithe.



Agus dá gcuirtí cúpla líne sgríobhtha as Gaedhilg ag ionnsaighe ar na
páipéaraibh léigheannta tír-ghrádhacha seo atá againn-ne b'fhéidir dóibh iad a chur
isteach acht ba dhóichide gan a gcur, acht dá gcuiridís féin bheadh mí nó ráithe nó
leith-bhliadhain de mhoill ortha, agus i ceann ha haimsire sin féin ní bheadh an
púca agus is cliste an fheithide é m's fíor mar chualas i n-ann an cúpla líne
a léigheadh ná a thuigsint bheadh an cló chomh bacach chomh ciotach sin. Aon ghiota
eile as Gaedhilge ní chuirfidhe isteach go ceann bliadhna eile arís. Ní anois
trtáh na mí-fhoighde acht, is dócha gur fearr go mall ná go bráth.



Sin é díreach mar atá ráidhte agam an bealach a bhí faoi na páipéaraibh
nuaidheachta 'riamh, agus ag dul i ndonacht agus i n-olcas atá siad gach lá dá
bhfuil ag eirghe ortha. Ní thobair a bheith san mbuille mór ortha faoi. Níl aon
leigheas aca air. An drong atá i mbun agus i gceannas na bpáipéar táid gan
aon eolas a bheith aca ar an nGaedhilg, acht amháin duine sé nó seachráin. Táid
gan aon mheas a bheith aca ar an teangaidh, nó aon tsuim aca inntí. Na pighneacha
atá uatha agus ní Gaedhilg. Ní thiubhraid siad a ceart do'n Ghaedhilg go deó
an fad is a bhéas a gcuid pocaí ag éirghe trom le meádhchan airgid. Acht dá
nglacadh Gaedhil ortha féin gan aon pháipéar a cheannacht acht an páipéar ina
mbeadh a bheag nó a mhór de'n Ghaedhilg; dá nglacaidís ortha féin gan congnamh
ar bith dá laighead a thabhairt do pháipéar nuaidheacht ar bith acht amháin an
páipéar nuaidheacht a bhéarfadh comhthrom agus ceart agus ómós do theangaidh
na tíre, annsin, b'fhéidir go mbeadh port eile le clos.



Bhíodh leath-cholumhain nó ceathramha cuid de cholumhain 'san “Independent”
agus ní mó na an oiread eile 'san “bhFreeman” as Gaedhilg sul ar tosnuigheadh
ar an gcogadh. Ní bhíodh sé ionnta i gcómhnaidhe is fíor, acht ca bhfuil sé anois?
Cá bhfuil an sneacht mór a bhí ann fadó? arsa tusa. Leágh an sneachta de'n
talamh, is dócha, nuair a sgairt an ghrian amach. Is cosamhail ar an nós chéadna,
gur leágh an Ghaedhilg as an “Independent” agus as an “bhFreeman” nuair
a bhrúcht an t-airgead isteach. 'Seo poilitidheach is dócha, acht má 'seadh
féin nach í an phoilitidheach seo bun agus bárr agus cionnn-tsiocair leis an
nGaedhilg a dhíbirt go glan amach as na páipéaraibh seo atá i gceist agam? 'Sí
an phoilitidheacht bun agus bárr gach ruda fá láthair. Ní féidir le duine a cheann
a thochas nach siúd í an phoilitidheacht curtha i n-a leith. Dá bhrigh sin, i n-ainm
Chruim, abraimís gurab í an phoilitidheacht atá dhá thabhairt ar na páipéaraibh
nuaidheacht réamh-ráidhte druim láimhe a thabhairt leis an nGaedhilg.



Ó thárla go bhfuil mo mhéar agam i nGall-chúrsaibh na bpáipéar nuaidheachta
rachad níos doimhne 'san sgéal. Tá sé le léigheadh ag Gaedhealaibh anois má tá
futha obair na Gaedhilge a chur chun cinn nach fuláir dóibh seasamh ar a mbonnaibh
féin agus gan a bheith ag súil go gcuirfidh an ghaoth ndeas nó an ghaoth aniar
nó an ghaoth anoir iasg ins na líontaibh aca. Ná bimís ar thóir na cabhrach agus
agus gan fonn orainn a lorg. Ná bímís ar thóír cabhrach ó na páipéaraibh nuaidheachta
mara rabhamuid i ndá 'ríríbh agus a chur i n-umhal dóibh go gcaithfinud an chabhair
sin d'fhághail uatha nó a bhaint amach le barr bata má's éígin é. Bheadh sé chomh
maith do dhuine a bheith ag dul de bhata ar an ngaoith le a bheith ag cur rúd i
bhfeidhm d'á chur i n-umhal do na páipéaraibh go raibh cionn-fhaillighe dá dhéanamh
aca ar an nGaedhilg agus gur mhithid dóibh a bport a athrughadh.



Eoghan Ó Máille.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services