Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Garnóireacht
Title
An Garnóireacht
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Garnóireacht. Teanam lim ag cur. Is aoibhinn leis an nduine tréimhse do chaitheamh ag cur cé ach róaiteasach an uain chuige anois. Tá an dúthaigh na fhásach geall leis. Mothuightear an ghlaise a ghéire tá an aimsir anois seachas an Samhradh. Ar a shon sin is uile, ní mór don gharnir bheith ar a bhairicínibh ag bait is ag cur is ag clanadh de fhíor. Tá duilleóga na gcrann ag tuitim na míltibh agus ag dul i n-achrann ins na glasaraidhe agus má ráinigheann dá lán aca do thuirling ar na bláthannaibh buirfidh siad cosc le n-a bhfás. Cé nach mór le rádh na bláthanna atá oireamhnach chun saothrú a dhéanamh ortha le linn na haimsire seo mar sin féin is mór an nidh na drilleanna agus na casáin a ghlanadh agus a bhearradh agus bhaint de na craobhacha agus de na bláthanna atá ag dul chun deiridh. Ní haon díoghbhail tosnú a dhéanamh ar an dtalamh do leagadh agus na planndaí agus na cranníní óga do chur ann. Má cuirtear cóir oireamhnach ar an gcrann rós anois thiocfaidh sé chun cinn ar fheabhas ar theacht an earraigh. Is fuirist gluaiseacht neamh choitchianta do chur air má dheintear na craobhacha atá ag silleadh leis an bhaint nó a cheangal le sreangan, má's i n-aice an balla atá an crann rós. Tá an rós buidhe ar an gcineál is deise agus is laige ar na rósannaibh go léir agus caillfidh sé a lán, dhá bhreaghthacht má bheireann an sioc ró-dhian air. Ní miste foithin éigint a sholáthar don gcrann soin más féidir é. Agus cuireann soin i gcuimhne dhom rud do thuiteann amach go minic do na rósannaibh: craobhacha fidhne d'eascair a lár an chrainn agus ní'l cur síos ar an ndíoghbháil a dheineid do na rósannaibh mar milleann siad sugh na gcrann thar fóir mara mbaintear i n-am iad. Is áluinn go léir a fhéachann an tigh glaine agus is mór an nidh don ghárnóir an grianán soin do bheith aige chun altuim ar bhláthannaibh áirithe an trá bhíonn an doineann dá chosc ar an saothrú soin amuigh fén spéir. Na chriysanthemums agus na geraniums agus an bainne bó bleacht is mó a chuirfidh an t-aiteas croidhe air. Dá ndéanfaidhe an begonia, a raithne agus an phailm d'áireamh ortha ba dheacair cur síos ar áillneacht an radharc soin go léir. Tá planndaí eile, 'an hyacinth agus an mignonette, cuir i gcás, a raghadh chun tairbhthe d'fhonn baluidh taitneamhach a thabhairt don ghrianán go léir. Ní oireann aon ana- chuid brothail do na bláthannaibh sa tigh glaine ní mó ná mar a réidhteóchaidh leo séadán gaoithe do dhul tríd an dtig. Is fearr an brothal do riaradh do réir mar a bheireann atharrú ar an aimsir. Ní beag liom a rádh annso nár bhuail aon ghárnóir umam fós ná raibh cúis gearáin aige toisc matalong do dhul ar a chuid saothair i gcúrsaí gáirneóir- eachta ó am go ham. Acht as an dtathaighe a gheibhtear an fhoghluim. Tá cúrmaí eile seachas saothrú na mbláth nár bhfuláir féachaint chuca i gcaitheamh an gheimhrigh. Ní beag le rádh an luachmhaireacht a ghabhann leis an gcrann spiúnáin agus na réasar dearg. Ní'l a bhac ar an nduine a lán díobh soin do thógaint gan an duadh ba lugha do dhul dóibh. Acht na péiríní agus na hubhaill 'siad is tairbhthighe agus is áiseamhla don mnaoi tighe. Ní'l uatha anois acht na crainn a phiocadh agus a chrapadh le slacht agus scraith agus roinnt aoiligh do thabhairt dóibh. Is fada cuimhneochadh ar an obair mhór do chonnac ar siubhal ar fheirim an Ridire Pluicéadaigh lá airithe do thugadh cuaid air. Is cuimhin liom an talamh dá leagadh amach aige sé mbliadhna ó shoin acht is beag a shoileas go bhféadfá an teileagan soin go léir d'fhághail ar an mball soin, mar ná raibh ann acht failleacha agus tuir aitinn nuair do thug sé fé na shaothrú. Na bláthanna is mó chuir alltacht orm-sa. Táim deimhinteach dhe ná raibh an gárnóír ró-bhuidheach díom de thoise an chaint go léir do chuireas air. Acht ta súil agam go bhfuil maithte aige dhom fén am so. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services