Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Garnóireacht

Title
An Garnóireacht
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Garnóireacht.



Teanam lim ag cur. Is aoibhinn
leis an nduine tréimhse do chaitheamh
ag cur cé ach róaiteasach an uain
chuige anois. Tá an dúthaigh na fhásach
geall leis. Mothuightear an ghlaise a
ghéire tá an aimsir anois seachas an
Samhradh. Ar a shon sin is uile, ní mór
don gharnir bheith ar a bhairicínibh ag
bait is ag cur is ag clanadh de fhíor.
Tá duilleóga na gcrann ag tuitim na
míltibh agus ag dul i n-achrann ins na
glasaraidhe agus má ráinigheann dá lán
aca do thuirling ar na bláthannaibh
buirfidh siad cosc le n-a bhfás. Cé
nach mór le rádh na bláthanna atá
oireamhnach chun saothrú a dhéanamh ortha
le linn na haimsire seo mar sin féin
is mór an nidh na drilleanna agus na
casáin a ghlanadh agus a bhearradh agus
bhaint de na craobhacha agus de na
bláthanna atá ag dul chun deiridh. Ní
haon díoghbhail tosnú a dhéanamh ar an
dtalamh do leagadh agus na planndaí
agus na cranníní óga do chur ann.



Má cuirtear cóir oireamhnach ar an
gcrann rós anois thiocfaidh sé chun cinn
ar fheabhas ar theacht an earraigh. Is
fuirist gluaiseacht neamh choitchianta do
chur air má dheintear na craobhacha atá
ag silleadh leis an bhaint nó a cheangal
le sreangan, má's i n-aice an balla atá
an crann rós. Tá an rós buidhe ar an
gcineál is deise agus is laige ar na
rósannaibh go léir agus caillfidh sé
a lán, dhá bhreaghthacht má bheireann an
sioc ró-dhian air. Ní miste foithin éigint
a sholáthar don gcrann soin más féidir
é. Agus cuireann soin i gcuimhne dhom
rud do thuiteann amach go minic do na
rósannaibh: craobhacha fidhne d'eascair
a lár an chrainn agus ní'l cur síos ar
an ndíoghbháil a dheineid do na rósannaibh
mar milleann siad sugh na gcrann thar
fóir mara mbaintear i n-am iad.



Is áluinn go léir a fhéachann an tigh
glaine agus is mór an nidh don
ghárnóir an grianán soin do bheith aige
chun altuim ar bhláthannaibh áirithe an
trá bhíonn an doineann dá chosc ar an
saothrú soin amuigh fén spéir. Na
chriysanthemums agus na geraniums
agus an bainne bó bleacht is mó a
chuirfidh an t-aiteas croidhe air. Dá
ndéanfaidhe an begonia, a raithne agus
an phailm d'áireamh ortha ba dheacair
cur síos ar áillneacht an radharc soin
go léir. Tá planndaí eile, 'an
hyacinth agus an mignonette, cuir i
gcás, a raghadh chun tairbhthe d'fhonn
baluidh taitneamhach a thabhairt don
ghrianán go léir. Ní oireann aon ana-
chuid brothail do na bláthannaibh sa tigh
glaine ní mó ná mar a réidhteóchaidh leo
séadán gaoithe do dhul tríd an dtig.
Is fearr an brothal do riaradh do réir
mar a bheireann atharrú ar an aimsir.
Ní beag liom a rádh annso nár bhuail
aon ghárnóir umam fós ná raibh cúis
gearáin aige toisc matalong do dhul
ar a chuid saothair i gcúrsaí gáirneóir-
eachta ó am go ham. Acht as an
dtathaighe a gheibhtear an fhoghluim.



Tá cúrmaí eile seachas saothrú na
mbláth nár bhfuláir féachaint chuca i
gcaitheamh an gheimhrigh. Ní beag le rádh
an luachmhaireacht a ghabhann leis an
gcrann spiúnáin agus na réasar dearg.
Ní'l a bhac ar an nduine a lán díobh soin
do thógaint gan an duadh ba lugha do
dhul dóibh. Acht na péiríní agus na
hubhaill 'siad is tairbhthighe agus is
áiseamhla don mnaoi tighe. Ní'l uatha
anois acht na crainn a phiocadh agus a
chrapadh le slacht agus scraith agus
roinnt aoiligh do thabhairt dóibh.



Is fada cuimhneochadh ar an obair
mhór do chonnac ar siubhal ar fheirim an
Ridire Pluicéadaigh lá airithe do thugadh
cuaid air. Is cuimhin liom an talamh
dá leagadh amach aige sé mbliadhna ó
shoin acht is beag a shoileas go bhféadfá
an teileagan soin go léir d'fhághail
ar an mball soin, mar ná raibh ann acht
failleacha agus tuir aitinn nuair do
thug sé fé na shaothrú. Na bláthanna is
mó chuir alltacht orm-sa. Táim
deimhinteach dhe ná raibh an gárnóír
ró-bhuidheach díom de thoise an chaint go
léir do chuireas air. Acht ta súil agam
go bhfuil maithte aige dhom fén am so.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services