Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nuair a Thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn
Title
Nuair a Thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn
Author(s)
An Buachaillín Buidhe,
Pen Name
An Buachaillín Buidhe
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Nuair a Thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn. “Bíonn dhá innsint ar sgéal. An innsisin nár thug “Conán Maol” dúinn tá sé dhá tabhairt ag “an mBuachaillín Buidhe”. Atá sluaighte na hAlmáine ag buachtáil rómpa ar fud na hEórpa anois agus is léir go bhfuil ag éirí leis an gKaiser ins an troid atá ar siubhal faoi láthair san bhFrainc agus insan mBeilg. Is léir, freisin, gurb í an Almáin an impireacht is treise dá bhfuil ar domhan agus is maith an sgeul mar sin - de réir mar curtar i gcéill dhúinn - nach bhfuil baint ná páirt ag Éirinn leis an gcogadh. Atá longa-aer d'á n-ullmhú' ag na Próisigh le deireadh do chur le loingeas Shasana agus le slighe d'osgailt dhóibh féin chum sluaigh saighdiúirí do thabhairt isteach ar thalamh na Breataine Móire. Maith an sgeul mar sin, adeirim, nach bhfuil Éire i gcogadh le hImpireacht na hAlmáine. Ní'l aon chall againn sgannradh nó faitchíos bheith orainn roimh na Priúisigh. Na sgeulta atá dhá n-innseacht i dtaobh a gcuid tútuighil san mBeilg agus sa bhFrainc atá a fhios againn nach bhfuil ionnta ach dearg-éitheach na Sasanach nár innis focal fírinne riamh. Na “sagairt” agus na “siúracha” agus na “páistí” do mharbhuigheadh ar fud na Beilge nach bhfuil fhios ag an saoghal Fodhlach gurb spiadóirí Francacha agus Sasanacha a bhí ionta. Dhiumhan lá riamh nach raibh na Priúisigh go mór anuas ar éinne dheunfadh lámhach daoine nó losgadh teach agus teampull. Ní dheunfadh siad goid nó broid nó murdal. Is deaghmhúinte sibhialta an bunadh iad ar fad agus ní'l d'á luaithe dá dtiocfaidh siad anall chugainne go dtí talamh na hÉireann leis an Sasanach malluighthe do dhíbirt uainn nach amhlaidh do bhfearr dhúinn é. Ó's léir do'n tsaoghal go bhfuil siad ag teacht ba cheart dúinn bheith ag ullmhú rómpa i slighe nach baoghal go mbéarfar i bhfaill orainn. Badh cheart dúinn bheith ag cur rudaí i dtro roimh an náisiún a bhfuil meas chomh mór sin aca ar an gcineadh Ceilteach agus ar shliocht ársa Gaedhil go háirithe. Na leabhra gramadaighe agus litridheachta do sgríobh Windisch agus Zeuss agus Meyen agus na hárd-sgoláirí eile, ní fiú tadaidh iad agus na hiomleabhra iongantach bhéas d'á gcur le chéile ag na mic-léighinn thiocfas go hÉirinn nuair bhéas an Almáinn faoi réim i Sasana i leabaidh an Bhéarla. Na Gearmáine a bheas le feiceáil n-ar measg tar éis tamaillín. Beidh fearadh na fíorchaoin fáilte roimh na hAlmánaigh ar fud na tíre - rud nach iongnadh, agus is mór an saoghal bhéas i ndán d'Éirinn. Ní baoghal go mbéidhmid ag fanacht le deireadh an chogaidh ag súil le riaghaltas dúthchais ó Shasana. Ní baoghal dhúinn an “Amending Bill” úr gránda ata ar crochadh os ar gcionn i nIarmhainistir Lonndan. Bhéarfaidh an Kaiser fein Home Rule d'Éirinn chomh tiugh géar a's shroisfeas sé Baile Átha Cliath - go díreach fá mar thug sé saoir- seacht agus cead a gcinn do na Pólaigh agus do na hAlsásaigh. Ní túisge thiocfaidh na hAlmánaigh go hÉirinn ná cuirfidh siad Starkie sliocht Whateley ar fad chum bealaigh as oifig an Bhúird Náisiúnta le sligh thabhairt do Chúnó Meyer agus do na hollamhnaibh móra eile as iollsgoileannaibh Weimar agus Bonn agus Hedelberg. Bhéarfaidh an dream so oideachas fíor- náisiúnta d'aos óg na hÉireann - go díreach fá mar thug na Priúisigh oideachas duthchasach do mhuintir na Lórraine. Atá trácht ar an oideachas breagh so san leabhar “Colette Baudoche” do sgríobh Maurice Barrés. Éinne atá gan grádh ar na hAlmánaigh ba chóir dhó oibreacha Barres do léigheadh. Béidh meas aige ar árd-Kultúr na Prúise n-a dhiaidh sin nach raibh aige roimhe sin. Ní riachtanach a rádh nach mbéidh aon mhoill nó drogal ar na hAlmánaigh i dtaobh na Gaedhilge nuair bhéas siad i mbun riaghaltais na hÉireann. Cuirfidh siad an teangadh dhá labhairt agus d'á cleachtadh ar fad agus ar leithead na tíre - go díreach fa mar chuir siad an Fhraincis d'á labhairt i nAlsás agus ins an Lórráin, agus fá mar thug siad congnamh agus comhairle a leas do pháistibh na bPólach i bPósen nach n-abhróchadh a gcuid teagaisg Chríostuighe acht as Póilis amháin. Cuirfidh siad gairm-sgoile amach ar fud na bhfud ag bagairt ar na daoinibh gan Béarla a labhairt - go díreach fa mar fuagartar ar bhallaibh na páirce i mbaile mór Mett “gan Fraincis do labhairt annso.” Is cinnte go dtiubhraidh na Priúisigh gunnaí agus púdar agus lón cogaidh do na hógláchibh le hÉirinn do chosaint ar ionduighe almhúrach agus le creapall do chur ar námhaid ar bith dheunfas aon chur-isteach orainn - go díreach mar thug siad congnamh agus cabhair do Phléimeannaigh na Beilge le n-a dtír do chosaint “ar ionsuidhe na bhFrancach.” Beidh deireadh leis an Bhirrellach borb agus le hAbaireadhain bhríoghmhar an lá geal úd. Is iomdha súil thirm fhágfas an dream gallda úd n-a ndiaidh. B'fhéidir nach ruaigfear an fó-Iudaighe nua s'againne as Caisléan Átha Cliath. Is glic an dream iad na hIuduidhthe agus ní bhéidh an fodhuine úr-nua so n-a fhallsóir ag umhlú do chlainn von Bernhardi a bhéas fá réim i nÉirinn feasta. Ní bhéidh le fághail ar fud na tíre acht an tsíothcháin agus an tsástacht agus an séan agus an sonas. Béidh biergarten le feiceal ar gach coirnéal sráide agus Bolgmohr van Pilsener ag ól beorach na Babháire agus ag alpadh muicfheóla ann. Béidh deireadh go deo na díleann le donas na hÉirinn. Béidh rath agus rachmas go flúirseach againn agus béidh luthgháir agus ríméad ar gach leith nuair a thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn! An Buachaillín Buidhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services