Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuair a Thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn

Title
Nuair a Thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn
Author(s)
An Buachaillín Buidhe,
Pen Name
An Buachaillín Buidhe
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Nuair a Thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn.



“Bíonn dhá innsint ar sgéal. An innsisin nár thug “Conán Maol” dúinn tá sé dhá
tabhairt ag “an mBuachaillín Buidhe”.



Atá sluaighte na hAlmáine ag buachtáil rómpa ar fud na hEórpa anois
agus is léir go bhfuil ag éirí leis an gKaiser ins an troid atá ar siubhal
faoi láthair san bhFrainc agus insan mBeilg. Is léir, freisin, gurb í an
Almáin an impireacht is treise dá bhfuil ar domhan agus is maith an sgeul mar
sin - de réir mar curtar i gcéill dhúinn - nach bhfuil baint ná páirt ag Éirinn
leis an gcogadh. Atá longa-aer d'á n-ullmhú' ag na Próisigh le deireadh do
chur le loingeas Shasana agus le slighe d'osgailt dhóibh féin chum sluaigh saighdiúirí
do thabhairt isteach ar thalamh na Breataine Móire. Maith an sgeul mar sin,
adeirim, nach bhfuil Éire i gcogadh le hImpireacht na hAlmáine. Ní'l aon chall
againn sgannradh nó faitchíos bheith orainn roimh na Priúisigh. Na sgeulta atá
dhá n-innseacht i dtaobh a gcuid tútuighil san mBeilg agus sa bhFrainc atá a fhios
againn nach bhfuil ionnta ach dearg-éitheach na Sasanach nár innis focal fírinne
riamh. Na “sagairt” agus na “siúracha” agus na “páistí”
do mharbhuigheadh ar fud na Beilge nach bhfuil fhios ag an saoghal Fodhlach gurb
spiadóirí Francacha agus Sasanacha a bhí ionta. Dhiumhan lá riamh nach raibh na
Priúisigh go mór anuas ar éinne dheunfadh lámhach daoine nó losgadh teach
agus teampull. Ní dheunfadh siad goid nó broid nó murdal. Is deaghmhúinte
sibhialta an bunadh iad ar fad agus ní'l d'á luaithe dá dtiocfaidh siad anall
chugainne go dtí talamh na hÉireann leis an Sasanach malluighthe do dhíbirt uainn
nach amhlaidh do bhfearr dhúinn é. Ó's léir do'n tsaoghal go bhfuil siad ag
teacht ba cheart dúinn bheith ag ullmhú rómpa i slighe nach baoghal go mbéarfar
i bhfaill orainn. Badh cheart dúinn bheith ag cur rudaí i dtro roimh an náisiún
a bhfuil meas chomh mór sin aca ar an gcineadh Ceilteach agus ar shliocht ársa
Gaedhil go háirithe. Na leabhra gramadaighe agus litridheachta do sgríobh Windisch
agus Zeuss agus Meyen agus na hárd-sgoláirí eile, ní fiú tadaidh iad agus
na hiomleabhra iongantach bhéas d'á gcur le chéile ag na mic-léighinn thiocfas
go hÉirinn nuair bhéas an Almáinn faoi réim i Sasana i leabaidh an Bhéarla.
Na Gearmáine a bheas le feiceáil n-ar measg tar éis tamaillín. Beidh fearadh
na fíorchaoin fáilte roimh na hAlmánaigh ar fud na tíre - rud nach iongnadh,
agus is mór an saoghal bhéas i ndán d'Éirinn. Ní baoghal go mbéidhmid ag
fanacht le deireadh an chogaidh ag súil le riaghaltas dúthchais ó Shasana. Ní
baoghal dhúinn an “Amending Bill” úr gránda ata ar crochadh os ar gcionn
i nIarmhainistir Lonndan. Bhéarfaidh an Kaiser fein Home Rule d'Éirinn chomh
tiugh géar a's shroisfeas sé Baile Átha Cliath - go díreach fá mar thug sé saoir-
seacht agus cead a gcinn do na Pólaigh agus do na hAlsásaigh.



Ní túisge thiocfaidh na hAlmánaigh go hÉirinn ná cuirfidh siad Starkie
sliocht Whateley ar fad chum bealaigh as oifig an Bhúird Náisiúnta le sligh
thabhairt do Chúnó Meyer agus do na hollamhnaibh móra eile as iollsgoileannaibh
Weimar agus Bonn agus Hedelberg. Bhéarfaidh an dream so oideachas fíor-
náisiúnta d'aos óg na hÉireann - go díreach fá mar thug na Priúisigh oideachas
duthchasach do mhuintir na Lórraine. Atá trácht ar an oideachas breagh so san
leabhar “Colette Baudoche” do sgríobh Maurice Barrés. Éinne atá gan
grádh ar na hAlmánaigh ba chóir dhó oibreacha Barres do léigheadh. Béidh meas
aige ar árd-Kultúr na Prúise n-a dhiaidh sin nach raibh aige roimhe sin.



Ní riachtanach a rádh nach mbéidh aon mhoill nó drogal ar na hAlmánaigh
i dtaobh na Gaedhilge nuair bhéas siad i mbun riaghaltais na hÉireann. Cuirfidh
siad an teangadh dhá labhairt agus d'á cleachtadh ar fad agus ar leithead na
tíre - go díreach fa mar chuir siad an Fhraincis d'á labhairt i nAlsás agus ins
an Lórráin, agus fá mar thug siad congnamh agus comhairle a leas do pháistibh
na bPólach i bPósen nach n-abhróchadh a gcuid teagaisg Chríostuighe acht as
Póilis amháin. Cuirfidh siad gairm-sgoile amach ar fud na bhfud ag bagairt
ar na daoinibh gan Béarla a labhairt - go díreach fa mar fuagartar ar bhallaibh
na páirce i mbaile mór Mett “gan Fraincis do labhairt annso.”



Is cinnte go dtiubhraidh na Priúisigh gunnaí agus púdar agus lón cogaidh
do na hógláchibh le hÉirinn do chosaint ar ionduighe almhúrach agus le creapall
do chur ar námhaid ar bith dheunfas aon chur-isteach orainn - go díreach mar thug
siad congnamh agus cabhair do Phléimeannaigh na Beilge le n-a dtír do chosaint
“ar ionsuidhe na bhFrancach.”



Beidh deireadh leis an Bhirrellach borb agus le hAbaireadhain bhríoghmhar
an lá geal úd. Is iomdha súil thirm fhágfas an dream gallda úd n-a ndiaidh.
B'fhéidir nach ruaigfear an fó-Iudaighe nua s'againne as Caisléan Átha Cliath.
Is glic an dream iad na hIuduidhthe agus ní bhéidh an fodhuine úr-nua so n-a
fhallsóir ag umhlú do chlainn von Bernhardi a bhéas fá réim i nÉirinn feasta.
Ní bhéidh le fághail ar fud na tíre acht an tsíothcháin agus an tsástacht agus an
séan agus an sonas. Béidh biergarten le feiceal ar gach coirnéal sráide
agus Bolgmohr van Pilsener ag ól beorach na Babháire agus ag alpadh
muicfheóla ann. Béidh deireadh go deo na díleann le donas na hÉirinn. Béidh
rath agus rachmas go flúirseach againn agus béidh luthgháir agus ríméad ar gach
leith nuair a thiocfaidh na Priúisigh go hÉirinn!



An Buachaillín Buidhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services