Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deascan Díoghluma. Óráid an Chraoibhín.
Title
Deascan Díoghluma. Óráid an Chraoibhín.
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Deascan Díoghluma. Oráid an Chraoibhín. Na Ceanntracha Gaedhilge. Is breágh agus is taitneamhach le léigheamh an chainnt a dhéin an Craoibhín thíos i mBéal Feirste. Do labhair sé go dána i bhfabhar na gceanntracha Gaedhilge. Is iadsan ar n-aondóchas; agus mura gcoimeádtar an teanga go beo bríoghmhar ionntasan is saothar ina aistear gach iarrachtaí eile. Ní féidir an iomad tagairt a dhéanamh don taobh sin den sgéal. Ní fuláir bheith ag gabháil do choidhche go ndéanfar atharrú insna ceanntracha soin, agus go gcasfaidh taoide na Gaedhilge ar na háiteanna leathghallda. Stuidéar Roimh Ré. Is maith an nídh é “Reservations” a chur ar bun sa Ghaedhaltacht. Ach sara gcuirtar ar bun iad, badh cheart stuidéar cruinn a dhéanamh ar an gceist. Bhíodh a fhios againn gur cuid d'Éirinn na reservations; agus bfhéidir nár mhian le muinntir na gceanntar soin, malairt córach, ná malairt dlighthe, ná éinnídh a thabharfadh leathscéal do bhoicíní gallda chun féachaint síos ortha. Agus badh gheárr go bhfeicfidhe an cleas soin dá imirt ag ál Sheáin Bhuidhe. Na Daoine Féin. Ní fuláir tosnú lesna daoine féin. Is iadsan lucht coimeáda na teangan. Má bhíd siad go láidir i bhfabhar na teangain, mairfidh an teanga. Má's cuma leó ann nó as í, ní gádh dham a rádh gur baoghal don teangain annsoin. Is eagail liom gur mór an chainnt agus an gríosúchán nach fuláir a thabhairt do mhuinntir na reservations sara ndéanfaidh siad rud. Ní daoine saidhbhre iad. Na ní daoine mórléighinn iad. Agus nuair a bheifar ag ceapadh dlighthe nua dhóibh ní fuláir gan an méid sin do dhearmad. Na Páistí. Tá éinnídh amháin sothuigseana go leór, amhthach, agus badh chóír go bhféadfaidís muinntir na gceanntracha Gaedhilge é thuiscint chomh maith le cách. Ní mhairfidh an Ghaedhilg insna reserva- tions féin mua labhartar coitcheanta leis an aos óg í. Insna ceanntracha Gaedhilge isí an Ghaedhilg a labhraid daoine fásta eatortha fein; acht labhraid siad Droichbhéarla lesna páistí. Isé an drochnós soin atá ag marbhadh na Gaedhilge. Agus tá an drochnós soin ón drochaimsir fé lánréim fós sa Ghaedhltacht, ar shon go bhfuil Connradh na Gaedhilge le bliadhain is fiche, ag obair chun na teangan do choimeád i mbéalaibh na ndaoine! Teanga na hÓige. Dá mbféidir seift do cheapadh a chuirfeadh deireadh leis an drochnós soin, do thiocfadh gach nídh eile iná shlighe féin agus ina aimsir féin. Do thiocfadh oideachas ceart, agus an léigheann dúthchasach, agus déantúisí a choimeádgadh na daoine ag obair sa bhaile. Ach murab í an Ghaedhilg teanga duine le linn a óige, ní hí is saoráidighe a thiocfaidh dhó nuair fhásann sé suas. Siné an chéadrud nach fuláir a dhéanamh i reservations an Chraoibhín. Deir an sean- fhocal gurab é an gad is girre don scornaigh is cóir a réiteach ar dtús. Obair na mBan. Ar na mnáibh atá an obair sin a dheanamh. An teanga a gheibheann leanbh óna mháthair ní dhéineann sé dearmad uirthi go deó. Agus is maith liom gur thagair an Craoibhín den rud soin i mBéal Feirste. Ní bréag a rádh go bhfuil seasamh na Gaedhilge sa Ghaedhaltacht ar na mnáibh atá ann. Dá mbeidís sin ar thaobh na Gaedhilge bhí an lá léi. Is oith liom a rádh gur beag duine aca atá mar sin. Is amhlaidh a bhíonn a n-urmhór ag aithris ar mhná na Galltachta, agus mná na Galltachta ag aithris ar mhná Shasana. Is ait an saoghal é. Polaitidheacht sa Chonnradh. Níor tháinig an t-am fós chun polaitidheacht do leigean isteach sa Chonnradh. Tá riaghail i bhfeidhm n-a thaobhsan agus is fearr leanamhaint de go dtí go dtiocfaidh an lá ná beidh gádh leis. Acht isiad páipéir ghallda Bhaile Átha Cliath a dhein polaitidheacht de chruinniú na hÁrd-chraoibhe. Theastuigh uatha a dhéanamh amach, cóirmáirneach, gur chun cleas éigin d'imirt ar lucht na polaiti- dheacht do tionóladh an cruinniú soin. Bhíos féin ann, agus níor thugas fé ndeara aon chleas dá imirt ar an ndream soin. Bhí díospóireacht ann, gan amhras; acht máiseadh, bhí cead labhartha ag gach taobh. Agus má déineadh díoghbháil, isiad na páipéir ghallda atá cionntach. Ní bhfuaireas féin de locht air, acht ar labhradh de Bhéarla ann. Agus do mhínigh an cathaoirleach dúinn an fáth a bhí leis sin. Ná féadfadh craobh den Chonnradh díospóireacht a chur ar siubhal i dtoabh ceist ar bith - agus an pholaitidheacht féin d'áireamh - nuair ná cuirtar rúin i bhfeidhm ann? Má's é sin ciall atá le riaghail an Chonnartha, níor mhiste an riaghal d'atharrú. Muna dtugtar cead labhartha do dhuine, ní fearra dhó bheith beo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services