Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deascan Díoghluma. Óráid an Chraoibhín.

Title
Deascan Díoghluma. Óráid an Chraoibhín.
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Deascan Díoghluma.



Oráid an Chraoibhín.



Na Ceanntracha Gaedhilge.



Is breágh agus is taitneamhach le léigheamh an
chainnt a dhéin an Craoibhín thíos i mBéal Feirste.
Do labhair sé go dána i bhfabhar na gceanntracha
Gaedhilge. Is iadsan ar n-aondóchas; agus
mura gcoimeádtar an teanga go beo bríoghmhar
ionntasan is saothar ina aistear gach iarrachtaí
eile. Ní féidir an iomad tagairt a dhéanamh
don taobh sin den sgéal. Ní fuláir bheith ag
gabháil do choidhche go ndéanfar atharrú insna
ceanntracha soin, agus go gcasfaidh taoide na
Gaedhilge ar na háiteanna leathghallda.



Stuidéar Roimh Ré.



Is maith an nídh é “Reservations” a chur ar
bun sa Ghaedhaltacht. Ach sara gcuirtar ar bun
iad, badh cheart stuidéar cruinn a dhéanamh ar
an gceist. Bhíodh a fhios againn gur cuid d'Éirinn
na reservations; agus bfhéidir nár mhian le
muinntir na gceanntar soin, malairt córach,
ná malairt dlighthe, ná éinnídh a thabharfadh
leathscéal do bhoicíní gallda chun féachaint síos
ortha. Agus badh gheárr go bhfeicfidhe an cleas
soin dá imirt ag ál Sheáin Bhuidhe.



Na Daoine Féin.



Ní fuláir tosnú lesna daoine féin. Is
iadsan lucht coimeáda na teangan. Má bhíd
siad go láidir i bhfabhar na teangain, mairfidh
an teanga. Má's cuma leó ann nó as í, ní
gádh dham a rádh gur baoghal don teangain annsoin.
Is eagail liom gur mór an chainnt agus an
gríosúchán nach fuláir a thabhairt do mhuinntir
na reservations sara ndéanfaidh siad rud.
Ní daoine saidhbhre iad. Na ní daoine mórléighinn
iad. Agus nuair a bheifar ag ceapadh dlighthe
nua dhóibh ní fuláir gan an méid sin do dhearmad.



Na Páistí.



Tá éinnídh amháin sothuigseana go leór, amhthach,
agus badh chóír go bhféadfaidís muinntir na
gceanntracha Gaedhilge é thuiscint chomh maith
le cách. Ní mhairfidh an Ghaedhilg insna reserva-
tions féin mua labhartar coitcheanta leis an
aos óg í. Insna ceanntracha Gaedhilge isí an
Ghaedhilg a labhraid daoine fásta eatortha fein;
acht labhraid siad Droichbhéarla lesna páistí.
Isé an drochnós soin atá ag marbhadh na Gaedhilge.
Agus tá an drochnós soin ón drochaimsir fé
lánréim fós sa Ghaedhltacht, ar shon go bhfuil
Connradh na Gaedhilge le bliadhain is fiche,
ag obair chun na teangan do choimeád i mbéalaibh
na ndaoine!



Teanga na hÓige.



Dá mbféidir seift do cheapadh a chuirfeadh
deireadh leis an drochnós soin, do thiocfadh gach
nídh eile iná shlighe féin agus ina aimsir féin.
Do thiocfadh oideachas ceart, agus an léigheann
dúthchasach, agus déantúisí a choimeádgadh na
daoine ag obair sa bhaile. Ach murab í an
Ghaedhilg teanga duine le linn a óige, ní hí is
saoráidighe a thiocfaidh dhó nuair fhásann sé
suas. Siné an chéadrud nach fuláir a dhéanamh
i reservations an Chraoibhín. Deir an sean-
fhocal gurab é an gad is girre don scornaigh
is cóir a réiteach ar dtús.



Obair na mBan.



Ar na mnáibh atá an obair sin a dheanamh.
An teanga a gheibheann leanbh óna mháthair ní
dhéineann sé dearmad uirthi go deó. Agus
is maith liom gur thagair an Craoibhín den rud
soin i mBéal Feirste. Ní bréag a rádh go
bhfuil seasamh na Gaedhilge sa Ghaedhaltacht ar
na mnáibh atá ann. Dá mbeidís sin ar thaobh na
Gaedhilge bhí an lá léi. Is oith liom a rádh gur
beag duine aca atá mar sin. Is amhlaidh a
bhíonn a n-urmhór ag aithris ar mhná na Galltachta,
agus mná na Galltachta ag aithris ar mhná Shasana.
Is ait an saoghal é.



Polaitidheacht sa Chonnradh.



Níor tháinig an t-am fós chun polaitidheacht
do leigean isteach sa Chonnradh. Tá riaghail i
bhfeidhm n-a thaobhsan agus is fearr leanamhaint
de go dtí go dtiocfaidh an lá ná beidh gádh leis.
Acht isiad páipéir ghallda Bhaile Átha Cliath a
dhein polaitidheacht de chruinniú na hÁrd-chraoibhe.
Theastuigh uatha a dhéanamh amach, cóirmáirneach,
gur chun cleas éigin d'imirt ar lucht na polaiti-
dheacht do tionóladh an cruinniú soin. Bhíos féin
ann, agus níor thugas fé ndeara aon chleas dá
imirt ar an ndream soin. Bhí díospóireacht
ann, gan amhras; acht máiseadh, bhí cead labhartha
ag gach taobh. Agus má déineadh díoghbháil, isiad
na páipéir ghallda atá cionntach. Ní bhfuaireas
féin de locht air, acht ar labhradh de Bhéarla
ann. Agus do mhínigh an cathaoirleach dúinn an
fáth a bhí leis sin. Ná féadfadh craobh den
Chonnradh díospóireacht a chur ar siubhal i dtoabh
ceist ar bith - agus an pholaitidheacht féin
d'áireamh - nuair ná cuirtar rúin i bhfeidhm ann?
Má's é sin ciall atá le riaghail an Chonnartha,
níor mhiste an riaghal d'atharrú. Muna dtugtar
cead labhartha do dhuine, ní fearra dhó bheith beo.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services