Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Grádh agus Duairceas
Title
Grádh agus Duairceas
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Grádh gan Duairceas. “Ar chloistin mo ghotha dhi goileann go fíoruaibhreach Is sileadh ag an bhfliche go lithe as a ghríos ghruadhnaibh Cuireann liom giolla dom chomhairle ón mbruighin uaithi 'Sí Gile na Gile chonnarc ar slighe i n-uaigneas.” Is mairg an duine, pé aca fear nó bean é, ná corruigheann an chaint sin an croidhe ann. Dréacht bhreágh amléighte seadh é. Is fuirist a aithint gur bhreagh uasal gléaigeantach an file do cheap an chaint úd. Do b'í Éire a bhí ar aigne aige. Is uirthi a bhí sé ag cuimhneamh. Do theastaigh uaidh urraim agus uaisleacht a chroidhe dá thalamh duthchas do chur i dtuiscint dá bhrathraibh Gaedheal agus chuige sin do tharraing sé chuige caint áluinn uasal do bhí oireamhnach go maith do na héirimí a bhí aige. Ní móide go bhfuil éinne beo anois d'fhéadfadh cur síos níosa dílse ná níosa glaine ar chúraí grádha. Tá aistí agus sgéalta agus filidheacht dá gceapadh agus dá gcur fe chló ó am go ham acht ní dócha gur ceapadh aon aiste nó aon sgéal nó aon bhéarsa aca chun tréith uasal an ghrádha do ghríosadh agus do nochtadh i gcroidhthibh Gaedheal. Tá sé ráidhte i leith an Ghaedhil ná fuil aon rud i bhfuirm grádha ann. Siubháilce ó Dhia seadh an grádh. Deirtear go roinneann Dia na siubháilcí. Má's eadh, ní fuláir nó gur fhág Sé a lán daoine chun deirigh sa roinnt. Tá grádh ag duine do Dhia thar aon nidh agus nach shin é A fhocal féin curtha i bhfeidhm aige air i dtreo is go dtuigfidhe i gceart cad is grádh fíor-dhílis ann. Baineann uaisleacht agus umhluigheacht leis an ngrádh a thagann ó láimh Dé. Gabhann mórdhacht agus ollchomhacht Dé an duine a bhlaiseann an grádh soin. Is aoibhinn an t-uaigneas a bhaineann leis. Bíonn an daonaidhe bocht ar mearbhthal de thoisc an uaignis sin uaireannta agus go háirithe de dheascaibh a luighead eolais a thagann dó ar dhoinneacht agus ar dhílseacht na siubháilcí sin. Na daoine is aoirde léighinn do mhair ar an tsaoghal so, maille leis an nduine is sia aistrighthe ó cúrsaí léighinn is ionann eolais dóibh araon ar chúrsaí grádha acht go mothuightear tré chomhacht Dé a leithéid a bheith ann agus gur siubháilce é a bhaineann dóibh de dhúthchas. Gabhann sé le nádúr an duine tréith mór uasal an ghrádha do bheith ann. Is cuma cia 'cu íseal nó asal é tá an tréith soin ann agus gníomh ionmhalta 'seadh é don duine a dheineann a fhuascailt le cóir. Ní fuirist é sin a dheanamh mar baineann sé le nádúr an daonaidhe gach tréith an chroidhe do shéanadh agus an té nochtann na tréithe áilne úd is gnáthaidhe é n-a cheap magaidh ag an phobal. Acht dá mb'fhéidir na siubháilcí áilne úd do chur i dtaithighe le toil na ndaoine do raghadh sé chun tairbhthe go mór d'fhonn saoghal agus siabhialtacht an phobail d'árdughadh acht ní hamhlaidh soin é le saoghal an lae indiu. Téidheann a lán de ghrádh dhílis an tsaoghail ar neamhnidh agus ní fhágtar againn acht dríodar uaisleacht da dheasaibh. Is mairg an clann ná blaiseann gach éinne aca an cion is an bháidheamhlacht is dual do lucht tighis. Tuigtear an cheanamhlacht soin i gceart pé áit a tugtar urraim do shínsear an tighe. Ní mór don aos óg géilleadh dhóibh agus rud do dhéanamh ortha mar théidheann sé le creideamhaint foghanta an duine urraim a thabhairt don chríonacht. 'Sé an grádh a chuirfeadh an líntighe ar a leas agus a fhanfaidh n-a chomhartha ceangal eatortha pé ball n-a mbíonn comhnuidhe ortha nó pé dighilt a thagann eatortha le linn a saoghail abhus. Sé an grádh doimhinn a chuireann gach nidh ar an saoghal so ar corruighe chun leasa agus chun taithnimh an chidhidh dhaondha. De dheascaibh grádh is féidir gach amhgar agus gach annró is géire d'fhuiling le fonn agus le foidhne. 'Sé grádh an duine do lucht a chindeadh a dheineann parrathas aoibhinn don tsaoghal míadhmharach so de dheascaibh grádh impuruightear an t-olc is cruadha do ghabhann an duine, aistrightear an t-ualach bróin agus duilgheas a chroidhe an duine le léas beag grádha agus mara mbeadh comhacht na siubháilce sin ba deacair a rádh cionnus a mhairfeadh an daonaidhe bocht ar an saoghal so mar 'sé an grádh sin a dheineann a eirighe chun Dé a scríb an tsaoghail seo. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services