Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Grádh agus Duairceas

Title
Grádh agus Duairceas
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Grádh gan Duairceas.



“Ar chloistin mo ghotha dhi goileann go fíoruaibhreach
Is sileadh ag an bhfliche go lithe as a ghríos ghruadhnaibh
Cuireann liom giolla dom chomhairle ón mbruighin uaithi
'Sí Gile na Gile chonnarc ar slighe i n-uaigneas.”



Is mairg an duine, pé aca fear nó bean é,
ná corruigheann an chaint sin an croidhe ann.
Dréacht bhreágh amléighte seadh é. Is fuirist a
aithint gur bhreagh uasal gléaigeantach an file
do cheap an chaint úd. Do b'í Éire a bhí ar aigne
aige. Is uirthi a bhí sé ag cuimhneamh. Do theastaigh
uaidh urraim agus uaisleacht a chroidhe dá thalamh
duthchas do chur i dtuiscint dá bhrathraibh
Gaedheal agus chuige sin do tharraing sé chuige
caint áluinn uasal do bhí oireamhnach go maith
do na héirimí a bhí aige. Ní móide go bhfuil
éinne beo anois d'fhéadfadh cur síos níosa dílse
ná níosa glaine ar chúraí grádha. Tá aistí
agus sgéalta agus filidheacht dá gceapadh agus
dá gcur fe chló ó am go ham acht ní dócha gur
ceapadh aon aiste nó aon sgéal nó aon bhéarsa
aca chun tréith uasal an ghrádha do ghríosadh agus
do nochtadh i gcroidhthibh Gaedheal.



Tá sé ráidhte i leith an Ghaedhil ná fuil aon
rud i bhfuirm grádha ann. Siubháilce ó Dhia
seadh an grádh. Deirtear go roinneann Dia
na siubháilcí. Má's eadh, ní fuláir nó gur fhág
Sé a lán daoine chun deirigh sa roinnt. Tá
grádh ag duine do Dhia thar aon nidh agus nach
shin é A fhocal féin curtha i bhfeidhm aige air
i dtreo is go dtuigfidhe i gceart cad is grádh
fíor-dhílis ann. Baineann uaisleacht agus
umhluigheacht leis an ngrádh a thagann ó láimh
Dé. Gabhann mórdhacht agus ollchomhacht Dé an
duine a bhlaiseann an grádh soin. Is aoibhinn
an t-uaigneas a bhaineann leis. Bíonn an
daonaidhe bocht ar mearbhthal de thoisc an uaignis
sin uaireannta agus go háirithe de dheascaibh
a luighead eolais a thagann dó ar dhoinneacht
agus ar dhílseacht na siubháilcí sin. Na daoine
is aoirde léighinn do mhair ar an tsaoghal so,
maille leis an nduine is sia aistrighthe ó
cúrsaí léighinn is ionann eolais dóibh araon ar
chúrsaí grádha acht go mothuightear tré chomhacht
Dé a leithéid a bheith ann agus gur siubháilce é
a bhaineann dóibh de dhúthchas.



Gabhann sé le nádúr an duine tréith mór
uasal an ghrádha do bheith ann. Is cuma cia 'cu
íseal nó asal é tá an tréith soin ann agus
gníomh ionmhalta 'seadh é don duine a dheineann
a fhuascailt le cóir. Ní fuirist é sin a dheanamh
mar baineann sé le nádúr an daonaidhe gach
tréith an chroidhe do shéanadh agus an té nochtann
na tréithe áilne úd is gnáthaidhe é n-a cheap
magaidh ag an phobal. Acht dá mb'fhéidir na
siubháilcí áilne úd do chur i dtaithighe le toil
na ndaoine do raghadh sé chun tairbhthe go mór
d'fhonn saoghal agus siabhialtacht an phobail
d'árdughadh acht ní hamhlaidh soin é le saoghal
an lae indiu. Téidheann a lán de ghrádh dhílis
an tsaoghail ar neamhnidh agus ní fhágtar againn
acht dríodar uaisleacht da dheasaibh.



Is mairg an clann ná blaiseann gach éinne
aca an cion is an bháidheamhlacht is dual do lucht
tighis. Tuigtear an cheanamhlacht soin i gceart
pé áit a tugtar urraim do shínsear an tighe.
Ní mór don aos óg géilleadh dhóibh agus rud do
dhéanamh ortha mar théidheann sé le creideamhaint
foghanta an duine urraim a thabhairt don chríonacht.
'Sé an grádh a chuirfeadh an líntighe ar a leas agus
a fhanfaidh n-a chomhartha ceangal eatortha pé
ball n-a mbíonn comhnuidhe ortha nó pé dighilt
a thagann eatortha le linn a saoghail abhus. Sé
an grádh doimhinn a chuireann gach nidh ar an
saoghal so ar corruighe chun leasa agus chun
taithnimh an chidhidh dhaondha. De dheascaibh grádh is
féidir gach amhgar agus gach annró is géire
d'fhuiling le fonn agus le foidhne. 'Sé grádh
an duine do lucht a chindeadh a dheineann parrathas
aoibhinn don tsaoghal míadhmharach so de dheascaibh
grádh impuruightear an t-olc is cruadha do
ghabhann an duine, aistrightear an t-ualach
bróin agus duilgheas a chroidhe an duine le léas
beag grádha agus mara mbeadh comhacht na
siubháilce sin ba deacair a rádh cionnus a
mhairfeadh an daonaidhe bocht ar an saoghal so
mar 'sé an grádh sin a dheineann a eirighe chun
Dé a scríb an tsaoghail seo.



Cáit Ní Dhonnchadha.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services