Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Olc agus Éitheach ar Uachtar
Title
Olc agus Éitheach ar Uachtar
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Olc agus Éitheach ar Uachtar. “Dar lia,” arsa Seana-Diarmaid araer le lán tithe againn. “Táim le deich mbliadhna is trí fichid ar an saoghal agus tá eolas maith agam ar an saoghal agus níl aon amhras riamh im' cheann ná gur chun deiridh atá an saoghal ag dul ingach rud a bhaineann le carthannacht agus le macántacht agus le fírinne. Ó! Seadh ar m'anam.” “Abair leat,” arsa sinn-ne. “Déarfad,” arsa Seana-Dhiarmaid agus bhain sé fásgadh as a bhéal. “Is cuimhin liom-sa, a dtuigeann tú leat mé? an uair ná tagadh aon pháipéar ar an mbaile seo 'gainn-ne agus an uair dá dtagadh a leithéid ann, gur beag d'fhéadfadh é léigheamh - an uair sin do bhíodh ráflaí ag imtheacht timcheall i n-ár measg i dtaobh na rudaí móra iongantacha do bhíodh ar siubhal ar fuaid an domhain. Ní bhíodh ins na ráflaí ach éitheach go minic agus do bhíodh fhios ag an saoghal mór ná raibh ionnta ach ráflaí. Do bhítí ag magadh fúinn annso ar an mbaile seo i dtaobh na ráflaí sin agus 'á rádh gur le luigheadh ár bhfoghluma go dtugaimís aon chreidea- eamhaint do ráflaí gan árid; agus dá mbeadh foghluim orainn ná beimís chomh baoth sin. Seadh, d'imthigh an lá sin agus tháinig an lá so. Tá foghluim orainn go léir anois deirtear; ach dar Mhuiris, má tá, is amhlaidh anois atáimíd gan fios fátha aon sgéil. Níl bun ná bárr ná leith-imeall aon sgéil againn. Tá buaidhirt agus mearathal ar dhaoine bochta simplidhe ag an mbeagán eolais atá aca ar léightheóireacht. Fad ó nuair ná raibh an t-eolas san againn ní raibh againn ach raflaí agus suaimhneas aigne. Anois atá an léigheann agus na páipéir againn agus na dteannta san tá dearg-éitheach agus buaidhirt. Tá oiread san eithigh ar siubhal ag lucht páipéar anois ná beadh fhios agat cá mbeadh an fhírinne. Ba dhóígh le duine nuair a tháinig léigheamh agus cló agus páipéir ar leithphingne ar an saoghal go marbhochaidís an t-éitheach eatortha agus go mbeadh an fhírinne dá nochtadh gan náire d'aindeoin diabhal agus Ifrinn. “Ach mo chreach! Níl insa léigheann ach uirlis, níl insa chló ach buainchleas, níl insa páipéaraibh ach fógairt chun éithigh a sgaipeadh. Táimíd ag maoidheamh ar an uaisleacht agus ar an sibhialtacht atá ionainn seoch is na daoine barbardha tháinig romhainn. Ní féidir dúinn bheith uasal agus bheith tugtha d'éitheach agus níl aon amhras nách sinn-ne an ghlúin is measa chun éithigh dá dtáinig ar an saoghal riamh fós. Agus ní féidir dúinn a rádh go bhfuil síbhialtacht cheart ionainn nuair is é toradh na síbhialtacht san go bhfuil fiche milliún fear san Eoraip indiu ag séideadh piléar agus ag sáthadh beaghnaití i n-a chéile agus ag liathadh ocrais agus donais agus báis ar chineacha agus ar thíortha. “Tá an saoghal ag dul ar dtuathal. Tá an t-olc ar uachtar. Is iongantach an rud ineall cló ach níl dá sgaipeadh indiu i nÉirinn aige ach dubhairt sé - dubhairt-sé agus cogar-mogar agus dearg-éitheach. Is iongantach an rud cruinneas gunnaí, ach níl ann ach cruinneas báis agus éaga do mhíltibh. Tá an saoghal mór ag lorg leigheas chun an ruaig a chur ar an mbás agus ar an ngalar; agus tá an saoghl mór céadna ag ceapadh ineall agus uirilisí chun bás gan sagart a thabhairt do féin. Táthar ag maidheamh as leigheas agus as lámhach. Duine le Dia an duine macánta go bhfuil grádh 'na croidhe dá thír aige ach ní do thugtar na trí gártha maoidhimh, ach do Shéideán Mac Gaoithe na polaidh- tidheachta caime. Is le Dia fear na céille ach marbhuigheann an t-amadán le cloich é. Is maith an chomhairle bheith uasal ach an té bhéidh uasal ní bhfaghaidh sé ionad uasal ach ar neamh. Is maith a rádh gaibh go díreach an bóthar, acht cá bhfuil an bóthar atá díreach? Deirimíd 'is maith do ghní Seán' má's cara linn Seán; ach má's namhaid linn Seán nó máthair Sheáin nó athair Sheáin, níl maith 'na maith, ní dán a dhán, ní bláth a bhláth. “Och mo dhíth!” arsa Seana-Dhiarmait, “is mór é bréigeacht an tsaoghail. Féach an cogadh so ar siubhal anois. Ní raibh a leithéid de chogadh ar siubhal riamh le h-iomad na bhfear ag troid agus ag tuitim - agus le hiomad an éithigh dá stealladh. Tá na h-Alemáinigh danardha diabhlaidhe i nár n-aghaidh. Tá na Franncaigh beannuighthe agus na Rúis- ánaigh súirce síbhialta ar ár dtaobh. Brod do deineadh ar thír bhig na Beilge. Seán Buidhe ná dearna aon bhroid riamh ar thír bhig do líon a chroidhe maith mór d'fhuath Bhroide Beilge! Do bhuail sé an treallamh troda air agus d'fhógair cath. “Cath ar son saoirse Beilge.” arsa Seán. Tá meas mór ag Seán ar shaoirse. Thug sé saoirse dhúinn-ne an lá fe dheire agus ar eagla go mbris- fimís é do chuir sé isteach i mbosca é agus do chuir an glas ar an mbosca. Agus deir Seán anois ná h-osglochaidh sé an bosca úd go deó dúinn mara dtéidhimíd 'na theannta ag sgaoileadh broide Beilge, agus ag claidhe na n-Alemáineach mbarbardha agus na nAistráiseach bhfeille ghníomhach; agus annsan iarrfar orainn cabhrú le méir leach éigin eile a bheidh ag dul chun sgórnaigh an Phápa a ghearradh. Níl amhras ná go n-iarrfadih páipéir agus lucht gaoithe náisiúnta na hÉireann orainn cabhrú leis an Impireacht Ghall- Éireannach so 'gainn-ne san obair ghlórmhar san” arsa Seana-Dhiarmaid. “An Seabhac.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services