Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Olc agus Éitheach ar Uachtar

Title
Olc agus Éitheach ar Uachtar
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Olc agus Éitheach ar Uachtar.



“Dar lia,” arsa Seana-Diarmaid
araer le lán tithe againn. “Táim le
deich mbliadhna is trí fichid ar an saoghal
agus tá eolas maith agam ar an saoghal
agus níl aon amhras riamh im' cheann ná
gur chun deiridh atá an saoghal ag dul
ingach rud a bhaineann le carthannacht
agus le macántacht agus le fírinne.
Ó! Seadh ar m'anam.”



“Abair leat,” arsa sinn-ne.



“Déarfad,” arsa Seana-Dhiarmaid
agus bhain sé fásgadh as a bhéal. “Is
cuimhin liom-sa, a dtuigeann tú leat
mé? an uair ná tagadh aon pháipéar
ar an mbaile seo 'gainn-ne agus an
uair dá dtagadh a leithéid ann, gur
beag d'fhéadfadh é léigheamh - an uair
sin do bhíodh ráflaí ag imtheacht timcheall
i n-ár measg i dtaobh na rudaí móra
iongantacha do bhíodh ar siubhal ar fuaid
an domhain. Ní bhíodh ins na ráflaí ach
éitheach go minic agus do bhíodh fhios
ag an saoghal mór ná raibh ionnta ach
ráflaí. Do bhítí ag magadh fúinn annso
ar an mbaile seo i dtaobh na ráflaí
sin agus 'á rádh gur le luigheadh ár
bhfoghluma go dtugaimís aon chreidea-
eamhaint do ráflaí gan árid; agus dá
mbeadh foghluim orainn ná beimís chomh
baoth sin. Seadh, d'imthigh an lá sin
agus tháinig an lá so. Tá foghluim orainn
go léir anois deirtear; ach dar Mhuiris,
má tá, is amhlaidh anois atáimíd gan
fios fátha aon sgéil. Níl bun ná bárr
ná leith-imeall aon sgéil againn. Tá
buaidhirt agus mearathal ar dhaoine
bochta simplidhe ag an mbeagán eolais
atá aca ar léightheóireacht. Fad ó
nuair ná raibh an t-eolas san againn
ní raibh againn ach raflaí agus suaimhneas
aigne. Anois atá an léigheann agus
na páipéir againn agus na dteannta
san tá dearg-éitheach agus buaidhirt.
Tá oiread san eithigh ar siubhal ag lucht
páipéar anois ná beadh fhios agat cá
mbeadh an fhírinne. Ba dhóígh le duine
nuair a tháinig léigheamh agus cló agus
páipéir ar leithphingne ar an saoghal go
marbhochaidís an t-éitheach eatortha agus
go mbeadh an fhírinne dá nochtadh gan
náire d'aindeoin diabhal agus Ifrinn.



“Ach mo chreach! Níl insa léigheann ach
uirlis, níl insa chló ach buainchleas, níl
insa páipéaraibh ach fógairt chun éithigh
a sgaipeadh. Táimíd ag maoidheamh ar
an uaisleacht agus ar an sibhialtacht
atá ionainn seoch is na daoine barbardha
tháinig romhainn. Ní féidir dúinn bheith
uasal agus bheith tugtha d'éitheach agus
níl aon amhras nách sinn-ne an ghlúin is
measa chun éithigh dá dtáinig ar an
saoghal riamh fós. Agus ní féidir dúinn
a rádh go bhfuil síbhialtacht cheart ionainn
nuair is é toradh na síbhialtacht san go
bhfuil fiche milliún fear san Eoraip
indiu ag séideadh piléar agus ag sáthadh
beaghnaití i n-a chéile agus ag liathadh
ocrais agus donais agus báis ar
chineacha agus ar thíortha.



“Tá an saoghal ag dul ar dtuathal.
Tá an t-olc ar uachtar. Is iongantach
an rud ineall cló ach níl dá sgaipeadh
indiu i nÉirinn aige ach dubhairt sé -
dubhairt-sé agus cogar-mogar agus
dearg-éitheach. Is iongantach an rud
cruinneas gunnaí, ach níl ann ach
cruinneas báis agus éaga do mhíltibh.
Tá an saoghal mór ag lorg leigheas chun
an ruaig a chur ar an mbás agus ar an
ngalar; agus tá an saoghl mór céadna
ag ceapadh ineall agus uirilisí chun
bás gan sagart a thabhairt do féin.
Táthar ag maidheamh as leigheas agus as
lámhach. Duine le Dia an duine macánta
go bhfuil grádh 'na croidhe dá thír aige
ach ní do thugtar na trí gártha maoidhimh,
ach do Shéideán Mac Gaoithe na polaidh-
tidheachta caime. Is le Dia fear
na céille ach marbhuigheann an t-amadán
le cloich é. Is maith an chomhairle bheith
uasal ach an té bhéidh uasal ní bhfaghaidh sé
ionad uasal ach ar neamh. Is maith a
rádh gaibh go díreach an bóthar, acht cá
bhfuil an bóthar atá díreach? Deirimíd
'is maith do ghní Seán' má's cara linn
Seán; ach má's namhaid linn Seán nó
máthair Sheáin nó athair Sheáin, níl maith
'na maith, ní dán a dhán, ní bláth a bhláth.



“Och mo dhíth!” arsa Seana-Dhiarmait,
“is mór é bréigeacht an tsaoghail.
Féach an cogadh so ar siubhal anois. Ní
raibh a leithéid de chogadh ar siubhal riamh
le h-iomad na bhfear ag troid agus ag
tuitim - agus le hiomad an éithigh dá
stealladh. Tá na h-Alemáinigh danardha
diabhlaidhe i nár n-aghaidh. Tá na
Franncaigh beannuighthe agus na Rúis-
ánaigh súirce síbhialta ar ár dtaobh.
Brod do deineadh ar thír bhig na Beilge.
Seán Buidhe ná dearna aon bhroid riamh
ar thír bhig do líon a chroidhe maith mór
d'fhuath Bhroide Beilge! Do bhuail sé
an treallamh troda air agus d'fhógair
cath. “Cath ar son saoirse Beilge.”
arsa Seán. Tá meas mór ag Seán ar
shaoirse. Thug sé saoirse dhúinn-ne an
lá fe dheire agus ar eagla go mbris-
fimís é do chuir sé isteach i mbosca é
agus do chuir an glas ar an mbosca.
Agus deir Seán anois ná h-osglochaidh
sé an bosca úd go deó dúinn mara
dtéidhimíd 'na theannta ag sgaoileadh
broide Beilge, agus ag claidhe na
n-Alemáineach mbarbardha agus na
nAistráiseach bhfeille ghníomhach; agus
annsan iarrfar orainn cabhrú le méir
leach éigin eile a bheidh ag dul chun
sgórnaigh an Phápa a ghearradh. Níl
amhras ná go n-iarrfadih páipéir agus
lucht gaoithe náisiúnta na hÉireann
orainn cabhrú leis an Impireacht Ghall-
Éireannach so 'gainn-ne san obair
ghlórmhar san” arsa Seana-Dhiarmaid.



“An Seabhac.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services