Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Obair na Gaedhilge arís
Title
Obair na Gaedhilge arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Obair na Gaedhilge Arís. Tá an cogadh mór ar cois i Roinn na hEorpa, agus is iomdha rud éifeachtach nó suarach atá ag tuitim amach in ar dtír féin. Cuireann daoine spéis ins na rudaibh seo. Cuireann siad go minic barraidheacht spéise ionnta. Má dhéar- cann siad siar seal cliadhan in a ndiaidh tchidhfi' siad gurab iomdha rud a chuireamar spéis ionnta ins an am atá thart narbh fhiú dadaidh iad. Agus is dóigh liom go mbéidh an sgéal amhlaidh fá a lán rud a bhfuil daoine ag cur suime ionnta anois; ruda a bhfuil siad ag tabhairt droch íde da chéile mar gheall orra. Ach feudamaoid bheith cinnte nach ionann 'sa' chas do'n Ghaedhilge. Tá ruda luachmhara 'sa' Ghaedhilg aisti fein agus as an litiordhacht atá innti. Níl duine dár fhoghluim an Ghaedhilg agus do chleachtuigheas a labhairt nó a sgríobhadh nó a léidheadh nach ngeibheann sólás agus sámhas aigeanta aisti. Agus i dtaoibh na tíre agus an chinidh Ghaedheal tig linn bheith cinnte go dtéidheann an Ghaedhilg i dtairbhe dóibh. Is iomdha tuairim bhíos ag daoinibh ar phoilitdheacht agus ar chogadh ach ní bhíonn ach aon tuairim amháin ag daoinibh thuigeas an sgéal ná mhaitheas na Gaedhilge do'n tír agus do Ghaedhealaibh agus do náisiúntach na tíre. Ar na hábhair seo is féidir dúinn agus is ceart dúinn gabhail ar agaidh le hobair na Gaedhilge cibé ar bith obair eile bhéas in áirde nó in ísle againn. Ba in aimsir cuimeasgach achrannach in Éirinn tosnuigheadh ar obair na Gaedhilge. Ní tháinig uair ar bith, sluagh mór daoine isteach san obair, óir ní fhóireann an obair do lucht ainbhfiosach éadrom, seafóideach ach do dhaoinibh stuamdha, colgacha, buanseasmhacha. Ach d'eirigh le hobair na Gaedhilge réir a chéile, agus do thosnuigh ar a fás agus a barrú. Nuair shocruigh an tír síos beagán is amhlaidh is fearr d'eirigh le hobair na Gaedhilge agus cibe ar bith mar bhí an sgéal le poilitidheacht, chuaidh gluaiseacht na Gaedhilge agus saothrú na Gaedhilge 'un tosaigh go measardha maith go dtí anois féin. Agus an gclisfidh orrain anois? Agus goidé an fáth go gclisfeadh? Nach dtuigimíd níos fearr nó ariamh goidé theastuigheann uainn. Nach dtuigimíd níos fear ná riamh na ruda atá ag gortú na Gaedhilge? Agus an dóigh le n-a leigheas. Nach bhfuil sraith bhreágh pháisdí agus daoine óg ag teacht aníos chugainn agus an Ghaedhilg in a mbéalaibh agus spiorad na sean-Ghaedheal in a gcroidhthibh? Nach bhfuil an Ghaedhilig in árd-réim ins an Iolsgoil Náisiúnta agus i mórán de sgoltaibh agus coláisdibh na hÉireann? Nach bhfuil an meisneach ceudna in ar gcroidhthibh is do bhí le fiche bliadhain? Agus nach leanamaoid d'obair na Gaedhilge an Geimhreadh seo mar rinneamar go dtí anois is cuma cé'n rí bhéas ar Éirinn? Agus an obiar sin? An tsean-obair is góighthe. Connradh na Ghaedhilge do láidriú: na croabhacha do láidriú; an ghluasieacht do choiméad ar siubhal. Feuchain chuig na sgoltaibh agus meisneach do thabhairt do na múinteóiríbh agus do na páisdíbh. An Ghaedhilg do labhairt agus do chosaint agus speach coise do thabhairt do námhdibh na Gaedhilge. Do na Gallaibh agus dá gcáirdibh; do'n tseoinín agus do lucht an ghalántais. Tá a lán aca seo imthighthe nó ag imtheacht fa láthair a agus is láidre bhéas an Ghaedhilg gan iad. Anois an t-am daoibh a Ghaedheala, an ruaig do chur ar Ghalldachas agus an Ghaedhilg do neartú imeasg sean agus óg. Béidh an tír fúinn féin agus cuirimís an Ghaedhilig in áirde agus déanamaois obair na tíre i modh is nach féidir í do chur ar gcúl arís.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services