Obair na Gaedhilge Arís.
Tá an cogadh mór ar cois i Roinn na hEorpa, agus is iomdha rud éifeachtach
nó suarach atá ag tuitim amach in ar dtír féin. Cuireann daoine spéis ins na
rudaibh seo. Cuireann siad go minic barraidheacht spéise ionnta. Má dhéar-
cann siad siar seal cliadhan in a ndiaidh tchidhfi' siad gurab iomdha rud a
chuireamar spéis ionnta ins an am atá thart narbh fhiú dadaidh iad. Agus is
dóigh liom go mbéidh an sgéal amhlaidh fá a lán rud a bhfuil daoine ag cur
suime ionnta anois; ruda a bhfuil siad ag tabhairt droch íde da chéile mar
gheall orra. Ach feudamaoid bheith cinnte nach ionann 'sa' chas do'n Ghaedhilge.
Tá ruda luachmhara 'sa' Ghaedhilg aisti fein agus as an litiordhacht atá innti.
Níl duine dár fhoghluim an Ghaedhilg agus do chleachtuigheas a labhairt nó a
sgríobhadh nó a léidheadh nach ngeibheann sólás agus sámhas aigeanta aisti. Agus
i dtaoibh na tíre agus an chinidh Ghaedheal tig linn bheith cinnte go dtéidheann
an Ghaedhilg i dtairbhe dóibh. Is iomdha tuairim bhíos ag daoinibh ar phoilitdheacht
agus ar chogadh ach ní bhíonn ach aon tuairim amháin ag daoinibh thuigeas an sgéal
ná mhaitheas na Gaedhilge do'n tír agus do Ghaedhealaibh agus do náisiúntach
na tíre.
Ar na hábhair seo is féidir dúinn agus is ceart dúinn gabhail ar agaidh
le hobair na Gaedhilge cibé ar bith obair eile bhéas in áirde nó in ísle againn.
Ba in aimsir cuimeasgach achrannach in Éirinn tosnuigheadh ar obair na Gaedhilge.
Ní tháinig uair ar bith, sluagh mór daoine isteach san obair, óir ní fhóireann an
obair do lucht ainbhfiosach éadrom, seafóideach ach do dhaoinibh stuamdha,
colgacha, buanseasmhacha. Ach d'eirigh le hobair na Gaedhilge réir a chéile, agus
do thosnuigh ar a fás agus a barrú. Nuair shocruigh an tír síos beagán is amhlaidh
is fearr d'eirigh le hobair na Gaedhilge agus cibe ar bith mar bhí an sgéal le
poilitidheacht, chuaidh gluaiseacht na Gaedhilge agus saothrú na Gaedhilge 'un
tosaigh go measardha maith go dtí anois féin. Agus an gclisfidh orrain anois?
Agus goidé an fáth go gclisfeadh? Nach dtuigimíd níos fearr nó ariamh goidé
theastuigheann uainn. Nach dtuigimíd níos fear ná riamh na ruda atá ag
gortú na Gaedhilge? Agus an dóigh le n-a leigheas. Nach bhfuil sraith bhreágh
pháisdí agus daoine óg ag teacht aníos chugainn agus an Ghaedhilg in a mbéalaibh
agus spiorad na sean-Ghaedheal in a gcroidhthibh? Nach bhfuil an Ghaedhilig in
árd-réim ins an Iolsgoil Náisiúnta agus i mórán de sgoltaibh agus coláisdibh
na hÉireann? Nach bhfuil an meisneach ceudna in ar gcroidhthibh is do bhí le fiche
bliadhain? Agus nach leanamaoid d'obair na Gaedhilge an Geimhreadh seo
mar rinneamar go dtí anois is cuma cé'n rí bhéas ar Éirinn? Agus an obiar
sin? An tsean-obair is góighthe. Connradh na Ghaedhilge do láidriú: na
croabhacha do láidriú; an ghluasieacht do choiméad ar siubhal. Feuchain chuig
na sgoltaibh agus meisneach do thabhairt do na múinteóiríbh agus do na páisdíbh.
An Ghaedhilg do labhairt agus do chosaint agus speach coise do thabhairt do
námhdibh na Gaedhilge. Do na Gallaibh agus dá gcáirdibh; do'n tseoinín agus
do lucht an ghalántais. Tá a lán aca seo imthighthe nó ag imtheacht fa láthair a
agus is láidre bhéas an Ghaedhilg gan iad.
Anois an t-am daoibh a Ghaedheala, an ruaig do chur ar Ghalldachas agus
an Ghaedhilg do neartú imeasg sean agus óg. Béidh an tír fúinn féin agus
cuirimís an Ghaedhilig in áirde agus déanamaois obair na tíre i modh is nach
féidir í do chur ar gcúl arís.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11