Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimhealadhain Cheilteach. Sa Bhreatain
Title
Láimhealadhain Cheilteach. Sa Bhreatain
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Láimhealadhain Cheilteach. Sa Bhreatain. An tseachtain seo ghaibh tharainn do dheineas tagairt don tsaothar atá ar bun ag Mr. T. Matthews ar son lucht ealadhan na Breatan. Is aoibhinn do lucht ealadhan na tíre sin, na filí agus na dathadóirí agus lucht gach céirde eile ann, nuair a dhéinid siad ghnómh. Níl aon bhaoghal air ná go gcloisfidh muinntir na Breatan féin mar gheall ortha. Is beag rud is feárr le Breatnach nó buadhachtain ar Shasanach i gcúrsaí ealadhan nó intleachta: agus go deimhin is minic nach ródheacair é dhéanamh. Agus an té sholáthruigheann ainm dó féin ar an gcuma soin, cuirtar a chlú ar fuid na dtúithche ar fad. Is tréith nár mhiste dhúinne i nÉirinn athris air. Chítar damhsa gur breágh an ceangal idir mhuinnntir náisiúin ar bith é. Is éachtach an fonn oibre a chuireann sé ar lucht céirde agus ealadhan chun gnímh fhóghanta a cheapadh. Agus coimeádfaidh iad ó dhul i dtíorthaibh iasachta, a d'iarraidh slighe mharthana, agus óna lot ag nósaibh Gallda. Do chuir Mr. Matthews leabhrán eile chugam ó shoin, agus tá cur síos aige ann ar ealadhain órnáide ina thír féin san tseanaimsir, agus ar an gcongnamh a fhair an ealaidhain sin ó Shuilgein, archinneach mhainistir Mhonaoi (Monmouth) san t-aonadh aois déag. Cunntas anataithneamhach iseadh é. Do rugadh Suilgein ag Lion Badarn, i Sír Chairdigean i mbliadhain a 1011. Fuair sé a oileamhaint go hóg i scoileannaibh a thíre féin. N-a dhiaidhsan do chuir sé chun teacht i nÉirinn a d'iarraidh tuilleadh eoluis acht bhí an ghaoth agus an fhairrge n-a choinnibh, agus do scóladh i dtír é i nAlbain. Chaith sé cúig bliadhana annsúd agus annsoin tháinig se go hÉirinn. Dobhí ainm mór ar scoileanna na hÉireann an uair sin, agus ní bheadh sé sásta gan dul ionnta. Tuairim is dhá bhliadhain déag a thug sé ar scoil annso. Do chuaidh sé thar n-ais abhaile agus do chuir sgoil ar bun dó féin ag Llan Badarn, nó ag Monaoi. Bhí sé pósta ar dtúis agus deir na hughdair gur ceathrar mac a chlann a bhí aige. Ach do réir Brut y Tywysogion, príomhchroinic na Breatan do déineadh easpog dhe ar Mhonaoi, 1071. Do chuir sé suas den easpoguidheacht ar feadh dhá bliadhain, 1076-8: acht b'éigin dó a chúram do ghabhail an tarna huair; agus do choinibh sé é go dtí go bhfuair sé bás i mblaidhain a 1089. Do réir dheallraimh, dobe' scoil Shuilgein an scoil ba mhó clú sa Bhreatain, ar an ealadhain órnáide. An ceathrar mac ag Suilgein féin, bhíodar go hiongantach ar an gcéird. Rhygyfaren, agus Arthen agus Daniel, agus Leuan a n-ainmneacha. Agus is óna n-athair gan amhrus dh'fhoghluimeadar í. Is follus an méid sin as an dá phictiúir a ghabhann leis an aiste bhig seo. Dhá leathanach iadsan as saltair, a sgríbh Rhygyfaren, mac Shuilghein. Tá an leabhar soin anois i gColláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tá a lán le rádh ag Mr. Matthews ar órnáideacht cheiltigh san tseanaimsir. Is dóigh leis gur beag baint a bhí aige le haon “scoil” eile, acht gur fhás sé go nádúrtha insna ríoghachta so. Gur i nÉirinn is mó fuair an ealadhain soin réim agus buadh. Agus gur fhás géaga fé leith uirthi sa Bhreatain agus i nAlbain. Níl slighe agam, foríor, chun cunntas nísa chruinne a thabhairt ar thuairimíbh an ughdair seo. An té go dteastuigheann tuileadh eoluis uaidh, cuireadh sé fios ar an leabhrán féin go dtí an Welsh Publishing Co. i gCaernarfon. Agus táimíd buidheach dhíobhsan agus don ughdar féin as ucht an dá bhloc a thabhairt dúinn ar iasacht i gcóir na haiste seo. Torna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services