Láimhealadhain Cheilteach.
Sa Bhreatain.
An tseachtain seo ghaibh tharainn do dheineas
tagairt don tsaothar atá ar bun ag Mr. T.
Matthews ar son lucht ealadhan na Breatan.
Is aoibhinn do lucht ealadhan na tíre sin, na
filí agus na dathadóirí agus lucht gach céirde
eile ann, nuair a dhéinid siad ghnómh. Níl aon
bhaoghal air ná go gcloisfidh muinntir na
Breatan féin mar gheall ortha. Is beag rud
is feárr le Breatnach nó buadhachtain ar
Shasanach i gcúrsaí ealadhan nó intleachta: agus
go deimhin is minic nach ródheacair é dhéanamh.
Agus an té sholáthruigheann ainm dó féin ar an
gcuma soin, cuirtar a chlú ar fuid na dtúithche
ar fad. Is tréith nár mhiste dhúinne i nÉirinn
athris air. Chítar damhsa gur breágh an ceangal
idir mhuinnntir náisiúin ar bith é. Is éachtach an
fonn oibre a chuireann sé ar lucht céirde agus
ealadhan chun gnímh fhóghanta a cheapadh. Agus
coimeádfaidh iad ó dhul i dtíorthaibh iasachta, a
d'iarraidh slighe mharthana, agus óna lot ag
nósaibh Gallda.
Do chuir Mr. Matthews leabhrán eile chugam
ó shoin, agus tá cur síos aige ann ar ealadhain
órnáide ina thír féin san tseanaimsir, agus ar an
gcongnamh a fhair an ealaidhain sin ó Shuilgein,
archinneach mhainistir Mhonaoi (Monmouth) san
t-aonadh aois déag. Cunntas anataithneamhach
iseadh é.
Do rugadh Suilgein ag Lion Badarn, i Sír
Chairdigean i mbliadhain a 1011. Fuair sé a
oileamhaint go hóg i scoileannaibh a thíre féin.
N-a dhiaidhsan do chuir sé chun teacht i nÉirinn a
d'iarraidh tuilleadh eoluis acht bhí an ghaoth agus
an fhairrge n-a choinnibh, agus do scóladh i dtír
é i nAlbain. Chaith sé cúig bliadhana annsúd agus
annsoin tháinig se go hÉirinn. Dobhí ainm mór
ar scoileanna na hÉireann an uair sin, agus ní
bheadh sé sásta gan dul ionnta. Tuairim is dhá
bhliadhain déag a thug sé ar scoil annso. Do
chuaidh sé thar n-ais abhaile agus do chuir sgoil
ar bun dó féin ag Llan Badarn, nó ag Monaoi.
Bhí sé pósta ar dtúis agus deir na hughdair
gur ceathrar mac a chlann a bhí aige. Ach do
réir Brut y Tywysogion, príomhchroinic na
Breatan do déineadh easpog dhe ar Mhonaoi,
1071. Do chuir sé suas den easpoguidheacht ar
feadh dhá bliadhain, 1076-8: acht b'éigin dó a
chúram do ghabhail an tarna huair; agus do
choinibh sé é go dtí go bhfuair sé bás i mblaidhain
a 1089.
Do réir dheallraimh, dobe' scoil Shuilgein an
scoil ba mhó clú sa Bhreatain, ar an ealadhain
órnáide. An ceathrar mac ag Suilgein féin,
bhíodar go hiongantach ar an gcéird. Rhygyfaren,
agus Arthen agus Daniel, agus Leuan a
n-ainmneacha. Agus is óna n-athair gan amhrus
dh'fhoghluimeadar í. Is follus an méid sin as an
dá phictiúir a ghabhann leis an aiste bhig seo.
Dhá leathanach iadsan as saltair, a sgríbh
Rhygyfaren, mac Shuilghein. Tá an leabhar soin
anois i gColláiste na Tríonóide i mBaile Átha
Cliath.
Tá a lán le rádh ag Mr. Matthews ar
órnáideacht cheiltigh san tseanaimsir. Is dóigh
leis gur beag baint a bhí aige le haon “scoil”
eile, acht gur fhás sé go nádúrtha insna ríoghachta
so. Gur i nÉirinn is mó fuair an ealadhain soin
réim agus buadh. Agus gur fhás géaga fé leith
uirthi sa Bhreatain agus i nAlbain. Níl slighe
agam, foríor, chun cunntas nísa chruinne a
thabhairt ar thuairimíbh an ughdair seo. An té
go dteastuigheann tuileadh eoluis uaidh, cuireadh
sé fios ar an leabhrán féin go dtí an Welsh
Publishing Co. i gCaernarfon. Agus táimíd
buidheach dhíobhsan agus don ughdar féin as ucht
an dá bhloc a thabhairt dúinn ar iasacht i gcóir na
haiste seo.
Torna.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11