Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir ó Úna Ní Fhaircheallaigh
Title
Litir ó Úna Ní Fhaircheallaigh
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir ó Úna Ní Fhaircheallaigh. A Chara, Goidé an cinéal cainte é seo chím sa “Chlaidheamh” le cúpla seachtmhain nó bhfuil sibh as bhur gcéill ar fad? An gcreideann duine ar bith agaibh go mbéinn-se ar taobh muinntir óg na tíre seo do chur isteach san arm Shacsanach nó iad do chur fá smacht na Sacsan? Má chreideann tá mearbhall air. Táim-se díreach i n-a choinne sin agus labhras go láidir i n-a choinne ar an gcruinniughadh so a bhfuil sibh ag trácht air. Thárla an cruinniughadh is na Trí Liaga cúpla lá i ndiaidh fuagra Chitsener do bheith is na páipéaraibh. Thaisbéan mé an páipéar do na hÓglachaibh agus d'iarras orra ar son Dé gan dul isteach san arm, gur bheag a thuill Citsener uainne i ndiaidh a ndearna sé i n-ár gcoinne tamall ó shoin agus gur bheag a thuill na Sacsanaigh uainne agus na chaoi i n-a bhfuil an tir bhocht seo fa láthair. Dubhras fosta do bhfuil na hÓglaoich uile do dhíth ar Éirinn féin agus gur chóir dhóibh seachas gach ní do bheith dílis dí-se. Rud eile adubhras agus deirim arís é - nach ceart dúinn a leigint do thír choimhthigheach eile brúghadh isteach orainn nó sinn do chur fá chois. Ba cheart sean- eolas a bheith againn ar a leithéid. Maidir le bheith ag cainnt ar gur cheart dúinn fáilte do chur roimh stáinséaraibh ar bith ní sclábhuidheach go dtí é. Ní chum saoireacht do thabhairt dúinn a thiocfadh. Ní abróchainn mar sin féin nach gcreideann na daoine cheapas sin go dtéidhfeadh sé chum tairbhe na hÉireann dá dtuiteadh sin amach. Cead ag gach duine a rogha smuaointe a bheith aige i n-a thaoibh sin fhad is tá sé dílis d'Éirinn. Acht ní fhuil sé ceaduigheach do dhuine ar bith crut mí-cheart do chur ar an ní adeirtear ar chruinniughadh. Is amaideach mar fhogha é óir bhí na mílte daoine i láthair agus cluas le héisteacht orra. A fhad is atá daoine i n-ar measg bhaineas pléisiúr as droch-mheas do chaitheamh ar a gcomharsabaibh ní thig linn bheith ag súil le beannacht Dé anuas ar ar gcuid oibre. Mise. Úna Ní Fhaircheallaigh. Gort a' Choirce. 6.ix,1914. [Ní raibh aon tuairisg sa Chlaidheadh ar an gcainnt a rinne Úna Ní Fhair- cheallaigh. Na daoine a rinne tagairt do'n chainnt sin níor innsigheadar céard dubhradh. Tá adhbhar casaoide ag ar gcaraid gur deineadh éagcóir uirthi agus tá súil againn nach ndéanfar a leithéid arís. F. an Ch.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services